Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fonnmhar
aidiacht as fonn
spleodrach, tóiriúil, dúlaí i. Ní bhaineann sé le fonn ciall a 1.
+
Bhí sé sách fonnmhar (ar) a dhul ann — a sháith fonn air a dhul ann
B'fhéidir nach bhfuil mé an-fhonnmhar a dhul dhá dhéanamh, ach níl mé mífhonnmhar ach oiread
TUILLEADH (3) ▼
Déanaigí amach go breá fonnmhar é agus ná bígí ag ceartas le chéile mar sin. Ní fhaca mé bhur leithidí ó rugadh mé
Diabhal a mbíonn siad rófhonnmhar ag dul chuig an scoil muis. Tá an máistir óg seo róghéar ar ghasúir laga. Buaileann sé an-ghreasáil orthu scaití
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í go beo deifreach (móin). Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scartha dhá mbeadh bean romhat amuigh ann!

Féach freisin

fonn