Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiannach
Aidiacht
Focal Achréidh
aosta; sean; ársa; ann ón Díle.
+
Sean-fhear fiannach é = sean; aosta
Sean-acra fiannach é an deimheas = tá sé ar an saol le fada
TUILLEADH (4) ▼
Sean-teach fiannach é miosaim (measaim). Tá sé annsin le linn na bhfear
Is sean-ghnás fiannach é sin san tír seo. Ach tá an aos óg ag leigean as. Níl suim ná suaiméad ag na daoine óga i rudaí mar sin. Is cuma leof é ach a sáith báire a fháil.
Bóthar fiannach é sin. Tá sé i léig anois, ach deireadh na seandaoine i gcomhnaí gurbh é an chéad bhóthar a bhí annseo é. Is gearr an bóthar seo déanta chor ar bith
Roillig fhiannach í sin. Níl áiriú ar bith ar a bhfuil curhaí inte
+
Is fadó fiannach nach bhfaca mé é = ní fhaca mé é le fada an lá
Is fadó fiannach an lá nach raibh mé ar aonach an S. anois. Dheamhan é le mo chuimhne. Tá an bealach ro-fhada agus gan gnaithí ar bith ugam ann
TUILLEADH (3) ▼
Is fada fiannach san bpobal seo é anois. Indar liom fhéin ba chóir dó a bheith idir deich mbliana agus trí fichid agus na ceithre scóir. Tá sé annseo ag dul un dhá scór
Is fadó fiannach an lá nar ól sé deóir ar bith. Thug sé suas uilig é. Ní theigheadh sé go maith dhó. Bhíodh an breathas air ag troid dhá mbeadh súmóigín ar bith óltaí aige
Is fada fiannach a chaith sé ag múineadh scoile annseo thíos. Ní feasach duit céard is cor dó chor ar bith anois, nó an maireann sé? Má mhaireann, is maith an aois atá aige

Fiannach in iontrálacha eile (6)

 
cab
Rug sé ingreim caib air, a's thosuigh sé dhá streachailt. Marar fhob sé an tsean-fheasóg fhiannach a tharraingt amach as a ghéill as cosa i dtaca!
 
ainm
Sean-ainm fiannach é sin sa tír seo (ainm atá ann i bhfad ariamh). (Fiannach = sean. Focal Achréidh é sin. Níl sé le cloisteáil ó Ghaillimh siar)
+
An-Fhiannaí a bhí ann. Níl aon-scéal déanta nach raibh aige
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur Fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deó le L. Ní raibh aon-dhuine de sheacht gCatha na Gnáth Fhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé indon a innseacht amach indiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
 
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)