Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Floscaí
Ainm Fhocal
gaisce; flasúlacht, gailimaisíocht; a bheith mórfhoclach.
+
Tá go leor floscaí aige = gaisce; a bheith "mór fhoclach"; gaisce a dhéanamh as a shlí, as a chuid airgid, as a chuid cloinne, as a chuid oibre nó as a fhlasúlacht
Dá dtugadh floscaí duine do na Flaithis, is maith árd ann a bheadh sí
TUILLEADH (4) ▼
"Tá fuigheall na bhfuigheall san teach sin thíos" adeir sí. "Dhá mba é an duine ab fhuide amach uainn san tír a chasfaí againn, gheobhadh sé óstachas lá nó mí uainn, ní áirím mo dheárthair". A Dhia láidir! Nach aice atá na floscaí!
Tá do dhá dhíol floscaí agad ar fad. Má tá do chlann cho fíriúil sin, cáil an obair déanta aca. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann, agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa lib, agus mé aonraic
Éist leis an bhfloscaíocht, agus leag amach na puint seo ar fad atá agad annsin ar an mbord, leagfaidh mise amach punt ar an bpunt leat, agus níl floscaí ar bith agam. Ach má bhíonn tusa an punt fhéin uireasach, dheamhan brat pósta a ghabhfas ar m'inín le do mhac go héag. That is it now boy!
Is furasta dhó floscaí fhéin a bheith aige nuair nach ndéanann sé díolaíocht le aonduine. Dhá n-íocadh sé sin a bhfuil d'fhiacha air, ba bheag na floscaí a bheadh aige faoin a chuid airgid, mar ní mórán dhe a bheadh aige!

Floscaí in iontrálacha eile (18)

 
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh, bheadh sé mór-fhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.
 
ceal 1
Mara bhfuil aon-ghníomh ann muis, ní cheal gaisce a's floscaí é.
+
Tá an oiread cóipíse a's floscaí aige, a's go mbeitheá tuirseach ag éisteacht leis in aon-leath-uair amháin. Sháruigh sé muid aréir, ag innseacht (dh)uinn, céard a rinne sé le seachtmhain.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeadh Seán céadna cosa beaga faoi na glasógaí, le teann cóipíse a's floscaí. Go bhfoire Dia ar aon-duine a chaithfeas éisteacht leis ar a' gceird siúd!
 
Tá an oiread floscaí ag a' mbrothtuinn sin, a's a bheadh ag duine ar foghna(mh).
 
bunús
Dheamhan gaisce 'bith ar a' méid bunúis atá aca(b), má's sin é do scéal anois, ach tá neart floscaí a's gailimaisidheacht aca(b), má dhéanann sin dóib é.
 
Floscaí agus áidhbhéil ar fad é = gaisce agus gailimaisidheacht atá aige fré chéile
 
Bíodh ciall ugad! Fear fólamtaí thú indar liom fhéin, agus in a dheidh sin tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar innis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'innseódh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuirí a íoc, ná bacadh len a gcuid flasúlacht
 
folamh 2
"Níl fiacha ná falamh ar an teach sin thíos" adeir sí. "Tá sé sin cho glan leis an gcriostal." A Dhia láidir nach aice atá na floscaí! Agus nach bhfuil aonduine san tír nach bhfuil rud aige uirre
 
Dheamhan dochar ann, ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beó is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneál ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht
 
Droch-rath an diabhail air le floscaí a bheith aige! Ní fhaca muide ariamh é ach ag foirseadh an ocrais
 
fáisc
Nar chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí, agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile = bhí a mhuinntir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tóigeadh é bocht
 
Nach deas a chuir sé dalladh mullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith indon imeartas air fhéin
 
deamhan 1
Dheamhan's móide fata in a theach, th'éis a bhfuil de fhloscaí aige!
 
Tá sé in a fhear sáthach maith marach cho deangmháilte agus atá sé. Ach tá an oiread gárdaí agus floscaí aige in a dheidh sin, agus nach féidir a "phléasáil" (plase = please). Bhí sé ag iarraidh mná annsin an bhliain cheana, agus ní shásóchadh duine ar bith é, mara bhfaghadh sé máistreás scoile. Faghadh sé iad sin feiceamuist!
 
domhan
Shílfeá gur leis an domhan le' bhfuil de fhloscaí aige
 
'Siad togha na bhfataí a bhí inGarrdha an Chladaigh anuiridh, adeir sí. Is beag dá cuid floscaí an chaint sin. Togha na bhfataí inGarrdha an Chladaigh! Ba mhinic leis. Ní fhaca muid ariamh ach an díogha ann
 
Gabhfaidh sé ins na fir mhóra anois ach a mbeidh an teach nuadh déanta aige. Is fada an lá é ag tnuthán le teach nuadh. Feicfidh tú féin nach mbeidh seasamh ar bith leis anois, le 'mbeidh de fhloscaí aige