Follántas
—Ainmfhocal Fireann, as "folláin"
—
slainte; neamh-fhabht; coimpléasc.
+–
  Deir tusa go bhfuil sí folláin.  Ní den fhollántas a bheith réidhe suas in a bolgán béice mar siúd di.  Cheapfainn gur bean í atá fabhtaithe ar fad
Tá follántas san bpórtar ach a theacht le riar dhó (dhe).  'Ar ndó sin é an buille: a theacht le riar dhó, má tá duine ag pléidh leis chor ar bith
      
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Sin follántas a mhic ó, mór-ghalra a theacht ort.  Ná bíodh faitíos ort.  Sin é do mhaith
Ní follántas ar bith dhomsa a bheith do mo sheacadh fhéin annseo chois claidhe ag éisteacht libse ag nathaíocht
Is breá an follántas do lucht na mbailte móra sin a theacht amach ag déanamh aeir faoin tuaith 'chuile Dhomhnach
Maidir leis an áit sin!  Tá follántas ann, ach sin é an méid!
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      folláin 
                    
                  
                
              
            Follántas in iontrálacha eile (2)
                    →
                    dealbh 2
                  
                  
                    Níl aon-tSatharn dhár dhealbh an ghrian nach dteigheadh sí G., an fhad agus a mhair sí.  Ní raibh lá dhá dheannachtaighe indon a coinneál istigh.  Is minic a chonnaic mé ag teacht abhaile trathnóna í, agus an sruth as a cuid éadaigh.  Dheamhan ruaig shlaghdáin a tholg sí ariamh as in a dheidh sin.  Bhí an follántas mór ag imeacht leo sin ar fad