Folláin
—aidiacht
—fuaim: fulláin
—
slán; sláintiúil; gan a bheith fabhtach; gan a bheith tolgha; coimpléascach; neamh-éagnach.
a.
+–
Duine an-fholláin é
Tá sé dubh-fholláin. Marach go bhfuil ní fhéadfadh sé beatha mar sin a ithe
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil sé siúd tolgha: gurb é atá slán folláin
Tá sé cho folláin le breac; tá sé cho folláin leis an mbradán seang; tá sé cho folláin le reithe Márta, le glaismhíol Márta, le girria Márta, le roc Márta etc. (bíonn sé i gceist nach bhfuil rud ar bith dá mbeirtear ná dá ngortar san Márta nach mbíonn cruadh folláin)
Dá mbeadh sé cho folláin leis an mbradán seang, tá sé in am aige bás a fháil feasta. Nach bhfuil sé go hárd as cionn an chéid?
+–
A Thiarna, a Thiarna, nach deacair a rá nach bhfuil an fear sin folláin? Fear ar bith a theigheas ar snámh geimhreadh agus samhradh cho maith le chéile
Is beag an neamh-chodladh a bhéas ar Sheán seo thuas mo léan! Fear folláin é sin! D'eireódh dhó agus a n-itheann sé de chnuasach chladaigh
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair do na daoine a bheith folláin agus a bhfuil siad a ól de tae
Feacha cho folláin agus a bhí an dream a bhí fadó ann!
Ní imeódh sé folláin muise dhá bhfeicinnse é = bhuailfinn é.
Ní folláin a d'fhágfadh sé an teach seo dhá mbeinnse roimhe. Faraor nach raibh!
+–
Aimsir fholláin í seo. Tá sí teann tirm
Áit bhreá fholláin acrach an áit se'agaibhse
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú nach gcuirfeadh púdar an leic sin thoir in aer. Cheapfainnse go gcuirfeadh. Tá dromán folláin aice. Nach bhfuil sí in a clár reatha ar fad? Níl sí siunáilte chor ar bith. Ní féidir púdar a chur in aghaidh siunta i leic. Dhá gcuirfeá, ní bhainfeadh sé di ach screamhóigín
+–
Níl an fata seo folláin déarfainn = slán; tá sé fabhtach istigh ann
B'fhearr dhuit an tsail sin a thligean fé'int a bhfuil sí folláin. Is mór m'aimhreas go bhfuil fabharcáin inte
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon-fhata folláin ag gabhail leis an gcúl thoir. Shílfeá go mbeadh nó go mbreanóchthá go grinn orra
Bhí giúirinneachaí air (clár) ach bhí sé folláin. Ní raibh air ach an chéad-bhrat. Má fhánn tú ar an gcéad-bhrat giúirinneacha iad (cláir san mbruth faoi thír), tá agad. Ní bhíonn siad lota.
Is beag an mhaith an tsail sin. Níl orlach bacaird folláin in a corp. Nach shin í foirghe ar fad ag giúiríní í?
Togh na meaingiols fholláine anois agus caith aca iad. Níl aon-mhaith an chuid atá in a bpiora a thabhairt dóibh
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhfas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana, fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
b.
·
Ara muise níl an geolbhachán sin folláin chor ar bith agus ní raibh ariamh = go bhfuil sé fabhtach; go bhfuil feall agus caimiléaracht ann
Féach freisin
Folláin in iontrálacha eile (38)
M'anam muise, má tá sé folláin, go bhfuil sé fhéin a's a chosamhlacht in aghaidh a chéile. Dheamhan a' bhfaca tú ariamh aon-duine is caillte snuadh ná é.
→
crámhar
Tá chuile shórt in a mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál a' bith báistighe is sailighe ná í. Dá gcaitheadh sé foracán breagh in éindigh a's eirghe as annsin, níor leath-dochair é, ach tá'n cramhar sin mío-fholláin.
→
biathú
Bhainfeadh duine ceart de'n tsioc. Má bhíonn an uair fuar fhéin, bíonn sí breagh folláin, ach ní thaithnigheann an biadhú sneachta seo liom chor a' bith. Préachfa sé na daoine, má mhaireann dó.
+
→
aer
Tá an t-aer folláin trom, tais, fuar, te etc) 'san áit sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an t-aer múscaidh, tais i gcomhnuidhe in Árainn, ach déar(f)aí in a dhiaidh sin, go bhfuil sé folláin.
Deir tusa go bhfuil sí folláin. Ní den fhollántas a bheith réidhe suas in a bolgán béice mar siúd di. Cheapfainn gur bean í atá fabhtaithe ar fad
B'fhóintí go mór duit píopa cailce a cheannacht agus gan bacadh leis an bpíopa maide sin. Deir siad gur folláine é, ar aon-chor
+
Níl rud ar bith is mí-fholláine ná an ceó bradach seo agus an aimsir shiodánach. Ní iontas an tír a bheith tolgha fhéin agus an aimsir atá ag teacht
TUILLEADH (5) ▼
Deir siad nach bhfuil pas ar bith is mí-fholláine ná taobh na Gaillimhe annseo. Tá sé ro-ghar don fharraige, agus bíonn sé in a bháistigh i gcomhnaí ann. Nach shin é an ceó reatha sin isteach den fharraige 'chuile phuinnte!
