fionna feanna
—ainmfhocal nó leagan ainmfhoclach
1.
an damhna a bhíos istigh i gcleite.
·
Fan anois go bhfeice muid an bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé agat: an rud a bhíos istigh sa gcleite. Is deacair muintir Chonamara a shárú
Faigh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é — le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
2.
(go diúltach) tada, aon cheo, a dhath, rud fánach, teirgéis; rud eicínt nach fiú biorán.
+–
Níl fionna ná feanna aige; níl fionna feanna aige — níl tada aige; aon cheo
Más tobac atá tú a iarraidh níl fionna feanna agam go dteaga sí seo ón siopa
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé bochtaithe ar fad. Níl fionna ná feanna aige anois. Bíodh sé buíoch dhá chlann.
Breá nach dtéann tú féin ann agus gan fionna ná feanna ar t'aire. Nach bhfuil mise in mo bhambairne ag obair
Ara is beag an gortú a d'éirigh dó. Ní fiú fionna feanna é, ach gheobhaidh sé slám airgid as
Ní dhearna sé fionna feanna an t-earrach seo, ach soir agus anoir go dtí an tsráidbhaile seo thoir ag féachaint cén blas a bhí ar an bpórtar
Ní thabharfainn fionna feanna ar a raibh d'achrann ar fad ann agus féacha chomh splanctha agus atá siad chuig dlí ina dhiaidh sin.
Mo chreach a ndeachaigh de tae ar an taepot sin muis. Ní dheachaigh fionna feanna ar fad ann