Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feoil
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na feola
uimhir iolra: feoileanna
1.
substaint i gcolainn duine nó beathach; saill; méitheas; reimhreacht.
a.
+
Níl fuil ná feoil ann anois — tá sé caite, suaite, tanaí
Tá feoil air, bail ó Dhia air! — é ramhar beathaithe
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé faoi fheoil uilig anois
Tá cloigeann feola air bail ó Dhia air — a chloigeann an-ramhar
Is diabhlaí na fonsaí feola atá air (fc. fonsa)
+
Thit sé i bhfeoil uilig ó chonaic mise cheana é — tháinig feoil air; ramhraigh sé
Cáid ó thit tú i bhfeoil mar sin? … Tá tú as do chuma ar fad
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag titim (ag dul) chun feola ar fad — ag ramhrú
Tá an bullán sin ag cur feola suas
An díomhaointeas atá ag cur feola air
Tá feoil ag teacht air — é ag ramhrú
Mura mbeidh an fheoil orthu (gamhna), ní bheidh aon imeacht orthu
Is mór a d'imigh an fheoil dhe ó chonaic mise go deireanach é
Sin í an obair atá in ann an fheoil a bhaint anuas — duine a thanaíochan
Má theagann tú seachtain ag scaradh móna agamsa bainfidh sin an fheoil dhíot, feicfidh tú fhéin air
Níl tada feola anois air — níl sé róramhar
·
Chuaigh an tsnáthaid idir fheoil agus leathar ionam — gan a dhul rómhór sa mbeo, ach idir an forchraiceann agus an fheoil
Thug an tairne scríobadh éadrom idir fheoil agus leathar dom agus ba deacair leis cneasú ina dhiaidh sin
+
Cuir feoil uirthi seo — suigh síos uirthi seo. Duine ag síneadh cathaoir nó stól chuig duine le suí síos
Seo cathaoir dhuit agus cuir thú féin feoil uirthi. Is dhuit is fusa bail ó Dhia ort (mar dhóigh dhe go raibh sé beathaithe)
TUILLEADH (3) ▼
Seo stól agus cuir thú fhéin feoil air … Ní shuífidh tú! Ara déan do chuairt ó b'annamh leat thú a chastáil go dtí muid
‘'é do bheatha! 'Sé do bheatha! 'Sé an síol nua thú a fheiceáil. Ní raibh tú againn cheana le na cianta. Foighid ort! Seo cathaoir duit agus tá tú féin in ann feoil a chur uirthi bail ó Dhia ort. Níor tháinig aois ná aimsir ort ó chonaic muid go deireanach thú. Diabhal é muis
Cuir feoil ar an tinteán sin thall. Is ann is teocha dhuit. Ní fhéadfá gan a bheith fliuch agus an bháisteach atá ann. Deasaigh anuas go maith
b.
·
Muiceoil (feoil na muice), mairteoil, caoireoil, laofheoil, fiafheoil, uaineoil, caiteoil, broiceoil, feoil chapaill srl. — cineálachaí feola
+
Deir siad nach mbeadh locht ar bith ar fheoil chapaill, dhá bhfaigheadh duine deas catach í. 'Sí atá siad a chaitheamh amach sna réigiúin ar fad. Níl a malrait acu
Ba cheart go mbeadh broiceoil go maith. Bíonn go leor saille ar an mbroc
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh triúr deartháir ar aimsir ag fear. Thug sé cead do chaon duine acu a rogha feola a thógáil. Thóg duine acu muiceoil, an ceann eile mairteoil, agus an tríú deartháir caoireoil. I gceann na bliana, d'fhiafraigh sé d'fhear na muiceola céard a bhí sé in ann a dhéanamh. 'Dhéanfainn mo chac ar éigean,' adeir sé. 'Shiúlfainn ar an gclaí is corraí sa tír tá mé chomh croíúil sin,' adeir fear an caoireola. 'Tharraingeoinn crann as a lúdrachaí,' adeir fear na mairteola. Ba in é an buachaill! Níl spreacadh ar bith sa muiceoil
+
Níor ith mé aon fheoil chearc le fada — an fheoil a bhíos ar chearca
Duine atá meath-thinn mar sin níl aon cheo lena thabhairt suas ach feoil shicíní
TUILLEADH (2) ▼
Mil mheach (nó smior mairt), feoil chearc agus bainne bó gamhnach: sin í beatha an bhulaí
Smior mairt, feoil chearc agus bainne bó gamhnach a d'fhaigheadh Leadaí na Luatha fadó, agus ní raibh cinneadh ar bith leis. Tá an fheoil chearc thar cionn ach a fáil go deas bog
+
