Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
floscaí
ainmfhocal
gaisce; flasúlacht, galamaisíocht; a bheith mórfhoclach.
+
Tá go leor floscaí aige — gaisce; a bheith mórfhoclach; gaisce a dhéanamh as a shlí, as a chuid airgid, as a chuid clainne, as a chuid oibre nó as a fhlasúlacht
Dá dtugadh floscaí duine do na flaithis, is maith ard ann a bheadh sí
TUILLEADH (4) ▼
'Tá fuíoll na bhfuíoll sa teach sin thíos,' adeir sí. 'Dhá mba é an duine ab fhaide amach uainn sa tír a chasfaí againn, gheobhadh sé óstachas lá nó mí uainn, ní áirím mo dheartháir.' A Dhia láidir! Nach aici atá na floscaí!
Tá do dhá dhíol floscaí agat ar fad. Má tá do chlann chomh fíriúil sin, cá'il an obair déanta acu. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa libh agus mé aonraic
Éist leis an bhfloscaíocht agus leag amach na puint seo ar fad atá agat ansin ar an mbord, leagfaidh mise amach punt ar an bpunt leat, agus níl floscaí ar bith agam. Ach má bhíonn tusa an punt fhéin uireasach, dheamhan brat pósta a ghabhfas ar m'inín le do mhac go héag. That is it now boy!
Is furasta dhó floscaí fhéin a bheith aige nuair nach ndéanann sé díolaíocht le aon duine. Dhá n-íocadh sé sin a bhfuil d'fhiacha air, ba bheag na floscaí a bheadh aige faoina chuid airgid, mar ní mórán dhe a bheadh aige!

floscaí in iontrálacha eile (20)

 
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh ina throscadh, bheadh sé mórfhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.
 
ceal 1
Mura bhfuil aon ghníomh ann muis, ní cheal gaisce agus floscaí é.
+
Tá an oiread cóipíse agus floscaí aige, agus go mbeifeá tuirseach ag éisteacht leis in aon leathuair amháin. Sháraigh sé muid aréir, ag inseacht dhúinn céard a rinne sé le seachtain.
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeadh Seán céanna cosa beaga faoi na glasógaí le teann cóipíse agus floscaí. Go bhfóire Dia ar aon duine a chaithfeas éisteacht leis ar an gceird siúd!
 
Tá an oiread floscaí ag an mbratainn sin agus a bheadh ag duine ar fónamh.
 
bunús
Dheamhan gaisce ar bith ar an méid bunúis atá acub, más sin é do scéal anois, ach tá neart floscaí agus galamaisíocht acub má dhéanann sin dóibh é.
 
Floscaí agus áibhéil ar fad é — gaisce agus galamaisíocht atá aige fré chéile
 
Bíodh ciall agat! Fear foghlamtha thú i ndar liom fhéin, agus ina dhiaidh sin, tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar inis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'inseodh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuraidh a íoc ná bacadh lena gcuid flasúlacht
 
folamh 2
'Níl fiacha ná folamh ar an teach sin thíos,' adeir sí. 'Tá sé sin chomh glan leis an gcriostal.' A Dhia láidir nach aici atá na floscaí! Agus nach bhfuil aon duine sa tír nach bhfuil rud aige uirthi
+
Duine floscaithe é (floscaí?) — duine gaisciúil
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chaint a bhí uirthi muise, gur thug sí luach deich bpunt de sheanéadaigh agus de sheanbhróga do bhean an tincéara. Dhá mba duine floscaithe mise, séard adéarfainn léithe, gurb í mo mháthair a choinnigh éadach uirthi nuair nach raibh folach aici le cur ar a craiceann. Ach tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí
 
Dheamhan dochar ann ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beo is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneáil ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht
 
Drochrath an diabhail air le floscaí a bheith aige! Ní fhaca muide ariamh é ach ag fuirseadh an ocrais
 
fáisc
Nár chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile — bhí a mhuintir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tógadh é bocht
 
Nach deas a chuir sé dallamullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith in ann imeartas air fhéin
 
deamhan 1
Dheamhan is móide fata ina theach, théis a bhfuil de fhloscaí aige!
 
Tá sé ina fhear sách maith murach chomh diongbháilte agus atá sé. Ach tá an oiread gardaí agus floscaí aige ina dhiaidh sin, agus nach féidir a phlaseáil (please). Bhí sé ag iarraidh mná ansin an bhliain cheana, agus ní shásódh duine ar bith é, mura bhfaigheadh sé máistreás scoile. Faigheadh sé iad sin feiceamuist!
 
domhan
Shílfeá gur leis an domhan le a bhfuil de fhloscaí aige
 
'Siad togha na bhfataí a bhí i nGarraí an Chladaigh anuraidh, adeir sí. Is beag dá cuid floscaí an chaint sin. Togha na bhfataí i nGarraí an Chladaigh! Ba mhinic leis. Ní fhaca muid ariamh ach an díogha ann
 
Gabhfaidh sé sna fir mhóra anois ach a mbeidh an teach nua déanta aige. Is fada an lá é ag tnúthán le teach nua. Feicfidh tú féin nach mbeidh seasamh ar bith leis anois le a mbeidh de fhloscaí aige