—
a.
            
lacht a chur ar rud; uisce etc. a chur ar rud; rud a bheith faoin mbáistigh.
+–
Is gearr a bheadh an brádáinín sin fhéin do do fhliuchadh
Fliuchfaidh an tuile seo móin aríst, nó móin atá in a gróigeadh ar chuma ar bith
        
                                TUILLEADH (9) ▼
                            
Fliuchadh mé go craiceann trathnóna
Tá an féar fliuchta aríst.  Má fhaghann sé mórán amlú anois, beidh sé dreóite
D'fhliuchfadh sí a raibh de thúáillí ar an mbaile ag gol
Tá tú ag fliuchadh do léine le pislíní
D'fhliuch sé an leabaidh
Trí bhrat a d'fhliuchadh Oisín san ló le deora aithrí as a shúile
D'fhliuch sí dhá naipicín póca ag gol
Ní fhliuchfadh sé do bhéal ar chuir sí san ngloine
B'éigin dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
+–
Ní dheachaidh aon-fhliuchadh fuisce ar mo chroí (ar mo bhéal) le deich mbliana = braon ar bith
Níl fliuchadh ar a croí.  Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Ní dheachaidh an oiread sin óil de fhliuchadh ar mo chroí cheana le bliain mhór fhada
"Dhá mhéad a cuid bua (bó), ní raibh fliuchadh ar a croí (de bhainne)  Ach puisín go suaimhneach ag cumhdach an tí" (As "Na Ba Ciara agus Bána")
Níl an oiread bainne againn anois agus a d'fhliuchfadh do chroí (do bhéal)
+–
Ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil ann = deóir ar bith óil
Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
        
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil annseo faoi Nollaig.  B'annamh leis nach go barrbachall a bheadh sé
Níor chaith sé fliuchadh do bhéil d'uisce le leathráithe.  Tá chuile shórt spalpha
+–
Fliuchadh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhailí fhéin = caithfidh chuile dhuine obair a dhéanamh len a bheatha a shaothrú
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa.  Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois.  Tá an saol sin imithe.  Dar Dia is maith an ceart é freisin
        
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Bhíodh cuid mhaith leoistíocht ann fadó, ach ní bhíonn uasal ná íseall in a gcomhnaí anois.  Na daoine uaisle fhéin d'fheicfeá ag saothrú anois iad.  Chreidim go ndeachaidh buairín barra orra thar agus fadó.  Ní mór do chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin, mar adeireadh na seandaoine
Níl uasal ná íseall ann anois.  Tá an cnoc mar atá an gleann.  Bhí sé san Targaireacht freisin go gcaithfeadh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh as allas a mhailí fhéin.
b.
            
rud a chur ar bogadh.
+–
    Tá sé cho maith dhuit an mhin choirce sin a fhliuchadh = a cur ar bogadh in uisce nó i mbainne
Fliuch na fataí sin shul a thiúrfas tú don ghamhain iad
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Tá sé in am an tae a fhliuchadh
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      fliche 
                    
                  
                
              
            Fliuch in iontrálacha eile (50+)
                    →
                    farúch 
                  
                  
                    Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta.  Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann.  Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air.  Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha.  Ba bheag nachar speir sé é.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    fliche 
                  
                  
                    Tá sé ag dul chun fliche (flí) = an bháisteach ag neartú; nó ag teacht 'un báistí
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Is mó an chosúlacht atá ar an trathnóna go ngabhfaidh sé chun fliche.
                    Tá súil agam nach ngabhfaidh sé chun fliche ar chuma ar bith go mbeidh muide san mbaile
                    
                    →
                    fág gan 
                  
                  
                    Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige.  'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
                    
                    →
                    caidéis 
                  
                  
                    Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin.  Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre.  Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige.  Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di.  Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
                    
                    →
                    carracán 
                  
                  
                    'Bhfuil fhios agad an moghlaer mór a bhí ar forbhás ar stuaic a' charracáin sin thiar i Leic a' Rí (garrdha)?  Thuit sí anuas le fána, a's tá sí caithte thíos sa lag fliuch siúd anois.  Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon-bhó againn ann, nó bheidís cruptha isteach faoi ghiall a' characáin ar a' bhfarradh gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, a's dhéanfadh a' daigéad siúd cuailín cnámh díob.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    cobha 
                  
                  
                    Níl áit ar bith is measa ag an gcabh sin ná dubhrabhán fliuch a d'fhágfaidhe scathamh maith bán.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Cimín cnuic ab fhearr dóib an t-am seo 'bhliadhain.  Ní hé an dubhrabhán sin agadsa an áit ab fhearr liom caora a fhaghail anois.  Tá sé bun-fhliuch a's ní bheadh fhios aghad nach cabh a bhuailfeadh iad ann.
                    Níl a' féar i gcosamhlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreoghfadh sé 'na dheidh sin fhéin.
                    'Samhradh riabhach, foghmhar grianmhar'.  Sin é cothromacan síne na h-uaire.  Má bhíonn samhradh fliuch ann, tiocfa an foghmhar thar cíonn.  Caithfe sé.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                M'anam dá bhfágthá na h-íochtair fliucha sin, achar a' bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigin.  An t-uisce a chomhnuighea(nn)s idtalamh íochtair a dhéana(nn)s é sin.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh.  Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan.  Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
                    
