Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiagaí
ainmfhocal, fireann
sealgaire; fear fiaigh; fáiteallach; soláthraí. Is minic go mbíonn an chiall buille drochmheasúil: fear a bheadh ag marú míol nó ag cipiléireacht ag tóraíocht luchan le marú nuair ba chóir dó a bheith ag bualadh a chuid arbhair srl..
a.
+
Is ait na fiagaithe sibh agus dhá choinín a mharú
An-fhiagaí anois é. Bíonn sé amuigh lena chú chuile Dhomhnach dhá n-éiríonn ar a shúil
TUILLEADH (2) ▼
An-fhiagaí thú a Cháit! Mharaigh tú an luchín!
Is diabhlaí an fiagaí é an madadh sin! Ag forcamhás ar mhíoltógaí a bhíos sé i gcónaí. Deis ar bith dhá bhfaighidh sé ar cheann acu, slogfaidh sé í
b.
+
Is fiagaí míol é, ach ní míolta buí (maighe) iad! — ní i ndiaidh giorriachaí a bhíos sé ach ag piocadh treaghdáin dhá chraiceann
Níl aon fhiagaí faoin domhain a chinnfeadh air i ndiaidh luchain bheaga, ach do dhúshlán cuir faoi ndeara dhó mórán a dhéanamh timpeall ar an gcoirce — nuair a bhíos na cruacha dhá leagan le bualadh, tá sé go maith ag marú na luchan a bhíos iontu, ach ní chuirfidh sé aon anró air fhéin leis an gcoirce
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn tae le fáil in áit ar bith sa tír, mise i mbannaí nach mbeidh sé ann i ngan fhios di sin. Togha fiagaí í (soláthraí; fáiteallach)

fiagaí in iontrálacha eile (13)

 
Bhí an t-ádh ort nár éirigh an chuaifeach de bhuille siúd leat. Dar fiagaí dhá n-éiríodh, chodlófá go sámh anocht, chodlófá sin.
 
D'fhostaigh sé mé ar mo bhealach anoir agus níor mhian leis a dhul anonn ná anall leis go bhfaigheadh sé chuile údar uaim fhéin. Ach dar fiagaí, níor thug mise saoradh ná séanadh dhó
+
fia
Dar fia!; dar fia na coille!; dar fia muise (i nDomhnach); dar fiagaí (fiagachaí, fiagaís); dar fiagaí fhéin! — leagain le caint a dhearbhú
TUILLEADH (1) ▼
Dar fiagaí, tá sé in am a dhul a chodladh
 
Bhí an snáth in aimhréidh cheana ach dar fiagaí, is ina fhudar fadar atá sé anois ó chuir tusa do láimh ann. Seo! Tabhair dhomsa é
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
deil 2
Níl neart agat focal cainte a rá os a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. 'Sé atá deas air freisin. Ba aige siúd a bheadh an ghnaithe sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos iontu. Dar fiagaí dhá mbeadh caint ar leithide Mh. Mh. in aon dráma bheadh sé in ann a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Coilm sin fréna chéile. Ba bia agus ba beatha leo a bheith ar an gceird sin
 
ding
Ginn thú! Ginn thú a bhuachaill! Leag air a fhleascaigh. Tabhair an dara hairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort ina dhiaidh sin … Dar fiagaí, tá tú in do phuca aige … Ginn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll os do chionn fós … Tá féith ón tsinsir sa ngearrbhodach sin.
 
Dar fiagaí muis, ní ag brú ar an doicheall a dhul chuige. Tá fáilte agus caint agus carthanas le fáil uaidh. Dar mo choinsias is mór an tsuáilce an chaint. Thiocfá isteach ag cuid de na daoine agus ní labhróidís faoi dhó leat ó ghabhfá ann go n-imeofá as aríst. Ní hé sin dósan é a mh'anam. Ní sa gcarthanas a chaill sé é ar chaoi ar bith
 
dorcha
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é
 
drann
A ndúshlán drannaidís leis an asal sin anois. Dar fiagaí má dhrannann, déanfaidh mise cleas eile
 
D'ionsaigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shular dhealaigh mé uaidh. Dar fiagaí thabharfainn murach gur cosnaíodh orm é
 
Níl drogall ar bith aige airleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaíocht leis mar is ceart, ach dar fiagaí, ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thógfas foracún mór ann agus nach mbeidh deifir ar bith air faoina íoc