fiannach
—aidiacht
—focal Achréidh
—
aosta; sean; ársa; ann ón Díle.
+–
Seanfhear fiannach é — sean; aosta
Seanacra fiannach é an deimheas — tá sé ar an saol le fada
TUILLEADH (4) ▼
Seanteach fiannach é measaim. Tá sé ansin le linn na bhfear
Is seanghnás fiannach é sin sa tír seo. Ach tá an aos óg ag ligean as. Níl suim ná suaiméad ag na daoine óga i rudaí mar sin. Is cuma leofa é ach a sáith báire a fháil.
Bóthar fiannach é sin. Tá sé i léig anois ach deireadh na seandaoine i gcónaí gurbh é an chéad bhóthar a bhí anseo é. Is gearr an bóthar seo déanta chor ar bith
Reilig fhiannach í sin. Níl áireamh ar bith ar a bhfuil curtha inti
+–
Is fadó fiannach nach bhfaca mé é — ní fhaca mé é le fada an lá
Is fadó fiannach an lá nach raibh mé ar aonach an S. anois. Dheamhan é le mo chuimhne. Tá an bealach rófhada agus gan gnaithí ar bith agam ann
TUILLEADH (3) ▼
Is fada fiannach sa bpobal seo é anois. I ndar liom fhéin ba chóir dó a bheith idir deich mbliana agus trí fichid agus na ceithre scóir. Tá sé anseo ag dul chun dhá scór
Is fadó fiannach an lá nár ól sé deoir ar bith. Thug sé suas uilig é. Ní théadh sé go maith dhó. Bhíodh an breathas air ag troid dhá mbeadh súmóigín ar bith ólta aige
Is fada fiannach a chaith sé ag múineadh scoile anseo thíos. Ní feasach duit céard is cor dó chor ar bith anois, nó an maireann sé? Má mhaireann, is maith an aois atá aige
fiannach in iontrálacha eile (10)
→
bualadh
Ní chothaíonn fiannaí in aice bealaigh ná cosáin a mbeidh bualadh daoine air. Tá siad an-fhaiteach, an-scáfar.
→
ainm
Seanainm fiannach é sin sa tír seo (ainm atá ann i bhfad ariamh); fiannach = sean. Focal Achréidh é sin. Níl sé le cloisteáil ó Ghaillimh siar
+
→
fiannaí
An-fhiannaí a bhí ann. Níl aon scéal déanta nach raibh aige
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deo le L. Ní raibh aon dhuine de sheacht gcatha na gnáthFhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé in ann a inseacht amach i ndiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
Chuala mé P. Gh. ag rá go raibh a athair agus seanfhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iamh air ar an bhfad sin ach ag inseacht an scéil! 'An bhfuil aon bhaol ort fós,' adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. 'Níl,' adeir sé. 'Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh.,' adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. 'Cé nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnaithe feasta,' adeir an fear a bhí in éindí leis. 'Níl mé ach cur éadain air,' adeir sé. 'Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann.' Ba in é an Fiannaí!
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)