Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fora

maol (48)

 
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
+
cab
Ná líon níos mó é nó cuirfidh tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal an tobáin
TUILLEADH (1) ▼
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis an bhfiacail. Níor chuir sé maoil ar bith air. Baol ar an leadaí siúd aon anró a chur air fhéin ag iompar chléibh.
 
Ní le aon duine aitheantais an maol buí sin. Déarfainn gur ceann cuideáin í sa taobh seo.
 
Is fada aríst, tá faitíos orm, go bhfeice tú i mbealach ná i ndearmad é, mura dté tú de mhaoil do mhainge 'na tí ag breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtain seo caite agus beidh liostachas fada air mura bhfuil ag Dia.
 
breá
Mura bhfuil d'údar agat leis an scéal ach an Loideánach breá, ní mórán údair é. Chuirfeadh sé sin maol ar an teach le bréaga.
 
buail
Bhuail sé siar de mhaoil a mhainge go dtí an sagart gur inis sé dhó é. Nach beag an náire a bhí air. Is mór adéarfaí le bean dhá ndéanadh sí é!
 
Dheamhan a dhath ariamh a rinne sé ach snaidhm den bhuailteán a thabhairt aniar ó mhaol na gualann dhó, agus é a shíneadh mín marbh san easair.
 
anam
Bhí a anam ina bhéal aige gur bhailigh sé anoir na Forraí Maola faitíos a n-éireofaí roimhe agus a mbascfaí é.
 
Thug sé an iarraidh ó mhaol na gualainn chomh maith in Éirinn agus a d'fhéad sé
 
istigh
Bhí maoil ar a phutóig (air a mhéadail, ar a bholg) lena raibh istigh aige — bia nó ól
 
"Muileata maol agus faobhar air" — deirtear é ag imirt chártaí. Is leathfhocal é. Fuaimeanna ae i gcónaí ann
 
fuar 2
Cosa fuara a bhí fréna chéile ann. Bhí an teach ag cur thar maoil leo
 
abair
Céard adeir tú leis anois a chuaigh síos de mhaoil a mhainge go dtug sé aníos é — nach mbeadh iontas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-ionadh srl.
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
D'fhan riar beag in mo dhiaidh. Chinn orm í a bhailiú ar fad (a bheith in ann a cur san ualach). Níl inti ach cunús ar aon chor. Má ghním mallach eile di, ní bheidh mé ach ag cur anró orm féin, mar ní choinneoidh na gadracha maoil sa maoil í. Nach fearr dúinn a fágáil ansiúd ag an deachma. Caithfidh an dul amú rud eicínt a fháil
 
deamhan 1
Scian ghéar atá tú a iarraidh. Dheamhan is go dtuga leis ceann muis. Tá chuile scian sa teach seo chomh maol le lataí
 
Rinne deascán bulláin le S. Ph. Mh. foghail air anseo an bhliain cheana. Ba bheag acu a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaoil a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid chuile dhuine foghlaithe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
 
de
Ab in é ar chuir tú de mhaoil ar an gcléibhín
 
diaidh
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlús
Mo chomhairlese dhuit dlús a chur le do chuid airgid. Drochdhíolaí é sin. Ní mian leis scaradh le pingin ar bith dhá mbeidh aige. Buail síos go dtí é de mhaoil do mhainge agus abair leis é a thabhairt duit
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
+
Dhá dhonacht maoil is measa mullóig (mullach) — dhá dhonacht rud is measa rud eile
TUILLEADH (1) ▼
Seán an ea. B'fhearr liom T. fhéin ná é sin. Dhá dhonacht maoil is measa mullóig
 
Deir siad gur fear doscúch a bhí ansin aimsir na mBlack and Tans. Bhí sé ar a chaomhúint agus aithne mhaith acu air, agus oíche amháin ina dhiaidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth acu ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé san airdeall orthu nó go raibh a dtromlach scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbogmheisce. Shiúil sé amach ansin de mhaoil a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na droinne orthu. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
 
dosán
Dheamhan dosán seanleasú amuigh agam i mbliana thar is ariamh. Fuair mé drochruaig an t-am a raibh an cladach ag cur thar maoil le feamainn dearg. Caithfidh mé feamainn a cheannacht an t-earrach seo, arae níl in mo chuid feamainn dubh ach fás bliana
 
drad
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (chuireann tú), gabhfaidh cuid dhó thar maoil agus báfaidh sé an tine
 
dream
Bhí dream saighdiúir ann agus iad ina léine, ina maoil agus ina mbonnaíochaí ag greadadh a chéile
 
