Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiúntas
ainmfhocal, fireann
a bheith fiúntach; córtas, flaithiúlacht; oineach, féile.
+
Tá an fiúntas ann dhá mbeadh tarraingt a láimhe aige ach níl. Dheamhan a leithide a casadh leat ariamh dá n-éiríodh leis aon phínn a bheith aige
Cá bhfágfadh sé an fiúntas? Ghreamaigh sin dó
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé d'fhiúntas ann deoch a sheasamh dhá raibh i láthair
·
Níor éirigh liom cuid an fhiúntais a bheith agam — tarraingt mo láimhe; riar mo láimhe nó díol mo fhreastail i dteach ósta nó ar ócáide den tsórt sin; ní raibh mé in ann mó chás a sheasamh i dteach an óil
Dheamhan cuid an fhiúntais fhéin a bhí agam. Ní thabharfainn deoir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orthu

fiúntas in iontrálacha eile (5)

 
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
 
diaidh
Ní bheidh mórán ag duine ar bith i ndiaidh na talúna, ach do dhá cheann sa talamh, ó mhaidin go faoithin agus gan cuid an fhiúntais agat ina dhiaidh sin i ndeireadh na bliana
 
Tá drogall orm a dhul dhá ól nuair nach bhfuil cuid an fhiúntais agam féin — is carghas liom deoch a ól uaitse, lá is nach bhfuil mé féin in ann deoch a sheasamh duit
 
dóigh 1
Má tá sé sin imithe soir, ba mhaith an dóigh a dhul soir ina dhiaidh. Beidh ól in aisce dhá thóint ar dhaoine inniu. Tá an fiúntas ann, nuair a thosaíos sé
 
dúil
Murach go raibh dúil thar cionn aige sa bpionta é féin, diabhal baol a bheadh air a dhul ag caitheamh an méid sin fiúntais leat. Sin é an creagaire is mó ar a dhá chois. Ní fhéadfadh mórán a rá go bhfaca siad aon cheo dhá chuid gnaíúlachta