Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fora, Fabhra
Ainmfhocal, Fireann
fora adeirtear igCois Fharraige, ach fabhra atá i Rosmuc agus san gceáird sin.
Feic freisin "maol", "maolabhrach")
na ribiúchaí atá anuas as cionn na súl ón gcupán, agus aníos ó bhun na súl. Tá an fora uachtarach in uachtar agus an fora íochtarach thíos.
·
Tá an-tochas sna foraí agam
Thuit an fora uachtarach dhá shúl dheas
+
Tiúrfaidh mé faoi na foraí dhuit é, mara n-eirighe tú as = buailfidh mé thú; tiúrfaidh mé fút garbh é; tiúrfaidh mé froisín duit; "I will give you the works"
Gheobhadh sé faoi na foraí é, marach cho héascaidh agus a d'eirigh leis a bheith imithe = bhuailfí é agus rl.
TUILLEADH (3) ▼
Bíodh beagán cainte agad anois, nó tiúrfaidh t'athair faoi na foraí dhuit é. Agus má bhímse in a dhiaidh ort castar liom é
Tá na Sasanaigh dhá fháil faoi na foraí. Cuiridís ar a son fhéin anois má tá siad indon (le linn an blitz)
Fuair mé faoi na foraí ceart críochnuithe ón bhfliú é. Níor fhága sé ionam ach na cheithre eite

Féach freisin

Fora in iontrálacha eile (1)

 
furú
Is faoi atá an fora pósta. Shílfeá go mbeadh a dhóthain breithe aige air