Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
folláin
aidiacht
fuaim: fulláin
slán; sláintiúil; gan a bheith fabhtach; gan a bheith tolgtha; coimpléascach; neamhéagnach.
a.
+
Duine an-fholláin é
Tá sé dubhfholláin. Murach go bhfuil, ní fhéadfadh sé beatha mar sin a ithe
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil sé siúd tolgtha: gurb é atá slán folláin
Tá sé chomh folláin le breac; tá sé chomh folláin leis an mbradán seang; tá sé chomh folláin le reithe Márta, le glasmhíol Márta, le giorria Márta, le roc Márta srl. — bíonn sé i gceist nach bhfuil rud ar bith dá mbeirtear ná dá ngortar sa Márta nach mbíonn crua folláin
Dá mbeadh sé chomh folláin leis an mbradán seang, tá sé in am aige bás a fháil feasta. Nach bhfuil sé go hard os cionn an chéid?
+
A Thiarna, a Thiarna, nach deacair a rá nach bhfuil an fear sin folláin? Fear ar bith a théas ar snámh geimhreadh agus samhradh chomh maith le chéile
Is beag an neamhchodladh a bheas ar Sheán seo thuas mo léan! Fear folláin é sin! D'éireodh dhó agus a n-itheann sé de chnuasach chladaigh
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair do na daoine a bheith folláin agus a bhfuil siad a ól de tae
Féacha chomh folláin agus a bhí an dream a bhí fadó ann!
Ní imeodh sé folláin muise dhá bhfeicinnse é — bhuailfinn é
Ní folláin a d'fhágfadh sé an teach seo dhá mbeinnse roimhe. Faraor nach raibh!
+
Aimsir fholláin í seo. Tá sí teann tirim
Áit bhreá fholláin acrach an áit s'agaibhse
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú nach gcuirfeadh púdar an leic sin thoir in aer. Cheapfainnse go gcuirfeadh. Tá dromán folláin aici. Nach bhfuil sí ina clár reatha ar fad? Níl sí siúnáilte chor ar bith. Ní féidir púdar a chur in aghaidh siúnta i leic. Dhá gcuirfeá, ní bhainfeadh sé di ach screamhóigín
+
Níl an fata seo folláin déarfainn — slán; tá sé fabhtach istigh ann
B'fhearr dhuit an tsail sin a theilgean féint a bhfuil sí folláin. Is mór m'amhras go bhfuil fárcáin inti
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon fhata folláin ag gabháil leis an gcúl thoir. Shílfeá go mbeadh nó go mbreathnófá go grinn orthu
Bhí giúirinneachaí air (clár) ach bhí sé folláin. Ní raibh air ach an chéad bhrat. Má fhaigheann tú ar an gcéad bhrat giúirinneacha iad (cláir sa mbruth faoi thír), tá agat. Ní bhíonn siad loite.
Is beag an mhaith an tsail sin. Níl orlach bacairt folláin ina corp. Nach in í foirgthe ar fad ag giúiríní í?
Togh na meaingeals fholláine anois agus caith acu iad. Níl aon mhaith an chuid atá ina bpiora a thabhairt dóibh
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
b.
·
Ara muise níl an geolbhachán sin folláin chor ar bith agus ní raibh ariamh — go bhfuil sé fabhtach; go bhfuil feall agus caimiléireacht ann

Féach freisin

folláin in iontrálacha eile (28)

 
M'anam muise, má tá sé folláin, go bhfuil sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Dheamhan a bhfaca tú ariamh aon duine is caillte snua ná é.
 
Bhainfeadh duine ceart den tsioc. Má bhíonn an uair fuar fhéin bíonn sí breá folláin, ach ní thaitníonn an biathú sneachta seo liom chor ar bith. Préachfaidh sé na daoine, má mhaireann dó.
 
borr
B'fhurasta a aithinte nach raibh sé folláin agus an borradh a bhí faoi ag teacht suas dó.
+
aer
Tá an t-aer folláin (trom, tais, fuar, te srl.) san áit sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an t-aer múscaí tais i gcónaí in Árainn, ach déarfaí ina dhiaidh sin go bhfuil sé folláin
 
Deir tusa go bhfuil sí folláin. Ní den fhollántas a bheith réidh suas ina bolgán béice mar siúd di. Cheapfainn gur bean í atá fabhtaithe ar fad
 
B'fhóintí go mór duit píopa cailce a cheannacht agus gan bacadh leis an bpíopa maide sin. Deir siad gur folláine é ar aon chor
 
