1.
a.
téisclim, cur faoi réir, réiteach amach, deisiú, gléas, cóiriú.
+–
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós le n-imeacht? — faoi réir; do chuid éadaí ort, nó do chuid éadaigh athraithe agat srl.
D'fheistigh sé é féin le dhul 'na bhaile mhóir — réitigh; d'athraigh sé éadach srl.
TUILLEADH (10) ▼
Nach é atá feistithe amach chun bóthair lena hata cúil agus a chuid miotóg
Is breá atá sé feistithe inniu — gléasta, cóirithe
Bean bhreá fheistithe a bhí inti — gléasta
Ná cuir malrait éadaigh chor ar bith ort fhéin. Tá tú sách feistithe mar atá tú. Nach agat atá an cás faoi dhaoine?
Dar príosta, tá sé an-fheistithe inniu. Cáid ó chuir sé culaith Mheiriceá air fhéin culaith ghalánta ar bith
Bíonn sé chomh feistithe le duine uasal chuile lá sa mbliain
Ní scráibín é. Tá sé rófheistithe le bheith ag plé leis an láí
Nach í atá feistithe suas ina péacóig againn!
Tá sé dhá fheistiú féin le n-imeacht
Deir siad go raibh a inín i nGaillimh ag damhsa agus í feistithe ina mairnéalach — gléasta mar mhairnéalach
+–
Feistigh an capall … Dar brí an leabhair, tá sé in am agat í a bheith feistithe agat feasta — an gléas nó na húmachaí a chur uirthi
Feistigh an tsrathair sin ar an asal go dté mé ag feamnú
TUILLEADH (4) ▼
Chreidim go bhfuil an churach feistithe amach agaibh chun farraige — faoi réir le dhul chun farraige
Tá sé feistithe amach le dhul go Sasana — gach rud nach foláir a dhéanamh le dhul go Sasana déanta aige
Tá poll fataí eile feistithe aige — críochnaithe, déanta
Bhí an leoraí feistithe le n-imeacht aige nuair a tháinig M. chuige ag iarraidh marcaíochta
b.
faoi réir; ollmhaithe.
+–
Tá sé feistithe chun achrainn anois — deisithe nó faoi réir le dhul ag troid; stiúir achrainn air
Nach maith luath atá tú feistithe chun bréaga — réitithe amach; ag tosaí ag insin bhréag
TUILLEADH (3) ▼
D'fheistigh sé amach é fhéin le dhul ag gabháil fhoinn — chuir sé goití foinn air fhéin
Ní raibh mé feistithe le dhul ag damhsa nuair a chuaigh an dream eile ar an urlár — faoi réir
Dheamhan a bhfuil muide feistithe fós muise le dhul ag cur. Níl aon léasú againn
·
Bheadh na faiceannaí feistithe ag lucht na tórramh agus thosóidís ag lascadh "an Dá Cheannaí" chomh luath agus a thiocfaidís isteach
+–
Tá sé feistithe faoi chomhair an tsagairt i mbliana — tá an teach réitithe amach aige le aghaidh na héisteachta (stations)
Is teach feistithe é — gléasta; gach rud ann a theastaíos i dteach
TUILLEADH (1) ▼
Tá parlús chomh feistithe ansin agus a d'fheicfeá thoir tigh an L. — chomh hordnáilte; deisithe amach
c.
goití a chur ort féin.
+–
D'fheistigh N. chuige agus chuir sé suas speár leis — theann sé isteach chuig an bhfear eile
Tháinig sí ag an doras ag M. le dhul ag sciollaíocht uirthi, ach bhí M. feistithe roimpi — faoi réir í féin le dhul ag troid
TUILLEADH (1) ▼
Más ag iarraidh sáraíocht atá tú, téirigh soir chuig D. Ph. Beidh sé sin feistithe romhat, agus is maith a chruthós tú nó tabharfaidh sé focal ar an bhfocal dhuit
2.
fostú, géibheann, socrú.
a.
+–
D'fheistigh sé an bád sa gcéibh — a ceangal, a fostú, geibheann a chur uirthi i gcaoi is nach n-imeodh sí
D'fheistíomar an curach i gcaladh beag a bhí ann
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta a aithinte gur dona an feistiú a thug siad uirthi nó nach n-imeodh sí — bád
"Thug sé feistiú lae agus bliana ar an mbád nár bhaol di grian dhá scoilteadh ná gaoith dhá corraí nó go dteagadh sé féin ar ais aríst" (gnathsheoraí sna scéalta)
b.
