Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fionna Feanna
Ainmfhocal nó leagan ainmfhoclach
1.
an damhna a bhíos istigh i gcleite.
·
Fan anois go bhfeiceamuid a bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé ugad: an rud a bhíos istigh san gcleite. Is deacair muinntir Chonamara a shárú
Fagh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é = le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
2.
go diúltach: tada, aon-cheo, a dhath, rud fánach, teirgéis; rud eicínt nach fiú biorán.
+
Níl fionna ná feanna aige; níl fionna feanna aige = níl tada aige; aon-cheo
Más tobac atá tú a iarraidh níl fionna feanna agam, go dteaga sí seo ón siopa
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé bochtuithe ar fad. Níl fionna ná feanna aige anois. Bíodh sé buíoch dhá chlann.
Breá nach dteigheann tú féin ann agus gan fionna ná feanna ar t'aire. Nach bhfuil mise in mo bhambairne ag obair
Ara is beag an gortú a d'eirigh dó. Ní fiú fionna feanna é, ach gheobhaidh sé slam airgid as
Ní dheárna sé fionna feanna an t-Earrach seo, ach soir agus anoir go dtí an tsráidbhaile seo thoir ag féachaint cén blas a bhí ar an bpórtar
Ní thiúrfainn fionna feanna ar a raibh d'achrann ar fad ann, agus féacha cho splanncha agus atá siad chuig dlí in a dheidh sin.
Mo chreach a ndeachaidh de tae ar an "tae pot" sin muis. Ní dheachaidh fionna feanna ar fad ann