                    →
                    cíble 
                  
                  
                    Tháinic sé in a chíbleadh bháistighe orainn ag Á. Dh. l. a's ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báidhte ar a theacht abhaile dhúinn.
                    Breagh nar scaoil tú an craobh mhúirín sin thart, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú fhéin a fhliuchadh.  Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh.  Fhobair gur fhága sé sínte mise annseo an bhliadhain cheana.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    crámhar 
                  
                  
                    Is fhearr dhuit scuireadh maran leat thú fhéin a fhliuchadh leis a' gcramhar bhradach sin.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní bheadh an cramhar sin achar a' bith do do fhliuchadh, dhá mbeitheá fúithe.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    crúbáin 
                  
                  
                    Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is beag a' tairbhe a bheidheas agad ar na crúbáin fhliucha sin, ar aon-nós.  D'eirigh an tuile mhór orrab, faoi Bhealtaine.
                    
                    →
                    beo 1
                  
                  
                    Chomh uain's 'bheidheas tú beo aríst, ná leag méirín fhliuch air sin, má tá do leas ar Dhia.
                    
                    →
                    binse 
                  
                  
                    Dheamhan a n-aireochthá a dhath an tsleaghdóireacht, dhá mbeadh binnse tirm agad.  Ach is sraimlidhe an saothar a bheith caruidheacht le binnse fliuch.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    breoigh 
                  
                  
                    Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í.  Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Tá riascannaí dubha istigh i lár a' choca, maran ro-fhliuch a bhí an féar nuair a rinneadh é, a's ghur bhreodh sé.  Ach pé acu sin é, dheamhan a dhath loicht ag na beithidhigh air.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bruach 
                  
                  
                    Níl sé éasca chor a' bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí.  Tá bráideannaí fliucha ann, a's sé díol a' diabhail iad, le deacracht (féach "bráideannaí)
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Ní leagfa mé bruach a' bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrotha.  Spréidhfe mé amach iad, mar tá siad.
                    Ní fhéadfá sáthadh de láighe a chuir imbruach anois, tá'n chreafóg chomh fliuch sin.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    brád 
                  
                  
                    Is gearr a bheitheá de do fhliuchadh faoi'n mbrád sin.
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Shílféa nach raibh ann ach mion-bhrád, a's d'fhliuch sé go craiceann mé 'na dhiaidh sin.
                    Brádán fliuch go leor é.
                    Ná teirigh amach faoi'n mbrádán sin, nó beidh tú fliuch báidhte gan mórán achair
                    
                    →
                    aer 
                  
                  
                    Ar an dá luath a's a gcaithfe sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire, faitchíos a bhfliuch(f)aidhe é.
                    Is fánach a' tsiocair a bhí aige.  D'fhliuch sé a chosa a' fiadhach, seachtmhain go Domhnach seo caithte, a's ná raibh ann, marar buaileadh síos le slaghdán é.  Dheamhan a chos a d'eirigh ó shoin, a's níl gaisce 'bith air, fós fhéin.
                    
                    →
                    buail 
                  
                  
                    Garrdha tirm a bhí ann, a's chaithfeadh a' cur a bheith buailte ann, a's chomh fliuch a's 'tháinig an bhliadhain.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    ailím 
                  
                  
                    Is dainnséarach an ailím do dhuine a dhul dhá fhliuchadh fhéin leis a' gcairrigín céadna, scáth 'bhfuil de thairbhe air.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is fliuch an ailím a dhul 'na phorta(igh) indiu.
                    
                    →
                    aire 
                  
                  
                    Tugann sé an-aire dhó fhéin; ní fheicfe tú amuigh é lá fliuch = tá sé triollata air fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoi fhliuchán ná faoi fhuacht, ná faoi dheártan.
                    
                    →
                    airiúil 
                  
                  
                    Is mór a' t-íongnadh nach bhfuil barrann níos fhearr ar a' ngiodán sin.  Shílfeá gurb é an spota is aireamhla 'sa bpáirc é.  Ach bhí an bhliadhain ro-fhliuch.
                    
                    →
                    anam 
                  
                  
                    M'anam ná raibh ag a' Diabhal, má leagann sé méirín fhliuch aríst ort, a's go mbeidh 'anam agam.
                    Nach diabhaltaidhe an t-antlachán thú, nach scaoilfeadh an lá fliuch thart, agus a liachtaighe lá tirim a thiocfas aríst go gcaithtear an samhradh