Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fonnmhar
Aidiacht as fonn
spleódrach, tóiriúil, dúlaí i; (ní bhaineann sé le "fonn" ciall a 1).
+
Bhí sé sách fonnmhar (ar) a dhul ann = a sháith fonn air a dhul ann
B'fhéidir nach bhfuil mé an-fhonnmhar a dhul dhá dhéanamh, ach níl mé mí-fhonnmhar ach oiread
TUILLEADH (3) ▼
Déanaigidh amach go breá fonnmhar é, agus ná bígidh ag ceártas le chéile mar sin. Ní fhaca mé ur leithidí ó a rugadh mé
Diabhal a mbíonn siad ro-fhonnmhar ag dul chuig an scoil muis. Tá an máistir óg seo ro-ghéar ar ghasúir laga. Buaileann sé an-ghriosáil orra scaití
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í (móin) go beo deifreach. Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scarha dhá mbeadh bean rómhat amuigh ann!

Féach freisin

fonn