Marach é a bheith mí-fholláin ní bheadh sé cho héiseallach siúd faoin a chuid beatha
Deir siad gur an iomarca feóla an rud is mí-fholláine a chaith duine ariamh
Shílfeá le breathnú air nach bhfuil díriúch ar bith is mí-fholláine ná é, ach is beag a mhairg air sin in a dhiaidh sin. Sé atá cruadh cuisneach
Tá dreach an-mhí-fholláin uirri an créatúr. Níl snuadh ar bith in a leicne
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an criotán sin air i gcomhnaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mí-fhollántas
→
farc
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirghe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láighe, agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirre. Bhí sí folláin
→
fasair
Uair ar bith a mbíodh ocras orainn fadó dheamhan ceó a dhéanadh muid ach fasair fhataí a bhualadh síos san splainnc. Ní fheicfeá gasúr ar bith ag róstadh bruineógaí anois. Tháinig críonnacht do ghasúir ó shoin. Sin, nó d'imigh an goile uatha. Dheamhan a fhios agam nach hé an goile fhéin atá dúinte. Dúinte ag tae agus ag beatha mí-fholláin
→
feall 1
Ba mhinic le duine dhá dhream an fheáll a dhéanamh. Ní raibh siad folláin ariamh. Rinne a athair fhéin spiadóireacht aimsir na "mBlack and Tans" = rud mar spiadóireacht
→
fuar 2
Diabhal feochadh ná deide a thug sé siúd ar na huibheachaí ach a n-ithe suas fuar beithioch. Is fear folláin é. Déarfaidís nach bhfuil léigheamh ar bith ar uibheachaí fuara mar sin
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
→
deachma
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as cho saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine ins an tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Má 'sé sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh in a chrioslaigh. Tá snuadh an-lasúnta (lasmhanta) air le goirid, agus shílfeá go mbíonn an criotán eile sin ag gabhail dó freisin. 'Sé an sórt duine é ní éagnóchadh sé aon-cheo go bráth, nó go dtuitfeadh sé imbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí in a thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a leigean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar 'chuile dhuine é
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá innte. Nach geall le pota fola í! Tá sí ro-otruithe freisin
+
→
deoladh
Siúd é an áit dheireadh a mhic ó — an t-aspuicil. Ní bhfuighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céadna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
TUILLEADH (1) ▼
Tá geoladh deas aniar-ndeas anois ann. Tá sé in a chlaochmú. Ní móide go bhfeicfeá aon-deoir anocht, ach feicfidh tú í shul a gcaithtear an lá ambáireach. Ba bhreagh é an sioc. Aimsir theann fholláin í aimsir an tseaca. Tá an tír tolgtha ag an mbáistigh ó a tháinic an bhliain
Tá sé séidthe suas uiliog. Ní mheasaim gur fear é atá folláin th'éis a bhfuil de ghríscíní air. Bíonn sé ag drántaireacht i gcomhnaí, agus ní shiubhailfeadh sé as seo go cladach gan saothar an diabhail mhóir a bheith ann
→
drantán
"Má ghníonn tú do theach annsin" arsa mise leis, "beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agad ann. Is áit aerach fholláin é. Tá comhgar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drántan ceoil ag na h-éanachaí 'sa gcoill 'chuile lá 'sa mbliain"
+
→
dreach
Tá dreach an-bhán-ghnéitheach uirre. Ach dhéanfadh an áit istigh é sin. Duine ar bith a bhíos cuibhrighthe i gcomhnuí taebh istigh de dhorus, bíonn siad bán-ghnéitheach mar sin. Níl rud ar bith is folláine do dhuine ná a bheith isteach agus amach
TUILLEADH (1) ▼
Feacha na tincéaraí sin thoir. 'Siad atá craosach dearg agus dreach gréine agus gaoithe orra. Dheamhan duine in do thír is folláine ná iad
+
→
dreas 2
Móin ar bith nach gcuirfidh an ghrian dreas agus creat uirre, ólfaidh sí an t-uisce má bhíonn sí tirm féin. Ní bheidh sí folláin istigh ná amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa teine, agus fagh do chasúr agus teirigh ag ordlaidheacht air scaithín, agus eireochaidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
→
dreoigh
Níl aon-chruach choirce istigh ar an mbaile — ná 'sa tír 'sa gcás sin — nach bhfuil ag dreoghadh anocht. Rug an múr sin ar 'chuile dhuine dhá thárlú isteach. Diabhal an bhféadfadh a bheith folláin dó agus an t-uisce a fuair sé. Scaoiltear amach aríst ambáireach é; sin é a bhfuil le déanamh leis
Bhí sé ag cur dubhoidhre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meastú ina dheidh sin nach raibh sé caite annsin ar an mbóthar, agus dheamhan strúmpadh ná a dhath a bhí air nuair a fríodh é, ach é ina shrainn chodlata. Dhá dteigheadh culaith leac oidhre air siúd, dheamhan thiomanta ceó a dhéanfadh sí air. Tá sé cho folláin leis an mbreac.
→
dusta
Is mío-fholláin an rud an dusta sin a bheith ag gabhail in do phutógaí ó mhaidin go faoithin
→
dúchán
"Taobh na láimhe clí de'n bhóthar dom seadh a chonnaic mé ná trí nídh is mó a bhí ag déanamh brúin (bróin) dom — na trí mhaistín mhóra — agus ba mhú (mhó) an ceann ba lugha aca ná trí chéad dubhachán móna agus ná Sliabh Folláin, cé gur mór é! (As aithrighe Sheáin De Barra — deir na daoine gurb í Aithrighe Sheáin de Barra í)
→
dúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúil-sa ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
Ní itheann duine ar bith annseo a leath-dhíol gabáiste. Dhá n-itheadh, b'fholláine a bheidís ná atá siad