Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiagaí
Ainmfhocal, Fireann
sealgaire; fear fiadhaigh; fátallach; soláthraí. (Is minic go mbíonn an chiall buille droch-mheasúil: fear a bheadh ag marú míol, nó ag cipiléaracht ag tóraíocht luchan le marú nuair ba chóir dó a bheith ag bualadh a chuid arúir agus rl).
a.
+
Is ait na fiagaithe sib agus dhá choinín a mharú
An-fhiagaí anois é. Bíonn sé amuigh len a chú chuile Dhomhnach dhá n-eiríonn ar a shúil
TUILLEADH (2) ▼
An-fhiagaí thú a Cháit! Mharuigh tú an luchín!
Is diabhlaí an fiagaí é an madadh sin! Ag forcamhás ar mhíoltógaí a bhíos sé i gcomhnaí. Deis ar bith dhá bhfaighidh sé ar cheann aca sluigfidh sé í
b.
+
Is fiagaí míol é, ach ní míolta buidhe (muighe) iad! = ní indiaidh girriachaí a bhíos sé ach ag piocadh troigheadáin dhá chraiceann
Níl aon-fhiagaí faoin domhain a chinnfeadh air indiaidh luchain bheaga, ach do dhúshlán cuir faoi ndeara dhó mórán a dhéanamh timpeall ar an gcoirce = nuair a bhíos na cruacha dhá leagan le bualadh, tá sé go maith ag marú na luchan a bhíos ionta, ach ní chuirfidh sé aon-anró air fhéin, leis an gcoirce
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn tae le fáil in áit ar bith san tír mise i mbannaí nach mbeidh sé ann ingan fhios di sin. Togha fiagaí í (soláthraí; fáiteallach)

Fiagaí in iontrálacha eile (5)

 
D'fhastuigh sé mé ar mo bhealach anoir, agus níor mhian leis a dhul anonn ná anall leis go bhfaghadh sé chuile údar uaim fhéin. Ach dar fiagaí níor thug mise saoradh ná séanadh dhó
+
fia
Dar fia!; dar fia na coille!; dar fia muise (inDomhnach); dar fiagaí (fiagachaí, fiagaos,); dar fiagaí fhéin! = leagain le caint a dhearbhú
TUILLEADH (1) ▼
Dar fiagaí tá sé in am a dhul a chodladh
 
Bhí an snáth in aimhréidh cheana ach dar fiagaí, is in a fhudar fadar atá sé anois ó chuir tusa do láimh ann. Seo! Tabh'ramsa é
 
deil 2
Níl neart agad focal cainnte a rá as a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. Sé atá deas air freisin. B'aige siúd a bheadh an ghnatha sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos ionnta. Dar fiagaí dhá mbeadh cainnt ar leithide Mh. Mh. in aon-dráma bheadh sé indon a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Cuilm sin frén a chéile. Ba bia agus ba beatha leó a bheith ar an gceird sin