Ní chaitheann sí feoil ar bith mar níl a chead aici — itheann
Ní dheachaigh pota na feola síos fós (ar an tine)
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhfuair tú aon ghreim den fheoil?
Itheann sé sin greamannaí feola
Faigheann sí gríscíní feola. Níl anó ar bith uirthi
Bhí corna feola (daba feola, píosa feola srl.) ag teacht abhaile aige
Tá sé gráinithe ar an bhfeoil
Tá sibh ó fheoil muise inniu, faoi nach dtáinig sibh isteach in am ag bhur ndinnéar
In aice an chnáimh is milse a bhíos an fheoil (seanfhocal)
+
An té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú dhó an anraith — is maith an rud cuid dhá shásamh; is mór is fiú riar fhéin mura bhféada duine mian a chroí nó breith a bhéil fhéin a fháil
Níl aon phoitín le fáil, ach b'fhéidir go mbainfeá do ghaisneas as gloine dhó seo. Ar ndóigh an té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú an anraith
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfuair tú í le dhul ag damhsa léithe, ach nach bhfaca tú mise ag damhsa léithe agus nach raibh sé chomh maith! An té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú dhó an anraith!
c.
+
Feoil dhubh agus feoil bhán; truafheoil agus méithfheoil lean agus fat
Ní féidir an chaoireoil sin a ithe. Tá sí ró-oiltiúil. Feoil bhán uilig í
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh saill ar bith sa mairteoil sin. Ba feoil dhubh í as éadan.
Tá an iomarca den mhuiceoil bhán sin go dona. D'aireoinn an-cheasúil í
Tá an chaoireoil sin colúil. Bheadh col agamsa léithe ar chaoi ar bith. Feoil bhán uileag í
Nach é atá éisealach nach n-íosfadh ach feoil dhubh. Ba mhaith leis a fáil, dubh ná bán roimhe seo. M'anam muise go n-íosfadh daoine eile í, idir gheir agus shaill agus eile
Fuair mé daba de mhairteoil bhán agus ní fhéadfainn béal a leagan uirthi. Chuirfeadh sí aghaidh mo ghoile aníos ar an toirt.
'Sí an fheoil dhubh sin is séimhe dhuit le n-ithe. Is iomaí duine nach mbeadh coimpléasc ar bith aige leis an bhfeoil bhán a ithe. Go dtí le gairid fhéin, ní fhéadfainn fhéin drannadh léithe. Dhá ndrannainn, chuirfeadh sí ó ithe mo chodach ar fad mé. Ach bainim ceart maith anois di
2.
+
Feoil bheo — beithígh, muc, eallach srl.
Feoil anachain — muca nó beithígh nó eallach a chailleadh, nó iad a bheith tinn i gcruth is nach mbeadh aon tsúil leo, agus go marófaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh — buíochas a thabharfadh duine as ucht béilí, go háirid béile a mbeadh feoil air; ach deirtear le béile ar bith é
Nár thuga Dia feoil anachain dúinn! — nuair a bheadh beathach ar a chailleadh nó tinn, nó nuair a bheifí ag trácht ar fheoil, nó daoine a bheith ag stróiceadh ag iarraidh feola
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh agus nár thuga Dia feoil anachain dúinn — cuirtear an dá rud le chéile mar seo ag tabhairt bhuíochais as ucht béilí (fc. beo, anachain)
3.
+
Feoil chapaill nó móin fheoil chapaill — dabaí móra a bhíos sa móin ar dhath na móna. Caithfidh tú an láí a chur dhá baint agus a caitheamh amach as an bportach. I bportaigh boga a bhíos sí. B'fhéidir go dtiocfadh tuairt uisce aníos de léim as an bportach sin agus bháfadh sé an áit. Chaithfeadh sé ar feadh an lae ag teacht as. Gheofá feoil chapaill i bportach an-éasca, ach go mbeadh na dabaí sin ann. Bíonn na dabaí féin an-righin, an-docht.
Ní féidir ceart ar bith a bhaint de na portaigh atá suas amach againn. Feoil chapaill ar fad iad
TUILLEADH (2) ▼
Tá carcaireacha den mhóin fheoil chapaill sa bportach siúd agus é ag déanamh uisce ar an darna barr. Is olc an ailím é le dhul ag plé leis.
Níl sé deacair chor ar bith, ach caithfidh tú an láí a bheith agat chuile phointe ina éadan. Tá sé faoi fheoil chapaill as cnáimh éadain

