Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
foghairt
fc. fogha

Féach freisin

foghairt in iontrálacha eile (9)

 
cleite
Dhá gcuirtheá i gcleite é, d'fhéadfá foghairt a chur faoi shúil an chapaill.
+
fogha
Bhí sé ag cur foghairt arbhair sa mbró nuair a tháinig mé chomh fada leis. 'Ní bheadh aon deoir fuisce poitín agat,' adeirim féin? 'Tá,' adeir sé, 'muran fada leat fanacht léithe seo.' 'Ab in é an chaoi a bhfuil sé?' adeirim féin. '’Sé,' adeir sé. 'Trí seachtainí ar chuma ar bith' — le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneáil leis an thrasher. Bhí an fear a bhíos in éindí leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneáil léithe siúd feed the thrasher
Ní choinneoidh na daoine foghairt sa meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo. Níl an earra ann
+
Cuirfidh sé siúd foghairt agus faobhar uirthi (rásúr, speal srl.)
TUILLEADH (2) ▼
Tá foghairt agus faobhar uirthi anois. Breathnaigh an bhfeicfidh tú an mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
 
Bhí foghairt ina shúil le teann díocais a dhul ina héadan (a dhul in éadan mná). Is uaidh a theastódh a bheith dhá bhlastáil nó nach bhfanfadh smeámh ann. Shílfeá go mbeadh cuibhiúlacht eicínt ann i láthair na ndaoine agus eile