Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tFolc
Briathar
Ainm Bhriathar (folcadh, an folcadh)
1.
uisce a chur suas thar rud; rud a chur in uisce; baslach a bhualadh ar rud; rud a níochán. (fc. folc shnámh).
+
Thug mé folcadh don mhadadh san bhfarraige. Bainfidh sin na míola as = a chaitheamh síos as dóláimh san bhfarraige, de charraig nó de mhullán agus cead aige snámh ar bruach
Is dona a chruthuigh sib má bhí sé ag cur aon-treampán oraibh san gcurach nachar rug air amuigh ar an meath mhóir agus folcadh beag a thabhairt dó! Chomhairleódh sin é = tumadh a thabhairt san bhfarraige dó
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé folcadh eicínt do T. san bportach, ach dheamhan a raibh ann ach scliúchas beag. Tada ach gur chuir sé turraic ann ar bruach, agus gur chaith sé san bpoll é
Má dheireann tú smid eile, tiúrfaidh mé folcadh dhuit san lochán
·
Níl aon-mhaith do dhuine snámh a bheith aige mara bhfuil [sé] indon folcadh a dhéanamh air fhéin = a bheith indon a dhul faoin uisce agus a chur suas ort féin le oibriú na gcos agus na sál (fc. folc shnámh)
·
Is iomdha folcadh mór a fuair sé ariamh ó dhroch-fharraigí, agus nach maith go dtáinig sé slán in a dheidh sin
Caithfidh mé a dhul síos agus folcadh beag a thabhairt dom fhéin. Is fadó an lá nachar raibh mé ar snámh
2.
an t-uisce a bheith ag dul thar bharr rud.
a.
+
Tá Cloch an Mhioscáin folcha anois = an taoille tuile ag dul thar a barr, i gcruth agus nach mbeadh sí "leis" ní b'fhuide {{(i ráití mar sin, agus mar iad seo síos is coitianta é)
Is gearr go mbeidh sé in a thuile. Tá Carraig Bh. T. leathfholcha = an taoille árduithe suas leath bealaigh uirre
TUILLEADH (2) ▼
M'anam go bhfuil scoth-thaoille maith anocht ann. Shíl mé gur mallmhuir a bhí ann. Tá Carraig an tS. ionnan's folcha, agus ní fheicfeá folcha í sin, ach le rabharta mór
Níl brígh tráighte fós aige. Chomh uain agus a fheicfeas tú gob na C. folcha, ní bheidh aon-bhaol air a bheith in a thráigh
b.
rud a bheith báite (faoin uisce, san talamh etc.).
·
Rinne sé tuile bháistí aréir. Tá garraí an chladaigh folcha aríst = é faoi uisce; an t-uisce sceite air
·
Cloch í atá folcha san talamh = tá sí báite san talamh: tá an talamh fásta suas go dtí na barr
Clocha reatha atá ann. Thréis go bhfuil siad leath-fholcha go maith idtalamh, bhainfeadh gró gan stró ar bith iad, mar ní ag eirí de leic atá siad
c.
rud a bheith ag sroicheachtáil níos airde ná rud eile agus ag cur an rud eile ó amharc.
+
Chuaigh curach siar annsin le cloich trathnóna, agus níl ann ach go mba léar duit í. Bhí sí folctha ag farraige cháite
Tá a chloigeann folcha go maith anois ag an bhfolt atá air = an-chloigeann gruaige air
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr a bheadh teach bán chor ar bith nuair a bheadh sé folcha ag an talamh. M'anam gur gearr, mara mbeidh aon-bhualadh air (daoine ag dul go dtí é, timpeall air agus isteach ann). Feacha na sean-tithe a rinne poilitéaraí suas ar an tamhnachaí. Tá agus banrachaí caorach freisin
Ní fheicfeá an teach chor ar bith. Tá sé folcha ag na crainnte = teach a bheadh istigh i lár coilleoige nó crainnte
Ní féidir an coinicéar a fheiceál anois. Tá sé folcha ag driseachaí agus ag tumachaí
Ná bac le fataí a beith san ngarraí sin thoir. Ní bheidh a dtuairisc fhéin ann. Tá na dasachaí uilig folcha ag barráiste = an barráiste fásta i bhfad níos airde ná na dasachaí agus ag cairiú amach as a gcionn
Tá cúilín den gharraí faoi shíol féir agus an cúilín len ais faoi thurnapaí, ach dar fia, tá na turnapaí folcha ag an síol féir
Ara beannacht Dé dhuit. Ní bheidh aon-oinniún ann ná cuid d'oinniún. Tá a ngoib aníos, ach má tá fhéin tá siad folcha ag pláigh shalachair

Féach freisin

Folc in iontrálacha eile (2)

 
deoir
Tá sé ag folcadh na ndeor = ag gol go trom
 
Tá an dá Bhanra folctha = an Banra Beag agus an Banra Mór; dhá charraig mhara