1.
uisce a chur suas thar rud; rud a chur in uisce; boslach a bhualadh ar rud; rud a níochán (fc. folcshnámh).
+–
Thug mé folcadh don mhadadh sa bhfarraige. Bainfidh sin na míola as — a chaitheamh síos as dóláimh sa bhfarraige de charraig nó de mhullán agus cead aige snámh ar bruach
Is dona a chruthaigh sibh má bhí sé ag cur aon treampán oraibh sa gcurach nár rug air amuigh ar an meath mhóir agus folcadh beag a thabhairt dó! Chomhairleodh sin é — tumadh a thabhairt sa bhfarraige dó
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé folcadh eicínt do T. sa bportach ach dheamhan a raibh ann ach scliúchas beag. Tada ach gur chuir sé turraic ann ar bruach agus gur chaith sé sa bpoll é
Má dheireann tú smid eile tabharfaidh mé folcadh dhuit sa lochán
·
Níl aon mhaith do dhuine snámh a bheith aige mura bhfuil sé in ann folcadh a dhéanamh air fhéin — a bheith in ann a dhul faoin uisce agus a chur suas ort féin le oibriú na gcos agus na sál (fc. folcshnámh)
·
Is iomaí folcadh mór a fuair sé ariamh ó dhrochfharraigí agus nach maith go dtáinig sé slán ina dhiaidh sin
Caithfidh mé a dhul síos agus folcadh beag a thabhairt dom fhéin. Is fadó an lá nár raibh mé ar snámh
2.
a.
an t-uisce a bheith ag dul thar bharr rud.
+–
Tá Cloch an Mhioscáin folctha anois — an taoille tuile ag dul thar a barr i gcruth is nach mbeadh sí "leis" ní b'fhaide. I ráití mar sin agus mar iad seo síos is coitianta é
Is gearr go mbeidh sé ina thuile. Tá Carraig Bh. T. leathfholctha — an taoille ardaithe suas leath bealaigh uirthi
TUILLEADH (2) ▼
M'anam go bhfuil scoth-thaoille maith anocht ann. Shíl mé gur mallmhuir a bhí ann. Tá Carraig an tS. ionann is folctha, agus ní fheicfeá folctha í sin ach le rabharta mór
Níl brí tráite fós aige. Chomhuain is a fheicfeas tú gob na C. folctha, ní bheidh aon bhaol air a bheith ina thrá
b.
rud a bheith báite (faoin uisce, sa talamh srl.).
·
Rinne sé tuile bháistí aréir. Tá garraí an chladaigh folctha aríst — é faoi uisce; an t-uisce sceite air
·
Cloch í atá folctha sa talamh — tá sí báite sa talamh; tá an talamh fásta suas go dtí n-a barr
Clocha reatha atá ann. Thréis go bhfuil siad leathfholctha go maith i dtalamh, bhainfeadh gró gan stró ar bith iad mar ní ag éirí de leic atá siad
c.
rud a bheith ag sroicheachtáil níos airde ná rud eile agus ag cur an rud eile ó amharc.
+–
Chuaigh curach siar ansin le cloich tráthnóna agus níl ann ach go mba léir duit í. Bhí sí folctha ag farraige cháite
Tá a chloigeann folctha go maith anois ag an bhfolt atá air — an-chloigeann gruaige air
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr a bheadh teach bán chor ar bith nuair a bheadh sé folctha ag an talamh. M'anam gur gearr, mura mbeidh aon bhualadh air (daoine ag dul go dtí é, timpeall air agus isteach ann). Féacha na seantithe a rinne pailitéaraí suas ar an tamhnachaí. Tá agus banrachaí caorach freisin
Ní fheicfeá an teach chor ar bith. Tá sé folctha ag na crainnte — teach a bheadh istigh i lár coilleoige nó crainnte
Ní féidir an coinicéar a fheiceáil anois. Tá sé folctha ag driseachaí agus ag tomachaí
Ná bac le fataí a beith sa ngarraí sin thoir. Ní bheidh a dtuairisc fhéin ann. Tá na dasachaí uilig folctha ag borráiste — an borráiste fásta i bhfad níos airde ná na dasachaí agus ag caithriú amach os a gcionn
Tá cúilín den gharraí faoi shíol féir agus an cúilín lena ais faoi thornapaí, ach dar fia, tá na tornapaí folctha ag an síol féir
Ara beannacht Dé dhuit. Ní bheidh aon oinniún ann ná cuid d'oinniún. Tá a ngoib aníos, ach má tá fhéin tá siad folctha ag plá shalachair