dris
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin ina dhris chosáin i gcónaí romhainn. Nuair a d'fhéach muid le na dá ghabháltas a thabhairt d'aon duine amháin anseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaigh sé d'aon uaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneáil. Anois aríst nuair a bhí an tseanbhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha dúinn agus chuaigh sé siar de mhaoil a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nár agraí Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buíoch dó ar chaoi ar bith
+
droim
Leag droim an leabhair anuas air agus coinneoidh sí ó dhul thar maoil é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí oíche shíoraí bháistí ann agus an aimsir an-mharbhánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'éirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an boladh. 'Sin gaoth atá ag éirí de dhroim dúchain,' arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. 'Ní féidir go mbeadh sé ina dhúchan chomh luath seo sa mbliain,' adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaoil a (ár) mainge i nGarraí Ard T. Mh. Bhreathnaigh muid ar an mbarainn. Bhí siad chomh glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fúthu rodta as éadan agus leagfadh an boladh bréan a bhí uathu thú
+
Níl call duit cumha ná duifean croí a bheith ort ina dhiaidh. Tá sé sin bail ó Dhia air, in ann a bhealach féin a dhéanamh. Agus tiocfaidh sé abhaile ar ball le cúnamh Dé, agus cuirfidh sé maoil ar an gcomhra le airgead
TUILLEADH (1) ▼
Ní duifean báistí é sin chor ar bith, ach duifean teaspaigh. Uair ar bith a bhfeicfidh tú an smúit sin sa spéir, bí in do léine, in do mhaoil agus in do bhonnaíochaí ag sceanadh portaigh
 
dán
Níl i ndán suaimhnis dúinn. Mura rud é, is rud eicínt eile é. Shíl mé nuair a d'imigh sí sin uainn go mbeadh linn, ach ó dhonacht maoil is measa mullóg.
 
Meas tú céard a rinne sé le mo rópa inné — mo ghad maoil; é a ghearradh ina dhá leith
 
Nach bhfuil an cúpla sin déanta suas le chéile aríst. Má b'fhíor go raibh an brachán dóirte: troid na mbó maol a bhí ann sílim
 
Chuala tú an scéal faoin té a chonaic an fear dhá mharú agus ar tháinig díchreideamh air faoi nár fhoilsigh Dia é féin ar an té a mharaigh é … Sin é agat é — díoltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaití, ach níl rud ar bith chomh siúráilte leis. Mura dteaga sé ar an saol seo ar ndóigh tiocfaidh sé ar an saol eile, agus dhá dhonacht maoil is measa mullóg
 
díon 1
Níl díon deor sa gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistí i nG. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann ina líbín. 'Ceannóidh mé caipín,' arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaoil mo mhainge sa gcéad tsiopa ba túisce agam. 'Leag anuas caipín agam,' adeirimse. Leag. 'Cé mhéad.' 'Trí scilleacha.' Shín mé amach aici iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaeilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar A. Dh. L. nuair a bhí mo cheann ina líbín in athuair
 
Níl aon ghair agam mo chiotóig a dhíriú le dhá lá. Tá pian isteach ansin orm i maoil na gualann. Tá, agus pian ghártha scaití
 
2
Ní bhaileoidh tú faoi dhó í, mura gcuire tú an-mhaoil ar an ualach seo
 
dóid
Dhéanfadh trí cinn de na dóideachaí siúd ualach asail. Péire sna cléibh agus ceann de mhaoil
 
Tá a chuid féin de dhúnáras Chlainn Mhac Confhaola ag siúl leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Solamh féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaití ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeifeá, agus scaití eile, dheamhan fear is laethúla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — ina dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaoil a mhainge, seacht míle bealaigh, le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é ansiúd i mbéal an tseoil ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scaitheamh thíos ann. Nuair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thit sé chuig P. Anonn leis go gcroitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile don diabhal é féin agus a láimh. Deile céard a dhéanfadh sé
 
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dúshlán. Má bhaineann, rachaidh mise soir de mhaoil mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagraí mé í
 
"Chuaigh hochtar agus seacht gcéad de mhaoil ar an gceasach" (as seanscéal. Ní dheachaigh de mhaolóig ar an lucht móna ach dhá ualach)
 
Téirigh leis má tá an oiread sin fonn ort, agus ná bí ag sceaimhínteacht ansin i bhfad eile. Troid na mbó maol a bheas sa troid seo sílim
 
Gabhfaidh an cléibhín sin thar maoil má chuireann tú mórán eile ann
 
Tá an scéal sin féin barrúil go leor. An chéad oíche ar chuir sé seo thíos an radio ar siúl, amach ar an tsráid a bhí an chaint uileag ag dul. Cén bhrí ach bhí an teach ag dul thar maoil. Chasadh sí féin cnó. 'Na bheailbheannaí atá calctha,' adeireadh sí. 'Go gcalca an diabhal agat iad, nár fhága é san áit a raibh sé,' adeir sé féin. 'Ní raibh muid dhá iarraidh luath ná mall.' Chuaigh duine eicínt amach ar an tsráid. Ba ghearr go ndeachaigh duine agus duine eile amach. Níorbh fhada go raibh an teach fré chéile amuigh, agus a raibh a dul thart an bóthar … Ba í an oíche ab fhearr ariamh í a fuair Haw-Haw nó gur thosaigh na madraí ag tafann … Na buachaillí báire seo síos a chuaigh ag méirínteacht lena wireannaí agus chuir siad an bhail sin air. Cá'il an rud atá ag dul uathu …