Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fora, fabhra
ainmfhocal, fireann
fora adeirtear i gCois Fharraige, ach fabhra atá i Ros Muc agus sa gceaird sin.
fc. freisin maol, maolabhrach
na ribiúchaí atá anuas os cionn na súl ón gcupán agus aníos ó bhun na súl. Tá an fora uachtarach in uachtar agus an fora íochtarach thíos.
·
Tá an-tochas sna foraí agam
Thit an fora uachtarach dhá shúl dheas
+
Tabharfaidh mé faoi na foraí dhuit é, mura n-éirí tú as — buailfidh mé thú; tabharfaidh mé fút garbh é; tabharfaidh mé fruisín duit; I will give you the works
Gheobhadh sé faoi na foraí é murach chomh héasca agus a d'éirigh leis a bheith imithe — bhuailfí é srl.
TUILLEADH (3) ▼
Bíodh beagán cainte agat anois nó tabharfaidh t'athair faoi na foraí dhuit é. Agus má bhímse ina dhiaidh ort, castar liom é
Tá na Sasanaigh dhá fháil faoi na foraí. Cuiridís ar a son fhéin anois má tá siad in ann (le linn an blitz)
Fuair mé faoi na foraí ceart críochnaithe ón bhfliú é. Níor fhága sé ionam ach na cheithre eite

Féach freisin