Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
follasach, follasta
aidiacht
follastaí go minic ar an Achréidh
solasach; soiléir; rófheicseana; róthuigthe; greanta.
+
Tá na cnoic an-fhollasach (an-fhollastaí: Achréidh) inniu. Báisteach atá air aríst
Bhí sé ansin os comhair do dhá shúl chomh follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (14) ▼
Ní fhaca mé tithe Árann chomh follasach ariamh agus a bhí siad inniu. Sin athrú aimsire
Feicimse follasach go maith é muis, pé ar bith céard a dhéanfas tusa
Chonaic mé an sonda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagtha air
Tá sé sách follasach le feiceáil agat, má osclaíonn tú do dhá shúil. Nach in é ansin é!
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár iontu!
Tá tigh Sh. Th. follasach inniu thar mar a bhí sé inné. Bhí smúit san aer inné
Sonda follasach a bhí ann
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an ard ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
Déanann tú scríbhneoireacht an-fhollasach bail ó Dhia ort — soiléir soléite
Níl an prionta atá sa bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
Tá ball dobhráin follasach uirthi faoina smig
Gruaig fhollasach atá air. Bíonn gruaig rua follasach i gcónaí
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
An bhfuil an bhróig sin sách follasach agat, nó an dteastaíonn tuilleadh solais uait lena deasú
+
Ní fhéadfaí gan breith air. Théadh sé rófhollasach ar an abhainn. Nár fhéad na maortha é a fheiceáil ag dul ann chuile phointe
M'anam nach gar dó a bheith ag ceilt nach mbíodh sé ag cúirtéireacht léithe. 'Sé a bhíodh, agus go follasach!
TUILLEADH (3) ▼
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol rófhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thabharfadh sé buidéal poitín dó chomh maith leis an té a mbeadh sé ina dhá chuid déag leis
Murach chomh follasach agus a rinne sé é, bhí an báire leis. Más le duine caimiléireacht a dhéanamh, ní mór dó a bheith cuibhiúil!
+
Is follasach don tsaol Fódlach nach bhfuil a cheird aige
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach ina dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé follasta nach ndeachaigh sé ann. Dhá dtéadh ní ag cur tuairisc faoi a bheadh sé
Is duine míshláintiúil í. Tá sin follasta go leor
Tá sé sách follasach domsa ar aon chor gur bréag é sin, hé brí céard a dhéanfas tusa
Is follasach nach bhfuil aon mhaith a bheith ag caint leis. 'Sí a chomhairle fhéin a dhéanfas sé dhá mbeadh an saol ag caint
Is follasach gur chuir tusa fataí cheana bail ó Dhia ort! Tá na múslaí agat!
Is follasach nach raibh tú ann ariamh théis a bhfuil de chaint agat faoi. Dhá mbeifeá, ní fhéadfá gan an áit atá mise a rá a thabhairt faoi deara. Tá sé suntasach
·
Dhá mbeadh an creideamh sách follasach ina n-intinn, ní dhéanfaidís rud mar sin. Ba bheag an baol orthu
Chuir sé chun tuiscint dom go follasach nach dtabharfadh sé aon cheann dom mura n-ólainn cupla pionta. Sin í an tslíomadóireacht atá orthu leo (toitíní). Gheobhaidh fear an óil iad, ach tá chuile dhuine eile astu

Féach freisin

follasach in iontrálacha eile (4)

 
Ní fhaca mé fáinne na gealaí ariamh chomh follasach agus atá sé anocht. Tá sinseáil eicínt air
 
Má tá tú sách fadbhreathnaitheach, is follasach duit féin as deireadh na cúise, gur mise atá ag rá na fírinne
 
Anois b'fhéidir, tá na cnoic ag dul faoi! Feicim go follasach iad
 
Is maith an scéal é nach ndeachaigh leis sin ar chaoi ar bith. Mharaigh sé a bhean: nach raibh sé follasach ag feara Fáil. Níor thrua ar bith é, ná aon duine eile a dhéanfas a mhacasamhail de chleas