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an creatán sin air i gcónaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mífhollántas
 
farc
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirgthe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láí agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirthi. Bhí sí folláin
 
feall 1
Ba mhinic le duine dhá dhream an fheall a dhéanamh. Ní raibh siad folláin ariamh. Rinne a athair fhéin spíodóireacht aimsir na mBlack and Tans — rud mar spíodóireacht
 
fuar 2
Diabhal fiuchadh ná deide a thug sé siúd ar na huibheachaí ach a n-ithe suas fuar beathach. Is fear folláin é. Déarfaidís nach bhfuil léamh ar bith ar uibheachaí fuara mar sin
 
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
 
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as chomh saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine sa tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Más é sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh ina chrioslaigh. Tá snua an-lasúnta air le gairid, agus shílfeá go mbíonn an creatán eile sin ag gabháil dó freisin. 'Sé an sórt duine é, ní éagnódh sé aon cheo go brách nó go dtitfeadh sé i mbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí ina thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a ligean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar chuile dhuine é
 
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá inti. Nach geall le pota fola í! Tá sí ró-otraithe freisin
+
Siúd é an áit dheiridh a mhic ó — an t-easpaicil. Ní bhfaighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céanna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
TUILLEADH (1) ▼
Tá geoladh deas aniar aneas anois ann. Tá sé ina chlaochmú. Ní móide go bhfeicfeá aon deoir anocht, ach feicfidh tú í shula gcaitear an lá amárach. Ba bhreá é an sioc. Aimsir theann fholláin í aimsir an tseaca. Tá an tír tolgtha ag an mbáistigh ó tháinig an bhliain
 
domhan
Bean an-fholláin den domhan a bhí inti. Sin é a sheas di
 
Tá sé séidte suas uileag. Ní mheasaim gur fear é atá folláin théis a bhfuil de ghríscíní air. Bíonn sé ag dranntaireacht i gcónaí, agus ní shiúlfadh sé as seo go cladach gan saothar an diabhail mhóir a bheith ann
 
'Má ghníonn tú do theach ansin,' arsa mise leis, 'beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agat ann. Is áit aerach fholláin é. Tá cóngar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drantán ceoil ag na héanachaí sa gcoill chuile lá sa mbliain'
+
dreach
Tá dreach an-bhánghnéitheach uirthi. Ach dhéanfadh an áit istigh é sin. Duine ar bith a bhíos cuibhrithe i gcónaí taobh istigh de dhoras, bíonn siad bánghnéitheach mar sin. Níl rud ar bith is folláine do dhuine ná a bheith isteach is amach
TUILLEADH (1) ▼
Féacha na tincéaraí sin thoir. 'Siad atá craosach dearg agus dreach gréine agus gaoithe orthu. Dheamhan duine in do thír is folláine ná iad
+
dreas 2
Móin ar bith nach gcuirfidh an ghrian dreas agus creat uirthi, ólfaidh sí an t-uisce má bhíonn sí tirim féin. Ní bheidh sí folláin istigh ná amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa tine, agus faigh do chasúr agus téirigh ag orlaíocht air scaithín, agus éireoidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
 
Níl aon chruach choirce istigh ar an mbaile — ná sa tír sa gcás sin — nach bhfuil ag dreo anocht. Rug an múr sin ar chuile dhuine dhá tharlú isteach. Diabhal a bhféadfadh a bheith folláin dó agus an t-uisce a fuair sé. Scaoiltear amach aríst amárach é; sin é a bhfuil le déanamh leis
 
Bhí sé ag cur dubhoighre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meas tú ina dhiaidh sin nach raibh sé caite ansin ar an mbóthar, agus dheamhan strompadh ná a dhath a bhí air nuair a frítheadh é ach é ina shrainn chodlata. Dhá dtéadh culaith leac oighre air siúd, dheamhan thiomanta ceo a dhéanfadh sí air. Tá sé chomh folláin leis an mbreac
 
"Taobh na láimhe clí den bhóthar dom sea a chonaic mé ná trí ní is mó a bhí ag déanamh bróin dom — na trí mhaistín mhóra — agus ba mhó an ceann ba lú acu ná trí chéad dúchán móna agus ná Sliabh Folláin, cé gur mór é!" (As Aithrí Sheáin de Barra — deir na daoine gurb í Aithrí Sheáin de Barra í)
 
dúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúilse ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
 
Ní itheann duine ar bith anseo a leathdhíol gabáiste. Dhá n-itheadh, b'fholláine a bheidís ná atá siad