+–
Thug sí feistiú róid ar an mbád — an feisteas nó an bannaí chónaí a thugtar ar bháid agus ar longa amuigh ar an ród nó ar mheath iascaigh nó ar mhuráite; an t-ancaire a chaitheamh amach srl.; deirtear freisin le feistiú i gcaladh nó i gclochar báid nó i gcéibh é
Tá feistiú róid ar an bpúcán anseo thiar sa gcéibh
TUILLEADH (2) ▼
Tabharfaidh sé feistiú róid uirthi ansiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
Chuir muid feistiú róid uirthi sa gclochar. Is gearr go luífidh sí
c.
+–
Feistithe faoi sa teach seo thiar atá sé anois chuala mé — socraithe nó curtha faoi
Ná tugaidh cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó bhur gceann fine ní chuirfidh as é
TUILLEADH (4) ▼
An bhfuil a fhios agat cé a fheicim feistithe faoi thíos sa ngarraí ag A. ach M. an Ch. Sclábhaí maith a mh'aisce!
Má fhaigheann sé feistithe sa gclúid, ní fhágfaidh sé í go maidin
Tá sé ag feistiú ansiúd anois leis an oíche a chaitheamh ann — dhá shocrú féin; ag cur goití agus cumaí air fhéin nach bhfágfaidh sé é go maidin
Má tá sé feistithe isteach chun boird, ní éireoidh sé as imirt go ceann fada
feistigh in iontrálacha eile (11)
Dheamhan is móide leithphínn rua ag an bhfear ach go bhfuil sé an-fheistithe, agus nach in é a mbíonn cailíní óga a iarraidh. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht, mar adeireadh M. Bh. fadó.
→
buail ar
Tá a theach buailte ar an gcladach. Is beag nach bhféadfadh sé an bád a fheistiú ar an teallach.
→
fuaigh
Bhí an bád feistithe i gclochar sa bhfuaigh againn agus scanraigh muid agus chomh gártha agus a tháinig an oíche, go bhfuadófaí orainn í
→
dochar
Ní gan dochar bicycle a fheistiú anois, dhá mbeadh na bícéid a bhíos air le fáil féin — rud nach bhfuil! An bhfuil a fhios agat cé mhéad a thug mé ar dhá tyre anuraidh sa mb. Trí phunt coróin. Ó dheamhan an oiread is a dhéanfadh torann ar leic a fuair mé as. Ach buíoch beannachtach a bhí mé agus a bhfáil ar an méid sin fhéin
→
Domhnach
Séard atá sa gceann is óige, cailín Domhnaigh críochnaithe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
→
drabhlás
Diabhal mé go sílfeá go mbíodh an-drabhlás san éadach a bhíodh ann fadó. Dá mbeadh méid ar bith in do ghiota flainín nach bhfeisteodh sé amach lán tí. Ach an leámháinín siopa sin, gheofá an saol dó (de) agus ní thiocfadh sé i bhfad ná i ngearr ina dhiaidh sin. Ní mór do dhuine a bheith imithe dhá cheannacht chaon dara lá. A Thiarna Dé nach é an saol a d'imigh ón uair a mbíodh mná ag sníomhachán ó oíche go maidin. Is gearr nach mbeidh tuirne sa tír
→
drandal
Tá an iníon ceart go leor, ach fan go bhfeistí an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuire sé drandal an mhagaidh air féin. Nuair a bhíos an stiúir sin air, agus a théas sé ar mhagadh ceart, splancfadh sé aon duine faoin domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is bia agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais den tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-ionadh liom nach minic a maraíodh é
'Sé a bhí díocasach ag dul ag baint mhóna i mbliana. An té a d'fheicfeadh ag dul suas é agus é feistithe amach, déarfadh sé go ndéanfadh sé cat agus dá rioball. Ach dheamhan mogall a rinne sé ariamh, ainneoin gur chaith sé trí lá ann, ach tuairim is trí fhad an tí seo a scrathadh. Do Sh. Th. ab éigean an mhóin a bhaint
→
díth
Díth córach agus tuaifisc farraige a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Murach sin, bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon ghair againn a dhul ina haghaidh. Bhí sí rótheann sa mbun sin
→
téigh do
Bhí mé ag dul don tsiúinéireacht le trí lá, ach níl aon bhaol uirthi fós. Is meata an cheird teach nua a fheistiú amach ceart