Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feamnaigh
ainm briathartha: feamnú
a bheith le feamainn; dhá cur ar bruach nó amach ar na garrantaí le capall, asal nó eile; a bheith ag baint fheamainne agus dhá cur suas.
+
An bhfuil sé ag feamnú aríst inniu? Le capall agus srathair?
Ag feamnú a ghabhfas mé amárach faoina bheith slán dúinn. Tá díol lae ar bruach agam, agus leasóidh mé an garraí sin thoir as láimh
TUILLEADH (4) ▼
Céard atá do chinnire fhéin a dhéanamh inniu? … ag feamnú bail ó Dhia air! Teastaíonn sin fhéin. Dheamhan sop a chuir muide amach fós i mbliana
Nuair a bhíodh muid ag feamnú fadó, dhá dtéiteá de léim den talamh ar an gcapall ar chúla na srathra, ba mhinic a bhainfeá léim rúitín aici
Más ag dul ag feamnú atá tú, ní mór duit failicín choirce a thabhairt don asal sin. Níl sé in ann mallaigh móra a thabhairt in aghaidh drocharda ar phutógaí folamha
'Sí an cheird is luar liom beo a bheith ag feamnú. Tá sí an-tsraimlí. Níl snáth ar mo chraiceann nach bhfuil fliuch báite de bharr mo lae, agus gan baol ar bith orm a bheith réidh léithe fós

feamnaigh in iontrálacha eile (7)

 
cairt
Ar tháinig na cairteachaí aniar fós leis an bhfeamnaigh?
 
Feistigh an tsrathair sin ar an asal go dté mé ag feamnú
 
Chonaic mise forchosán ariamh ansin ag muintir an leathbhaile thoir nuair a bheidís ag feamnú as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead acu an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an duirling. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneáil as, má fhéadann sé. Is groí an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
 
Déarfainn gur sách fuarchúiseach a chuaigh sé 'na chladaigh inniu. Chuile cheird aige sin ach a chur ag feamnú
 
daigh
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
 
droim
Chinn uirthi an luascáinín feamainne a thabhairt aníos droim na trá. Rinne sí staic air. Is maith an capall í sin le dhul ag feamnú léithe
 
Rinne sé díchúis dom. Leag sé a raibh de chlaíochaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá anseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon ghair agam a thabhairt dó an lá céanna thar laethantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnú an lá céanna. Dúirt mé leis mura raibh aon dlús mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcionn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá smut air liom