fogha, foghairt
—ainmfhocal, fireann
—fogha (/fəu/) amháin adeirtear le 1; deirtear fogha agus foghairt (/fəu/, /fəur′t′/) le 2
1.
lochtú pearsan nó colainne duine; maslú; lochtú.
+–
Is furasta fogha is easpa a bhaint as fear folamh is furasta fear folamh a mhaslú
Níor bhain mé fogha ná easpa as aon duine ariamh; níor bhain mé fogha na aithis as aon duine ariamh — ní bhfuair mé caidéis d'aon duine ná níor lochtaigh mé é i dtaobh a cholainne; níor mhaslaigh mé aon duine ariamh (deirtear an dá leagan)
TUILLEADH (8) ▼
Tá fogha is easpa bainte ag an gceann céanna as chuile dhuine. Dhá dtéadh míle duine thairis sa ló, chaithfeadh sé sclamh a bhaint astu uilig
Shílfeá go bhfuil sí siúd geamhchaoch, ní ag baint fogha na easpa aisti é
Is breá an forránach fir é, bail ó Dhia air, murach an tsrón, ní ag baint fogha ná easpa as é ná ag fáil locht ar ghnaithe Dé
Níor tháinig aon fhear ariamh dá hiarraidh sin nach raibh fogha is easpa bainte aici as. Bheadh sé rómhór nó róbheag; bheadh claonfhéachaint ann, nó mant, nó bheadh locht eicínt aici air i gcónaí. Bhí a shliocht uirthi: fágadh ansiúd ar a tóin í gan fear ar bith. Tá sí ina cailleachín anois
Nach beag an náire ort a bheith ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gceird sin. B'fhéidir nach bhfuil duine ar bith ar fusa fogha is easpa a bhaint as ná thú fhéin. Diabhal mé muise nuair a roinneadh an slacht nach bhfuair tusa thar do chuid de! Ar chuala tú ariamh é: ní maith an tsamhail a théas i bhfad
Tá cromshlinneán air, ní ag baint fogha ná easpa as é. Ach ní fhaca tú ariamh ar aon drochfhear é
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aon duine sa tír nach bhfuil tarraingthe thrína fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rá leis, tá fogha agus aithis bainte aici as. Is seó (show) í!
Ná bain fogha ná easpa asamsa le do ló aríst. Tháinig mise agus chuile dhuine de mo mhuintir abhaile chomh maith leat féin — agus níos fearr míle buíochas le Dia
2.
an méid arbhair a chuirtear sa mbró in éindí.
a.
+–
Coinnigh fogha beag leis an mbró sin nó go dteaga mé aríst. Caithfidh mé glac eile chruithneacht a fháil — arbhar a choinneáil caite síos inti ina ghlacannaí
Bhí sé ag cur foghairt arbhair sa mbró nuair a tháinig mé chomh fada leis. 'Ní bheadh aon deoir fuisce poitín agat,' adeirim féin? 'Tá,' adeir sé, 'muran fada leat fanacht léithe seo.' 'Ab in é an chaoi a bhfuil sé?' adeirim féin. '’Sé,' adeir sé. 'Trí seachtainí ar chuma ar bith' — le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
TUILLEADH (3) ▼
Cuireann sé (fear meilte) an eorna ina fhoghannaí síos sa mbró uachtair
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneáil leis an thrasher. Bhí an fear a bhíos in éindí leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneáil léithe siúd — feed the thrasher
Caith fogha beag eile chuici thrasher. Tá ocras uirthi.
·
An fogha (an foghairt) is faide ón mbró agus bainne na bó a rug anuraidh. Sin í an bheatha a d'fhaigheadh na fathachaí: an gráinne is faide ón mbró agus bainne ná bó a rug anuraidh — deirtear go bhfuil plúr seanmheilte agus bainne bó seanbheirthe go maith agus tá sé tugtha síos i seanscéalta gurb in é a d'fhaigheadh na gaiscígh agus na fathachaí le spreacadh a chur iontu. Ach chuala mé údar eile leis, bíodh sé fíor nó ná bíodh: tá lása adhmaid taobh amuigh ar an mbró mhuilinn agus má airíonn tú an grán ag pléascadh ina haghaidh, tá an grán sin go maith. Pléascann an grán maith amach ón mbró. Sin é an fáth gurb é "an fogha is faide ón mbró" is fearr
b.
·
M'anam muise má tá tú ag coinneáil fogha (foghairt) sa meilteachán i gcónaí, nach bhfuil daorbhasctha dhíot bail ó Dhia ort — má tá tú ag coinneáil snáth faoin bhfiacail; má tá tú in ann an oiread fáiteall a dhéanamh agus go bhféadann tú maireachtáil. Tugtar meilteachán ar an drad
Ní choinneoidh na daoine foghairt sa meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo. Níl an earra ann
·
Coinnigh fogha sa mbró agus ní cás duit é — bí ag ithe; coinnigh beatha leat fhéin
Féach freisin
fogha in iontrálacha eile (11)
Ní ag baint fogha ná easpa as é, tá an-chlaonfhéachaint ann. Measaim go bhfuil éalang eicínt aige ar an amharc thairis sin fhéin.
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deo ach ag inseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindí. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearrthóireacht agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine. Diabhal aird ar bith a bheadh ar aon scéal acu. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
→
folamh 1
"Is furasta fogha is easpa a bhaint as fear folamh" — is furasta fear gan aon mhaoin ná aon airgead a mhaslú
→
forainm
Ní fuarainm ar bith é sin le tabhairt ar aon duine: an tArt. Nach maith éasca leat fogha is easpa a bhaint as duine
→
diaidh
Tá tóin siar aisti, agus í caite amach i ndiaidh a béil, agus cromshlinneán uirthi … Céard nach bhfuil uirthi, ní ag baint fogha ná easpa aisti é
→
dona
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an cuimleachán caca, mura deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easpa as duine ar fónamh
→
drandal
Bíonn drandal an gháire ar an ógánach sin i gcónaí. Ba chóra dhó go mór muise, a dhul ag magadh faoin athair. Dheamhan údar gáire sa tír go dtí é, agus a mhuisteaisín bheag scáinte mar a bheadh ribiúchaí luchan ann, agus béilín mar a bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaigheas sé amadán le n-éisteacht leis ag baint fogha is easpa as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-inseoinnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon araoid orm, ach ní chuirfidh
→
dreach
D'aithneofá as a mháthair é. Tá an dreach míshlachtmhar céanna air, ní ag baint fogha ná easpa as é
→
díbliú
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach is ar bhain leis. Níor fhága sí aon duine amháin dhá chine nár bhain sí fogha is easpa as. Is uirthi a bhí stiúir na ropaireachta dháiríre
→
díle 1
Má fhaigheann sé ugach ar bith, tiocfaidh an díle cainte dhó agus sáróidh sé muid go ham suipéir … Ara bíonn chuile shórt seansíomálachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar chuile dhuine agus ag baint fogha is easpa as chuile fhear agus chuile bhean sa tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú héitheach" ar an gcéad iarraidh agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige ansin
→
dúradán
Is diabhlaí an t-aon é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gcaoi sin. Séard a bhí a dhéanamh leis, an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéana Dia maith air — a mheabhrú dó. Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan séard adéarfadh sé i gcónaí: 'Is léir do dhuine an dúradán i súil na comharsan ach ní fheiceann sé an tsail mhór ina shúil fhéin.' Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ón máthair a thug an mac an cheird sin. Murab ea ní ón athair