Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feistiú
Briathar
Feistím agus rl.
1.
a.
téisclim, cur faoi réir, réiteach amach, deisiú, gléas, cóiriú.
+
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós len imeacht? = faoi réir; do chuid éadaighe ort, nó do chuid éadaigh athruithe agad etc
D'fheistigh sé é féin le dhul 'na bhaile mhóir = réitigh; d'athruigh sé éadach etc.
TUILLEADH (10) ▼
Nach hé atá feistithe amach 'un bóthair len a hata cúil agus a chuid miotóg
Is breá atá sé feistithe inniu = gléasta, cóirithe
Bean bhreá fheistithe a bhí inte = gléasta
Ná cur malrait éadaigh chor ar bith ort fhéin. Tá tú sách feistithe mar tá tú. Nach agad atá an cás faoi dhaoine?
Dar príosta, tá sé an-fheistithe inniu. Cáid ó chuir sé "culaith Mheiriocá" air fhéin (culaith ghalánta ar bith)
Bíonn sé cho feistithe le duine uasal chuile lá san mbliain
Ní scráibín é. Tá sé ro-fheistithe le bheith ag plé leis an láidhe
Nach hí atá feistithe suas in a péacóig againn!
Tá sé dhá fheistiú féin len imeacht
Deir siad go raibh a inín in Gaillimh ag damhsa, agus í feistithe in a máirnéalach = gléasta mar mháirnéalach
+
Feistigh an capall … Dar brí an leabhair, tá sé in am agad í a bheith feistithe agad feasta = an gléas nó na húmachaí a chur uirre
Feistigh an tsrathair sin ar an asal, go dteighe mé ag feamnadh
TUILLEADH (4) ▼
Chreidim go bhfuil an churach feistithe amach agaibh chun farraige = faoi réir le dhul chun farraige
Tá sé feistithe amach le dhul go Sasana = gach rud nach fuláir a dhéanamh le dhul go Sasana déanta aige
Tá poll fataí eile feistithe aige = críochnuithe, déanta
Bhí an leoraí feistithe len imeacht aige nuair a tháinig M. chuige ag iarraidh maircíocht'
b.
faoi réir; ollmhuithe.
+
Tá sé feistithe chun achrainn anois = deisithe nó faoi réir le dhul ag troid; stiúir achrainn air
Nach maith luath atá tú feistithe chun bréaga = réitithe amach; ag tosaí ag innsean bhréag
TUILLEADH (3) ▼
D'fheistigh sé amach é fhéin le dhul ag gabhail fhoinn = chuir sé goití foinn air fhéin
Ní raibh mé feistithe le dhul ag damhsa an uair a chuaigh an dream eile ar an urlár = faoi réir
Dheamhan a bhfuil muide feistithe fós muise le dhul ag cur. Níl aon-léasú againn
·
Bheadh na faiceannaí feistithe ag lucht na tórradh agus thosóidís ag lascadh "an Dá Cheannaí" cho luath agus a thiocfaidís isteach
+
Tá sé feistithe faoi chomhair an tsagairt i mbliana = tá an teach réitithe amach aige l'aghaidh na "héisteachta" ("stations")
Is teach feistithe é = gléasta; gach rud ann a theastaíos idteach
TUILLEADH (1) ▼
Tá párlús cho feistithe annsin agus a d'fheicfeá thoir tigh an L. = cho hornáilte; deisithe amach
c.
goití a chur ort féin.
+
D'fheistigh N. chuige agus chuir sé suas "speár" leis = theann sé isteach chuig an bhfear eile
Tháinig sí ag an doras ag M. le dhul ag sciollaíocht uirre, ach bhí M. feistithe roimpe = faoi réir í féin le dhul ag troid
TUILLEADH (1) ▼
Más ag iarraidh sáraíocht atá tú, teirigh soir chuig D. Ph. Beidh sé sin feistithe rómhat, agus is maith a chruthós tú nó tiúrfaidh sé focal ar an bhfocal dhuit
2.
fastú, géibheann, socrú.
a.
+
D'fheistigh sé an bád san gcéibh = a ceangal, a fastú, geibheann a chur uirre i gcaoi agus nach n-imeódh sí
D'fheistíomar an curach i gcaladh beag a bhí ann
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta aithinte gur dona an feistiú a thug siad uirre, nó nach n-imeodh sí = bád
"Thug sé feistiú lae agus bliana ar an mbád nar bhaol di grian dhá scoilteadh ná gaoith dhá corraí, nó go dteagadh sé féin ar ais aríst" (gnath-sheoraí sna scéalta)
b.
+
Thug sí feistiú róid ar an mbád = an feisteas nó an bannaí chomhnaí a thugtar ar bháid agus ar longa amuigh ar an ród nó ar mheath iascaigh nó ar mhuráite; an t-ancoire a chaitheamh amach agus rl.; deirtear freisin le feistiú i gcaladh nó i gclochar báid, nó i gcéibh é
Tá feistiú róid ar an bpúcán annseo thiar san gcéibh
TUILLEADH (2) ▼
Tiúrfaidh sé feistiú róid uirre annsiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
Chuir muid feistiú róid uirre san gclochar. Is gearr go luighfidh sí
c.
+
Feistithe faoi san teach seo thiar atá sé anois chuala mé = socruithe nó curha faoi
Ná tugaighí cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó 'ur gceann finne ní chuirfidh as é
TUILLEADH (4) ▼
An bhfuil a fhios agad cé a fheicim feistithe faoi thíos san ngarraí ag A. ach M. an Ch. Sclábhaí maith a mh'aisce!
Má fhaghann sé feistithe san gclúid, ní fhágfaidh sé í go maidin
Tá sé ag feistiú annsiúd anois leis an oíche a chaitheamh ann = dhá shocrú féin; ag cur goití agus cumaí air fhéin nach bhfágfaidh sé é go maidin
Má tá sé feistithe isteach chun boird, ní eireóidh sé as imirt go ceann fada

Feistiú in iontrálacha eile (3)

 
fuaigh
Bhí an bád feistithe i gclochar san bhfuaighe againn, agus scannraigh [muid] agus cho gárha agus a tháinig an oíche, go bhfuadóchaí orainn í
 
Séard atá sa gceann is óige cailín Domhnaigh críochnuighthe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
 
díth
Díth córach agus tuaifisc fairrge a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Marach sin bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon-ghoir againn a dhul ina h-aghaidh. Bhí sí ro-theann 'sa mbun sin