Féach freisin

feoil in iontrálacha eile (50+)

 
fear
Dar príosta, tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feola a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
 
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheoil an-righin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thabharfá de shamhail dó ach cat ag cangailt fáideoige
 
cailm
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann is punt feola inné!
 
ceal 1
Níl cheal feola ar bith anois oraibh. Nach feoil atá le caitheamh amach ag na daoine ar an saol seo!
+
ceas
'Cheannaigh mé cupla ronnach do Sh,' adeir sí, 'tá ceas aige air fhéin leis an bhfeoil, agus tá sé gráinithe uirthi. Ní mór dhó malrait bídh a fháil.' Shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharam é. Bhí sé chomh maith dhom
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé chomh súite ag an bhfeoil agus nár éirigh sé aisti gur chuir sé ceas air fhéin léithe.
+
Feoil cheasúil í an mhairteoil sin — láidir, oiltiúil nó gan a bheith saillte ceart
TUILLEADH (6) ▼
Feoil an-cheasúil í an mhuiceoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mura bhfaighinn ruainne dubh, ní bhacfainn chor ar bith léithe.
Bíonn an fheoil a bhíos ar na bulláin ramhraithe sin, rócheasúil. Ach creidim gur beag an locht a fhaigheanns na Sasanaigh uirthi ina dhiaidh sin.
Beidh feoil an-cheasúil air sin, arae tá go leor saille air. Ní thaitneodh sé liom le marú, ach bíodh do chomhairle fhéin agat.
Tá sé an-éisealach. Ní bhlaisfeadh sé de ghreim ar bith feola a mbeadh boladh ar bith uirthi. Ach ní móide go dtagann an fheoil cheasúil sin leis. Is iomaí duine nach dtagann.
Feictear dhom, théis gurb í sin feoil na hÉireann (muiceoil na hÉireann), go bhfuil sí an-cheasúil. Tá mé ag glacadh col léithe ar fad.
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
 
Tá Seán Sh. in aon chorcán amháin — iata le feoil — anois. Is maith a chuaigh imirce dhó.
 
