feidheal, padhal
—/f′əiʟ/, /pəiʟ/
—ainmfhocal, fireann
—
scata mór; scaoth; saithe; scuaine; uimhir mhór.
+–
Tá feidheal (padhal) cait anseo amuigh — scata
Tháinig feidheal meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uathu ceart
TUILLEADH (2) ▼
Tá padhal madraí timpeall mó thí chuile oíche do mo choinneáil ó chodladh. 'Sé saol na madraí é agus ná bíodh an saol ag caint. Seanasal an tincéara atá dhá dtarraingt ann sílim. Dar ndóigh sé bás an chapaill beatha an mhadaidh.
Chonaic mé feidheal francaigh ansin thoir inné ag an gcróín. Thabharfá luáin orthu
Féach freisin
→
padhal
feidheal in iontrálacha eile (3)
→
feall 1
"Faltanas mhuintir Laoi agus buille feidheal Chlann nDonncha" feille/f′əiʟ/: /f′əiʟ′/. Tá sé ar chomhfhuaim le Laoi — bhí sé de cháil ar Chlann nDonncha go raibh an buille feille iontu agus go raibh faltanas i muintir Laoi
→
duine
Bhuailfeadh sé iad ó dhuine go duine, ach nuair a chuaigh feidheal acu air, bhí sé fánach aige