Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiuntas
Ainmfhocal Fireann
a bheith fiuntach; córtas, flaithiúlacht; einneach, féile.
+
Tá an fiuntas ann dhá mbeadh tarraint a láimhe aige, ach níl. Dheamhan a leithide a casadh leat ariamh, dá n-eiríodh leis aon-phínn a bheith aige
Cá bhfágfadh sé an fiuntas? Ghreamuigh sin dó
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé d'fhiuntas ann deoch a sheasamh dhá raibh i láthair
·
Níor eirigh liom cuid an fhiuntais a bheith agam = tarraint mo láimhe; riar mo láimhe nó díol mo fhreastail idteach ósta nó ar ócáide den tsórt sin; ní raibh mé indon mó chás a sheasamh idteach an óil
Dheamhan cuid an fhiuntais fhéin a bhí agam. Ní thiúrfainn deóir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orra

Fiuntas in iontrálacha eile (2)

 
Go ndamnuighidh an catmara é mara beag an fiuntas é. Níor chumaoin dó muise thusa a leigean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fiadh dhá gcastaí thusa air ag béal do dhoruis féin, is beag an baoghal go leigfeá thart é, gan fiafruighe dhó (dhe) an raibh béal air.
 
dóigh 1
Má tá sé sin imighthe soir, ba mhaith an dóigh a dhul soir in a dhiaidh. Beidh ól in aisce dhá thoghaint ar dhaoine indiu. Tá an fiuntas ann, an uair a thosuigheas sé