Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
follántas
ainmfhocal, fireann, as folláin
sláinte; neamhfhabht; coimpléasc.
+
Deir tusa go bhfuil sí folláin. Ní den fhollántas a bheith réidh suas ina bolgán béice mar siúd di. Cheapfainn gur bean í atá fabhtaithe ar fad
Tá follántas sa bpórtar ach a theacht le riar dhó (dhe). Ar ndóigh sin é an buille: a theacht le riar dhó, má tá duine ag plé leis chor ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Sin follántas a mhic ó, mórghalra a theacht ort. Ná bíodh faitíos ort. Sin é do mhaith
Ní follántas ar bith dhomsa a bheith do mo sheacadh fhéin anseo chois claí ag éisteacht libhse ag nathaíocht
Is breá an follántas do lucht na mbailte móra sin a theacht amach ag déanamh aeir faoin tuaith chuile Dhomhnach
Maidir leis an áit sin! Tá follántas ann, ach sin é an méid!

Féach freisin

follántas in iontrálacha eile (2)

 
aer
Is mór an follántas bheith faoin aer inniu.
 
dealbh 2
Níl aon tSatharn dhár dhealbh an ghrian nach dtéadh sí G. an fhad is a mhair sí. Ní raibh lá dhá dheannachtaí in ann a coinneáil istigh. Is minic a chonaic mé ag teacht abhaile tráthnóna í, agus an sruth as a cuid éadaigh. Dheamhan ruaig shlaghdáin a tholg sí ariamh as ina dhiaidh sin. Bhí an follántas mór ag imeacht leo sin ar fad