Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Follasach follastaí
Aidiacht
"follastaí" go minic ar an Achréidh
solasach: soiléar: ro-fheicsiona: ro-thuighe: greannta.
+
Tá na cnoic an-fhollasach (an-fhollastaí: Achréidh) inniu. Báisteach atá air aríst
Bhí sé annsin as comhair do dhá shúl cho follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é in a dhiaidh sin
TUILLEADH (14) ▼
Ní fhaca mé tithe Árann cho follasach ariamh agus a bhí siad inniu. Sin athrú aimsire
Feicimse follasach go maith é muis pérbith céard a dhéanfas tusa
Chonnaic mé an sonnda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagha air
Tá sé sách follasach le feiceál agad, má osclaíonn tú do dhá shúil. Nach shin é annsin é!
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár ionta!
Tá tigh Sh. Th. follasach inniu thar mar a bhí sé inné. Bhí smúit san aer inné
Sonnda follasach a bhí ann
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an árd ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
Déanann tú scríbhneoireacht an-fhollasach bail ó Dhia ort = soiléar so-léite
Níl an prionnda atá san bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
Tá ball dóráin follasach uirri faoin a smig
Gruaig fhollasach atá air. Bíonn gruaig ruadh follasach i gcomhnaí
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile san tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneóig
An bhfuil an bhróig sin sách follasach agad, nó an dteastaíonn tuilleadh solais uait len a deasú
+
Ní fhéadfaí gan breith air. Theigheadh sé ro-fhollasach ar an abhainn. Nar fhéad na maora é a fheiceál ag dul ann chuile phuinnte
M'anam nach gar dó a bheith ag ceilt nach mbíodh sé ag cúirtéaracht léithi. Sé a bhíodh, agus go follasach!
TUILLEADH (3) ▼
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol ro-fhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thiúrfadh sé buidéal poitín dó cho maith leis an té a mbeadh sé in a dhá chuid déag leis
Marach cho follasach agus a rinne sé é, bhí an báire leis. Más le duine caimiléaracht a dhéanamh, ní mór dó a bheith cuibhiúil!
+
Is follasach don tsaol fódlach nach bhfuil a cheird aige
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach in a dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé follastaí nach ndeachaidh sé ann. Dhá dteigheadh ní ag cur tuairisc faoi a bheadh sé
Is duine mí-shlaintiúil í. Tá sin follastaí go leor
Tá sé sách follasach domsa ar aon-chor gur bréag é sin hébrí céard a dhéanfas tusa
Is follasach nach bhfuil aon-mhaith a bheith ag caint leis. Sí a chomhairle fhéin a dhéanfas sé dhá mbeadh an saol ag caint
Is follasach gur chuir tusa fataí cheana bail ó Dhia ort! Tá na múslaí agad!
Is follasach nach raibh tú ann ariamh th'éis a bhfuil de chaint agad faoi. Dhá mbeitheá, ní fhéadfá gan an áit atá mise a rá a thabhairt faoi deara. Tá sé sunntasach
·
Dhá mbeadh an creideamh sách follasach in a n-intinn, ní dhéanfaidís rud mar sin. Ba bheag an baol orra
Chuir sé chun tuiscint dom go follasach nach dtiúrfadh sé aon-cheann dom mar n-ólainn cupla pionnta. Sin í an tslíomadóireacht atá orra leo (tuitíní). Gheobhaidh fear an óil iad, ach tá chuile dhuine eile asta

Féach freisin

Follasach in iontrálacha eile (4)

 
Ní fhaca mé fáinne na gealaí ariamh cho follasach agus atá sé anocht. Tá sinseáil eicínt air
 
Má tá tú sáthach fad-bhreathnuigheach, is follasach duit féin as deireadh na cúise gur mise atá ag rádh na fírinne
 
Anois b'fhéidir, tá na cnuic ag dul faoi! Feicim go follasach iad
 
Is maith an scéal é nach ndeachaidh leis sin ar chaoi ar bith. Mharbhuigh sé a bhean: nach raibh sé follasach ag Feara Fáil. Níor thruaighe ar bith é, ná aonduine eile a dhéanfas a mhacsamhail de chleas