Fogha, Foghairt
—Ainm-fhocal; Fireann
—fogha amháin adeirtear le (i) /fəu/. Deirtear fogha agus foghairt /fəu/, /fəur′t′/ le (ii)
1.
lochtú pearsan nó colainne duine; maslú; lochtú.
+–
Is furasta fogha agus easba a bhaint as fear falamh = is furasta fear falamh a mhaslú
Níor bhain mé fogha ná easbaidh as aonduine ariamh; níor bhain mé fogha na aithis as aonduine ariamh = ní bhfuair mé caidéis d'aonduine ná níor lochtuigh mé é idtaobh a cholainne; níor mhasluigh mé aonduine ariamh (deirtear an dá leagan)
TUILLEADH (8) ▼
Tá fogha agus easba bainte ag an gceann céanna as 'chuile dhuine. Dhá dteigheadh míle duine thairis san ló, chaithfeadh sé sclamh a bhaint asta uilig
Shílfeá go bhfuil sí siúd geamchaoch, ní ag baint fogha na easba aiste é
Is breá an forránach fir é, bail ó Dhia air, marach an tsrón, ní ag baint fogha ná easba as é, ná ag fáil locht ar ghnatha Dé
Níor tháinig aon-fhear ariamh dá hiarraidh sin, nach raibh fogha agus easba bainte aice as. Bheadh sé ro-mhór nó ro-bheag; bheadh claon-fhéachaint ann, nó mannt, nó bheadh locht eicínt aice air i gcomhnaí. Bhí a shliocht uirre: fágadh annsiúd ar a tóin í gan fear ar bith. Tá sí in a cailleachín anois
Nach beag an náire ort a bheith ag baint fogha agus easba as chuile dhuine ar an gceird sin. B'fhéidir nach bhfuil duine ar bith ar fusa fogha agus easba a bhaint as ná thú fhéin. Diabhal mé muise nuair a roinneadh an slacht nach bhfuair tusa thar do chuid de! Ar chuala tú ariamh é ní maith an tsamhail a theigheas i bhfad
Tá cromshlinneán air, ní ag baint fogha ná easba as é. Ach ní fhaca tú ariamh ar aon-droch-fhear é
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aonduine san tír nach bhfuil tarraingithe thrín a fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rádh leis, tá fogha agus aithis bainte aice as. Is "seó" ("show") í!
Ná bain fogha ná easba asam-sa le do ló aríst. Tháinig mise agus chuile dhuine de mo mhuintir abhaile cho maith leat féin — agus níos fearr míle buíochas le Dia
2.
an méid arúir a chuirtear san mbró in éindigh.
a.
+–
Coinnigh fogha beag leis an mbró sin nó go dteaga mé aríst. Caithfidh mé glac eile 'chruithneacht a fháil = arúr a choinneál caite síos innte in a ghlacannaí
Bhí sé ag cur foghairt arúir sa mbró nuair a tháinig mé cho fada leis. "Ní bheadh aon-deoir fuisce poitín agad" adeirim féin? "Tá", adeir sé, "maran fada leat fanacht léithe seo". "Ab shin é an chaoi a bhfuil sé?" adeirim féin. "Sé" adeir sé. "Trí seachtainí ar chuma ar bith" = le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
TUILLEADH (3) ▼
Cuireann sé (fear meilte) an eorna in a fhoghannaí síos san mbró uachtair
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneál leis an "thrasher". Bhí an fear a bhíos in éindigh leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneál léithe siúd = "feed" the thrasher
Caith fogha beag eile chuice ("thrasher"). Tá ocras uirre
·
An fogha (an foghairt) is fuide ón mbró agus bainne na bó a rug anuiridh. Sin í an bheatha a d'fhaghadh na fathachaí; "an gráinne is fuide ón mbró agus bainne ná bó a rug anuiridh" = deirtear go bhfuil plúr sean-mheilte agus bainne bó sean-bheirhe go maith, agus tá sé tugha síos i sean-scéalta gurb shin é a d'fhaghadh na gaiscigh agus na fathachaí le spreacadh a chur ionta. Ach chuala mé údar eile leis bíodh sé fíor nó ná bíodh: tá lása adhmaid taobh amuigh ar an mbró mhuilinn, agus má airíonn tú an grán ag pléascadh in a haghaidh, tá an grán sin go maith. Pléascann an grán maith amach ón mbró. Sin é an fáth gurb é "an fogha is fuide ón mbró" is fearr
b.
