Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feidheall: Padhall
/f′əiʟ/; /pəiʟ/
ainmfhocal; fireann
file, pile?
scata mór; scaoth; saithe; scuaine; uimhir mhór.
+
Tá feidheall (padhall) cuit annseo amuigh = scata
Tháinig feidheall meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uatha ceart
TUILLEADH (2) ▼
Tá padhall mádraí timpeall mó thí chuile oíche do mo choinneál ó chodladh. Sé saol na madraí é, agus ná bíodh an saol ag caint. Sean-asal an tincéara atá dhá dtarraint ann sílim. Dar ndú sé bás an chapaill beatha an mhadaidh.
Chonnaic mé feidheall franncaigh annsin thoir inné ag an gcróín. Thiúrfá luadháin orra

Féach freisin

Feidheall in iontrálacha eile (3)

 
feall 1
"Faltanas mhuintir Laidhe agus buille feidheall Chlann nDoncha" (feille /f′əiʟ/: /f′əiʟ′/. Tá sé ar chomhfhuaim le "Laidhe") = bhí sé de cháil ar Chlann nDoncha go raibh an buille feille ionta, agus go raibh faltanas i muintir Laidhe
 
doras
Is maith an stoc atá imbéal dorais anois agad: feidheall mádraí!
 
duine
Bhuailfeadh sé iad ó dhuine go duine, ach an uair a chuaidh feidheall aca air, bhí sé fánach aige