Foghairt
—Ainmfhocal, Buineann
1.
rud a chuirtear faoi shúil bó nó capaill.
+–
Dhá mbeadh aon-cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithe: bun sailí (slat shailí) a dhóghadh, agus a mheilt annsin, nó go ndéanfaí cho mion le snaoisín é; slam salainn a fháil, agus é a chruachan, agus an salann agus mionús na sailí a shuathadh go maith; cleite a fháil annsin agus an mioscán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; annsin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirre, is leo sin a chuirtear foghairt in a súil
Tá péarla ar shúil an chapaill sin. Níor mhór foghairt a chur fúithe
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir gur gionnóid (dionnóid) shalachair a ghabh inte. B'fhearr foghairt a chur fúithe. 'Ar ndú' ní dochar a dhéanfas sé di ar aon-chor
Níl tusa indon foghairt a chur faoin gcapall sin. Fág faoi dhuine eicínt é a rinne cheana é, agus atá eolgach ar na gnaithí. Bhuailfeá faoi rud ar bith.
2.
neartú a chuirtear i gcruaigh.
+–
Tugann an gabha foghairt don "drill". Coinníonn sé dhá chur síos agus aníos san uisce, nó go mbíonn foghairt ann. Ní leigeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeóidh an géireadas as má bhíonn fabhairt ann. Ní theigheann foghairt ar bith igcrúdh. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon-fhoghairt ann. Ní bhíonn aon-chall dó leis. I gcruach a theigheas foghairt = foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
Ní sheasfaidís sin dhá iarraidh d'uireasa foghairte. Is beag an baol. Nach bhfuil sé ag luighe le réasún? Nach bhfuil a fhios agad fhéin an rud a thollfas an chloich nach fuláir dó foghairt — agus foghairt mhaith. Ach cén chaoi a ndéanfaidís tada fadó? Agus gan aca ach tuaigheannaí adhmaid
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaighe — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí cho roighin le gad
3.
faobhar, coinneal nó scéin i súile duine, le feirg nó taghd.
+–
A dheárthair mo chroí thú, tá foghairt in a shúile siúd i gcomhnaí = scéin, coinneal
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia gheobhadh sé faoi na foraí é, marach mise a bheith ann le eadarascán a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní éadáil mhór ar bith an fhoghairt a theagas sna súile aige scaití. Cheapfainn nach bhféadfadh a bheith staidéarach dó. Bhí saochan ar a athair féin
Foghairt in iontrálacha eile (6)
+
→
fogha
Bhí sé ag cur foghairt arúir sa mbró nuair a tháinig mé cho fada leis. "Ní bheadh aon-deoir fuisce poitín agad" adeirim féin? "Tá", adeir sé, "maran fada leat fanacht léithe seo". "Ab shin é an chaoi a bhfuil sé?" adeirim féin. "Sé" adeir sé. "Trí seachtainí ar chuma ar bith" = le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneál leis an "thrasher". Bhí an fear a bhíos in éindigh leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneál léithe siúd = "feed" the thrasher
Ní choinneoidh na daoine foghairt san meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo. Níl an earradh ann
+
→
faobhar
Cuirfidh sé siúd foghairt (fogairt) agus faobhar uirre (rásúr, speal etc.)
TUILLEADH (2) ▼
Tá foghairt agus faobhar uirre anois. Breathnuigh an bhfeicfidh tú a mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
Tiúrfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mara ndúine tú do chlab