·
M'anam muise má tá tú ag coinneál fogha (foghairt) san meilteachán i gcomhnaí, nach bhfuil daorbhascha dhíot bail ó Dhia ort = má tá tú ag coinneál snáth faoin bhfiacail; má tá tú indon an oiread fáiteall a dhéanamh agus go bhféadann tú maireachtáil (Tugtar "meilteachán" ar an drad)
Ní choinneoidh na daoine foghairt san meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo. Níl an earradh ann
·
Coinnigh fogha san mbró, agus ní cás duit é = bí ag ithe; coinnigh beatha leat fhéin
Féach freisin
Fogha in iontrálacha eile (11)
Ní a' baint fogha ná easba as é, tá an-chlaon-fhéachaint ann. Measaim go bhfuil éalang eicínt aige ar an amharc fhairis sin fhéin.
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deó ach ag innseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindigh. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearróireacht agus ag baint fogha agus easbaidh as chuile dhuine. Diabhal áird ar bith a bheadh ar aon-scéal aca. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
→
folamh 1
"Is furasta fogha agus easbaidh a bhaint as fear falamh" = is furasta fear gan-aon-mhaoin ná aon-airgead a mhaslú
→
forainm
Ní fuar-ainm ar bith é sin le tabhairt ar aonduine: an t-Art. Nach maith éascaidh leat fogha agus easbaidh a bhaint as duine
→
diaidh
Tá tóin siar aisti, agus í caithte amach indiaidh a béil, agus crom-shlinneán uirre … Céard nach bhfuil uirre, ní ag baint fogha ná easbaidh aisti é
→
dona
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an címleachán caca, mara deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easba as duine ar fónamh
→
drandal
Bíonn dranndal an gháire ar an ógánach sin i gcomhnuí. Ba chóra dhó go mór muise a dhul ag magadh faoi'n athair. Dheamhan údar gáire ins an tír go dtí é, agus a "mhusteaisín" bheag scáinte mar bheadh ribeadhachaí luchan ann, agus béilín mar bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaghas sé amadán len éisteacht leis ag baint fogha agus easbaidh as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-innseochainnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon-araoid orm, ach ní chuirfidh.
→
dreach
D'aithneochthá as a mháthair é. Tá an dreach mí-shlachtar céadna air, ní ag baint fogha ná easbaidh as é.
→
díbliú
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach agus ar bhain leis. Níor fhága sí aon-duine amháin dhá chine nachar bhain sí fogha agus easbaidh as. Is uirre a bhí stiúir na ropaireacht' dhá ríre
→
díle 1
Má fhaghann sé ugach ar bith tiocfaidh an díle cainte dhó, agus sáróchaidh sé muid go h-am suipéir … Ara bíonn 'chuile shórt sean-síothmalachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar 'chuile dhuine agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile fhear agus 'chuile bhean ins an tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh, ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú h-éitheach" ar an gcéad iarraidh, agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige annsin
→
dúradán
Is diabhluí an t-aon (t-aen) é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile dhuine ar an gcaoi sin. 'Séard a bhí a dhéanamh leis an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéanaidh Dia maith air — a mheabhrú dó. 'Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan 'séard adéarfadh sé i gcomhnuí: "Is léar do dhuine an dubhradán i súil na comharsan, ach ní fheiceann sé an tsail mhór in a shúil fhéin." Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon-duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon-duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ó'n máthair a thug an mac an cheird sin. Marab eadh ní ó'n athair.