Nach í atá gortach murar thug sí dhuit ach cupáinín tae cosnochtaithe agus a fhusacht di cupla ubh nó greim feola a chaitheamh síos duit, agus fios aici go raibh aistear fada ort.
+
Dhá mbeadh ruainnín ar bith feola againn leis an ngabáiste a bhealú, d'íosfadh muid greadlach bhreá dhi (.i. den ghabáiste)
TUILLEADH (3) ▼
Má bealaíodh nó má bruitheadh an ghabáiste sin i bhfeoil, níl aon chead ite uirthi inniu (Dia hAoine)
Tá sé chomh dona an gabáiste sin a ithe leis an bhfeoil fhéin, má bealaíodh le feoil í.
Féadfaidh tú an ghabáiste sin a ithe; tá sí bealaithe go breá le feoil.
+
Is lena bheith tur dóibh muis, a bheith taobh leis an méid sin bealaíochta. Cáide a thiocfas puintín gágach feola ar lán tí.
TUILLEADH (9) ▼
Mise i mbannaí gur fhan sé in aice na bealaíocht. Nach é atá beadaí go bhfaighe sé feoil.
Cáide orthu fhéin an méid sin bealaíochta. Is beag an teirgéis feola a gheobhas tú anois ar do dhá scilling.
Go dtuga an diabhal thairis a chuid bealaíochta, crosaim aríst é! I leaba a dhul ag ceannacht fheola, ba chóra dhó go mór fada balcaisí eicínt éadaigh a cheannacht dá chuid clainne atá ag imeacht agus gan snáth de na seacht n-éadaí orthub.
Nach dúlaí atá sí sa bhfeoil i gcónaí? Níor mhiste léithe í fhéin a chur de dhroim tí ach bealaíocht a choinneáil léithe fhéin!
Airím bealaíocht bheag fheola ann inniu.
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
Is beag an bhealaíocht atá ag an tír, agus tá déanamh dá huireasa acub. Ach nuair a bheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leob bealaíocht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as an gcleachtadh sibh feasta. Tá feoil ródhaor anois le í a choinneáil libhse.
Bhí pota breá fataí ag gáirí bruite aici, agus bealaíocht fheola ina aice sin, agus murar leag muide orthub ní lá go maidin é.
Ní bheadh aon chur suas de bhealaíocht bheag fheola agam dá dtairgthí dhom í, ach dheamhan tairiscint.
+
crinn
Má fhaigheann sé siúd aon ligean ar do choileachín, an bord ní fhágfaidh sé go gcrinne sé an cnáimh deireanach, arae tá sé dúlaí ag an bhfeoil.
TUILLEADH (1) ▼
'Dheamhan ceo feola anseo anois agat mura gcrinne tú cnámha, agus tá mé ag ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orthub sin fhéin.
+
Tabhair cráisiléad air! Thit sé i bhfeoil ar fad le gairid, pé ar bith céard atá sé a chaitheamh atá dhá chur ar an gcuma siúd.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an dícheall don chráisiléad siúd an bóthar a shiúl lena bhfuil d'fheoil air.
+
beo 1
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn (agaibh srl.) — beannacht nó guí adeirtear thar éis feola a ithe i dteach comharsan, nó dhá mbeifí ag caint ar eallach, nó ar bhris a d'éireodh do dhuine eile i dtaobh eallaigh. Ach le béilí feola a altú é go háirid
TUILLEADH (8) ▼
Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn, agus nár fheice Dia feoil anachain againn.
Is fadó an lá cheana nár ith mé béilí feola chomh deas sin. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána agaibh, agus ag chuile dhuine eile.
Ba mhaith iad chuile lá ariamh faoina gcuid feola. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána acub, agus ag chuile chréatúr eile.
Is fhearr do dhuine í a mharú (muc) dhá dheoin fhéin, ná cathachtáil í a mharú (le tinneas). Go méadaí Dia feoil bheo, agus daoine slána againn.
Ó tharla í bheith de bhiseach orainn, mharaigh muid caora do Mhártan (in ómós na Féile Mártan) i mbliana. 'Sé an ceart é má bhíonn do chuid ag éirí leat. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn fhéin, agus ag chuile dhuine eile.
Ní heo í an fheoil ab fhearr linn dá mbeadh neart air. Ach céard atá le rá againn, ach go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn, agus go bhfága Dia a chuid fhéin ag chuile chréatúr (B'éigean an mhuc a bhíothas a ithe a mharú, arae facthas go raibh tinneas na muc ag teacht uirthi)
Níor mharaigh sé muc ná mart ná caora ariamh nach roinnfeadh sé le chuile dhuine ar an mbaile í. Bhí sé an-chóir ar an mbealach in. Róchóir, go minic b'fhéidir, arae is iondúil go mbíodh sé fhéin ar deireadh. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána aige, arae is maith an oidhe sin air
Má mharaigh muid muc do Mhártan fhéin, tabharfaidh Dia muc eile dhúinn ina leaba le cúnamh dé. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn.
 
binse
Bhí binse an chéad bhairr sách éasca, ach dheamhan gaisce ar bith ar bhinse an darna barr. Tá feoil chapaill agus dearglaoch ann.
+
bior
Deir siad an té nach mbeadh bior eanga air, dhá bhfaigheadh sé feoil chearc, smior mairt, nó bainne bó gamhnach ar feadh aon mhí amháin go mbeadh sé tite i bhfeoil ina dhiaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an rud bean a fheiceáil iata le feoil, ach is gránna an rud freisin í a fheiceáil gan bior eanga ar a corp.
 
bocht 2
'Tá sé ag dul ar an iasc,' adeir sí, 'mar tá sé gráinithe ar an bhfeoil'. I nDomhnach, shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba bhuí bocht leis an ruainne éisc fhéin a fheiceáil ar a chiseoig tamall.
 
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
+
Ar ndóigh, ní in ann obair a dhéanamh atá an bhornóg siúd. Nach ar éigean atá éirí ina seasamh inti le feoil?
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in aon bhornóig amháin ansiúd sa gclúid, agus séideán ann le teann feola.
 
bruach
Is bocht an chois atá aige anois. Tá feoil bhroclofa ina bruachannaí timpeall ar an lot. Shílfeá nach bhfuil cuimhne ar bith cneasú fós aici.