Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feóil
Ainmfhocal; Buineann
Geiniúnach Uathaidh: na feóla
Uimhir Iolraidh: feóileanna.
1.
substaint i gcolainn duine nó beitheach; saill; méitheas; reimhreacht.
a.
+
Níl fuil ná feóil ann anois = tá sé caite, suaite, tanaí
Tá feóil air, bail ó Dhia air! = é reamhar beathuithe
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé faoi fheoil uilig anois
Tá cloigeann feola air baile ó Dhia air = a chloigeann an-reamhar
Is diabhlaí na fonnsaí feóla atá air (fc. fonnsa)
+
Thuit sé i bhfeóil uilig ó a chonnaic mise cheana é = tháinig feóil air; reamhruigh sé
Cáid ó 'thuit tú i bhfeóil mar sin? … Tá tú as do chuma ar fad
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag tuitim (ag dul) chun feóla ar fad = ag reamhrú
Tá an bullán sin ag cur feóla suas
An díomhaontas atá ag cur feóla air
Tá feóil ag teacht air = é ag ramhrú
Mara mbeidh an fheóil orra (gamhna) ní bheidh aon-imeacht orra
Is mór a d'imigh an fheóil dhe ó a chonnaic mise go deireannach é
Sin í an obair atá indon an fheóil a bhaint anuas = duine a thanuíochan
Má theagann tú seachtain ag scaradh móna agamsa bainfidh sin an fheóil dhíot, feicfidh tú fhéin air
Níl tada feola anois air = níl sé ro-reamhar
·
Chuaigh an tsnáthaid idir fheóil agus leathar ionam = gan a dhul ro-mhór san mbeó, ach idir an forchraiceann agus an fheóil
Thug an táirne scríobadh éadrom idir fheóil agus leathar dom, agus ba deacair leis cneasú in a dheidh sin
+
Cuir feóil uirre seo = suidh síos uirre seo (duine ag síneadh cathaoir nó stól chuig duine le suí síos)
Seo cathaoir dhuit agus cuir thú féin feoil uirre. Is dhuit is fusa bail ó Dhia ort (mar dhóigh dhe go raibh sé beathuithe)
TUILLEADH (3) ▼
Seo stól agus cuir thú fhéin feóil air … Ní shuidhfidh tú! Ara déan do chuairt ó b'annamh leat thú a chastáil go dtí muid
Sé do bheatha! Sé do bheatha! Sé an síol nua thú a fheiceál. Ní raibh tú againn cheana lena cianta. Foighid ort! Seo cathaoir duit agus tá tú féin indon feóil a chur uirre bail ó Dhia ort. Níor tháinig aois ná aimsir ort ó a chonnaic muid go deireannach thú. Diabhal é muis
Cuir feóil ar an teinteán sin thall. Is ann is teócha dhuit. Ní fhéadfá gan a bheith fliuch, agus an bháisteach atá ann. Deasuigh anuas go maith
b.
·
Muicfheoil (feoil na muice) mairtfheoil, caoirfheoil, laoighfheoil, fiadhfheoil, uainfheoil, cuitfheoil, broicfheoil, feoil chapaill agus rl. = cineálachaí feola
+
Deir siad nach mbeadh locht ar bith ar fheóil chapaill, dhá bhfaghadh duine deas catach í. Sí atá siad a chaitheamh amach sna réigiúin ar fad. Níl a malrait aca
Ba cheart go mbeadh broicfheóil go maith. Bíonn go leór saill' ar an mbroc
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh triúr dreáthar ar aimsir ag fear. Thug sé cead do chaon duine aca a rogha feóla a thógáil. Thóig duine aca muicfheoil, an ceann eile mairtfheóil, agus an tríomhadh dreáthair caoirfheóil. I gceann na bliana, d'fhiafruigh sé d'fhear na muicfheóla céard a bhí sé indon a dhéanamh. "Dhéanfainn mo chac ar éigin" adeir sé. "Shiúilfinn ar an gclaidhe is corraí san tír tá mé cho croidhiúil sin", adeir fear an caoirfheóla. "Tharraingeóinn crann as a lúdrachaí" adeir fear na mairtfheóla. Ba shin é an buachaill! Níl spreacadh ar bith san muicfheóil
+
Níor ith mé aon-fheóil chearc le fada = an fheóil a bhíos ar chearca
Duine atá meath-thinn mar sin níl aon-cheo len a thabhairt suas ach feóil shicíní
TUILLEADH (2) ▼
Mil mheach (nó smior mairt), feóil chearc agus bainne bó gamhnach: sin í beatha an bhulaí
Smior mairt, feóil chearc agus bainne bó gamhnach a d'fhaghadh Leadaí na Luaithe fadó, agus ní raibh cinneadh ar bith leis. Tá an fheóil chearc thar cíonn, ach a fáil go deas bog
+
Ní chaitheann sí feóil ar bith, mar níl a chead aice = itheann
Ní dheachaidh pota na feola síos fós (ar an teine)
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhfuair tú aon-ghreim den fheóil?
Itheann sé sin greamannaí feóla
Faghann sí gríscíní feóla. Níl anshógh ar bith uirre
Bhí corna feóla (daba feóla, píosa feóla etc.) ag teacht abhaile aige
