Nualitriú
            
            
              Bunlitriú
            
          
          
foghairt
—fc. fogha
foghairt in iontrálacha eile (9)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fogha 
                  
                  
                    Bhí sé ag cur foghairt arbhair sa mbró nuair a tháinig mé chomh fada leis.  'Ní bheadh aon deoir fuisce poitín agat,' adeirim féin?  'Tá,' adeir sé, 'muran fada leat fanacht léithe seo.'  'Ab in é an chaoi a bhfuil sé?' adeirim féin.  '’Sé,' adeir sé.  'Trí seachtainí ar chuma ar bith' — le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneáil leis an thrasher.  Bhí an fear a bhíos in éindí leis tinn.  Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneáil léithe siúd — feed the thrasher
                    Ní choinneoidh na daoine foghairt sa meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo.  Níl an earra ann
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    faobhar 
                  
                  
                    Cuirfidh sé siúd foghairt agus faobhar uirthi (rásúr, speal srl.)
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Tá foghairt agus faobhar uirthi anois.  Breathnaigh an bhfeicfidh tú an mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
                    Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
                    
                    →
                    dairt 
                  
                  
                    T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é.  Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar.  Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam.  An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall.  Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom.  Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú.  Is maith an scéal gur beag é a dhícheall.  Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt.  Ba bheag an baol air
                    
                    →
                    díocas 
                  
                  
                    Bhí foghairt ina shúil le teann díocais a dhul ina héadan (a dhul in éadan mná).  Is uaidh a theastódh a bheith dhá bhlastáil nó nach bhfanfadh smeámh ann.  Shílfeá go mbeadh cuibhiúlacht eicínt ann i láthair na ndaoine agus eile