foghairt
—ainmfhocal, baineann
1.
rud a chuirtear faoi shúil bó nó capaill.
+–
Dhá mbeadh aon cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithi: bun sailí (slat shailí) a dhó, agus a mheilt ansin, nó go ndéanfaí chomh mion le snaoisín é; slám salainn a fháil agus é a chruachan, agus an salann agus mionbhas na sailí a shuaitheadh go maith; cleite a fháil ansin agus an meascán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; ansin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirthi, is leo sin a chuirtear foghairt ina súil
Tá péarla ar shúil an chapaill sin. Níor mhór foghairt a chur fúithi
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir gur gionnóid (deannóid) shalachair a ghabh inti. B'fhearr foghairt a chur fúithi. Ar ndóigh ní dochar a dhéanfas sé di ar aon chor
Níl tusa in ann foghairt a chur faoin gcapall sin. Fág faoi dhuine eicínt é a rinne cheana é agus atá eolgach ar na gnaithí. Bhuailfeá faoi rud ar bith.
2.
neartú a chuirtear i gcruaigh.
+–
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
Ní sheasfaidís sin dhá iarraidh d'uireasa foghairte. Is beag an baol. Nach bhfuil sé ag luí le réasún? Nach bhfuil a fhios agat fhéin an rud a thollfas an chloich nach foláir dó foghairt — agus foghairt mhaith. Ach cén chaoi a ndéanfaidís tada fadó? Agus gan acu ach tuannaí adhmaid
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaí — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí chomh righin le gad
3.
faobhar, coinneal, nó scéin i súile duine le feirg nó taghd.
+–
A dheartháir mo chroí thú, tá foghairt ina shúile siúd i gcónaí — scéin, coinneal
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia, gheobhadh sé faoi na foraí é murach mise a bheith ann le eadrascán a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní éadáil mhór ar bith an fhoghairt a theagas sna súile aige scaití. Cheapfainn nach bhféadfadh a bheith staidéarach dó. Bhí saochan ar a athair féin
foghairt in iontrálacha eile (9)
+
→
fogha
Bhí sé ag cur foghairt arbhair sa mbró nuair a tháinig mé chomh fada leis. 'Ní bheadh aon deoir fuisce poitín agat,' adeirim féin? 'Tá,' adeir sé, 'muran fada leat fanacht léithe seo.' 'Ab in é an chaoi a bhfuil sé?' adeirim féin. '’Sé,' adeir sé. 'Trí seachtainí ar chuma ar bith' — le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneáil leis an thrasher. Bhí an fear a bhíos in éindí leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneáil léithe siúd — feed the thrasher
Ní choinneoidh na daoine foghairt sa meilteachán chor ar bith má mhaireann an saol seo. Níl an earra ann
+
→
faobhar
Cuirfidh sé siúd foghairt agus faobhar uirthi (rásúr, speal srl.)
TUILLEADH (2) ▼
Tá foghairt agus faobhar uirthi anois. Breathnaigh an bhfeicfidh tú an mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
→
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
→
díocas
Bhí foghairt ina shúil le teann díocais a dhul ina héadan (a dhul in éadan mná). Is uaidh a theastódh a bheith dhá bhlastáil nó nach bhfanfadh smeámh ann. Shílfeá go mbeadh cuibhiúlacht eicínt ann i láthair na ndaoine agus eile