Tá sé gránuithe (gráinithe) ar an bhfeóil
Tá sib ó fheóil muise inniu, faoi nach dtáinig sib isteach in am ag ur ndínnéar
In aice an chnáimh is milse a bhíos an fheóil (seanfhocal)
+
An té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú dhó an eanraith = is maith an rud cuid dhá shásamh; is mór is fiú riar fhéin mara bhféada duine mian a chroí nó breith a bhéil fhéin a fháil
Níl aon-phoitín le fáil, ach b’fhéidir go mbainfeá do ghaisneas as gloine dhó seo. 'Ar ndú' an té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú an eanraith
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfuair tú í le dhul ag damhsa léithe, ach nach bhfaca tú mise ag damhsa léithe agus nach raibh sé cho maith! An té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú dhó an eanraith!
c.
+
Feóil dhubh agus feóil bhán; truaghfheóil agus méithfheóil = lean agus fat
Ní féidir an chaoirfheoil sin a ithe. Tá sí ro-oiltiúil. Feóil bhán uilig í
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh saill ar bith san mairtfheoil sin. Ba feóil dhubh í as éadan.
Tá an iomarca den mhuicfheóil bhán sin go dona. D'aireóinn an-cheasúil í@
Tá an chaoirfheóil sin colúil. Bheadh col agamsa léithe ar chaoi ar bith. Feóil bhán uiliog í
Nach hé atá éiseallach nach n-íosfadh ach feóil dhubh. Ba mhaith leis a fáil, dubh ná bán, roimhe seo. M'anam muise go n-íosfadh daoine eile í, idir gheir agus shaill agus eile
Fuair mé daba de mhairtfheóil bhán agus ní fhéadfainn béal a leagan uirre. Chuirfeadh sí aghaidh mo ghoile aníos ar an toirt.
Sí an fheóil dhubh sin is séimhe dhuit len ithe. Is iomdha duine nach mbeadh coimpléasc ar bith aige leis an bhfeoil bhán a ithe. Go dtí le goirid fhéin, ní fhéadfainn fhéin drannadh léithe. Dhá ndrannainn chuirfeadh sí ó ithe mo chodach ar fad mé. Ach bainim ceart maith anois di
2.
+
Feóil bheo = beithigh, muc, eallach agus rl.
Feóil anachain = muca nó beithigh nó eallach a chailleadh, nó iad a bheith tinn i gcruth agus nach mbeadh aon-tsúil leó, agus go maróchaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Go méaduighe Dia feoil bheó agus daoine slána agaibh = buíochas a thiúrfadh duine as ucht béilí, go háirid béile a mbeadh feóil air; ach deirtear le béile ar bith é
Nár thuga Dia feóil anachain duinn! = nuair a bheadh beitheach ar a chailleadh nó tinn, nó nuair a bheithí ag trácht ar fheóil, nó daoine a bheith ag strócadh ag iarraidh feóla
Go méaduighe Dia feóil bheó agus daoine slána agaibh, agus nar thuga Dia feóil anachain duinn = cuirtear an dá rud le chéile mar seo ag tabhairt bhuíochais as ucht béilí {{(fc. beó, anachain
3.
+
Feóil chapaill nó móin fheóil chapaill = dabaí móra a bhíos san móin ar dhath na móna. Caithfidh tú an láighe a chur dhá baint, agus a caitheamh amach as an bportach. I bportaigh boga a bhíos sí. B'fhéidir go dtiocfadh tuairt uisce aníos de léim as an bportach sin, agus bháithfeadh sé an áit. Chaithfeadh sé ar feadh an lae ag teacht as. Gheobhfá feóil chapaill i bportach an-éascaidh, ach go mbeadh na dabaí sin ann. Bíonn na dabaí féin an-roighin, an-docht.
Ní féidir ceart ar bith a bhaint de na portaigh atá suas amach againn. Feóil chapaill ar fad iad
TUILLEADH (2) ▼
Tá carcaireacha den mhóin fheóil chapaill san bportach siúd agus é ag déanamh uisce ar an darna barr. Is olc an ailím é le dhul ag plé leis.
Níl sé deacair chor ar bith, ach caithfidh tú an láighe a bheith agad chuile phuinnte in a éadan. Tá sé faoi fheóil chapaill as cnáimh éadain

Féach freisin

Feóil in iontrálacha eile (5)

 
Dheamhan thiomanta fiacail a leagfadh sé ar a bhéilí nuair nach bhfuigheadh sé feóil
 
Bhuail ráig bhuinní mé in a diaidh, agus annsin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feóil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Sean-réithe bradach eicínt a bhí in a leathar le aois
 
Tá feóil fhuar-bhruite annsin thuas má tá aon-tsaint agad inti
 
fuar 2
Feóil fhuar, uisce fuar, bainne fuar, etc. = gan a mbruith nó a bhfeochadh
 
de
Feóil ar maidin agus feóil trathnóna agus feóil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aice!