Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Freagairt
aireachtáil; priocadh.
a.
+
Níl freagairt ar bith ann inniu. Tá an lá ro-gheal = níl aireachtáil nó priocadh ar bith ann (ag iascach)
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go bhfuair tú freagairt. Coinnigh leis é. Má d'airigh sé blasta é (.i. baoite) tiocfaidh sé aríst
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
+
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (sean-fhocal) = má bhíonn duine ag caitheamh dúracht le saothar ar bith nach mbíonn aon-bhalachtáil air, ná nach bhfánn sé aon-ugach uaidh, b'fhearr dó leigean dó
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
TUILLEADH (2) ▼
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
b.
·
Airíonn sé freagairt eicínt san bpoll siúd thoir agus cho taithithe agus atá sé ann le mí = fear ag suirí le cailín ag áit áirid

Freagairt in iontrálacha eile (32)

+
Shanntaigh mé é a fhreagairt faoin rud adúirt sé ach thug mé cead a chinn dó in a dhiaidh sin
TUILLEADH (20) ▼
Más é a rinne é sin is mór atá le freagairt aige (ach a dteighe sé i láthair Dé)
Hébrí cé a chuir suas leis an ngasúr an rud sin a rá is mór a bhéas le freagairt aige
Tá a dhóthain le freagairt ag chuile dhuine agus freagairt ar a shon fhéin (.i. i láthair Dé) gan bacadh le duine ar bith eile
Má rinne sé dícheannadh mar sin is mór atá le freagairt aige, go bhfoire Dia air!
Den sonas (den tsonas) an achainí ach den donas a bheith dhá freagairt (sean-fhocal) = níonn an achainí nó an t-iarratas maith go hiondúil don té atá in a tuilleamaí, ach ní chuireann sí aon-cheo ann don duine a thiúrfas toradh uirri
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirm duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. Sé an scéal is measa nach bhfuil mé indon a freagairt sílim
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
Cáil an bhróig atá ag freagairt di seo? = a leath-cheann nó a leath-bhróig eile?
An bhfuil aon-chlaibín eile annsin. Ní shin é an claibín atá ag freagairt (atá freagrach) don bhosca seo
Tá cloch an Mhioscáin le feiceál ag freagairt anois. Sin tús trágha = tá barr na cloiche seo — Cloch an Mhioscáin — ag nochtadh as an bhfarraige, mar tá sé ag trághadh
Is beag nach bhfuair mé na seacht mbáis san gcurach nuair a chonnaic mé an mulán ag freagairt róm, agus an churach ag dul caol díreach uirri.
Feicthear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach annsin ón gclochairín. Níl aon-mhulán annsin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha, agus choinnigh sé greim uirri sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Ní ghabhfá fód na láighe san talamh sin nuair a gheobhfá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
Déan go réidh siar annsin. Is fánach an chaoi a dtreascróchaí thú i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leór sean-bhunannaí crainnte ag freagairt ann
Níor bhain mé ach barr móna i gceann thíos an phortaigh agus bhí an t-uisce ag freagairt ann ar an bpuinte.
Níor tháinig sé abhaile ariamh fhéin gan an buidéal a bheith ag freagairt in a phóca. An bhfeiceann tú é?
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
Is bocht an lot atá ar a chois. Tá an cnáimh ag freagairt ann.
 
Bhí neart aireachtála (i.e. freagairt, priocaí), ach ní raibh bualadh a' bith.
 
Dhá gcuirtheá farradh chainnte air, míle uair sa ló, ní árdóchadh sé a cheann, le thú 'fhreagairt.
 
féith 1
Tá féith mhór in a bhaithis agus bíonn sí ag freagairt i gcomhnaí nuair a bhíos taghd air
 
Cá'r eirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirre ar chuma ar bith. Is iongantas go raibh freagairt ar bith ins an bpoll indiu agus cho geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
 
dall 3
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhuide. Bhí mé de mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fiadh bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhuinn ag duine fuirgheacht ann
 
Ab é an cnocáinín carrach siúd. 'Ar ndú' ní ag dul dhá shaothrú sin a bheadh sé. Fágadh é siúd ag an deachma. Diabhal mogal a d'fhásfadh annsiúd, dá gcuireadh sé a bhfuil de leasú thíos tigh T. R. air. Nach bhfuil an leac ag freagairt ann is 'chuile áit … Sílim-se go bhfuil
 
domhan
Níl cor ar bith 'san domhan thíos. Is olc an rud a bheith caithte amach ar pholl gan freagairt, adeir siad
 
Tháinig saimhín-aireach air ó bheith ag marcuigheacht druimnochttha ar chapall a bhí aige — capall a raibh 'chuile chnáimh ag gabhail léi ag freagairt thrín a craiceann. Chaith sé bliain cróilighthe dhá bárr
 
díle 1
Dhá bhfeictheá an díle cainte a tháinic air d'aon-iarraidh, agus 'ar ndú' mo léan, siúd é an áit nach bhfuigheadh sé cead cainte. Bhí 'chuile dhuine annsiúd ag cur dóibh as béal a chéile agus ní chloisfeá méir igcluais. Bhí sé an-líomhtha muise leis an dream eile a fhreagairt ach nar fhéad sé
 
Ní raibh aon-aithne lae air ar fhágáil an tighe dhom, agus ba bheag an díogarnach lae a bhí ann ar Á. D. L. féin. Ach ghiorruigh M. an bóthar dúinn. 'Sé atá deas air. Bhfuil a fhios agad cé'n cheird a bhí air soir ar feadh an bhóthair gur bhailigh muid na F.: ag aithrist ar phuirt na n-éan. Go leagaidh an diabhal éan dár dhúisigh nach raibh sé indon a fhreagairt. Meáirseáil na fuiseoige féin tá sé aige. Tá buadh eicínt aige siúd nach bhfuil ceart.
 
Bhí sé seo thiar muise thíos ar an gcarraig indiu agus é ag cur bhallaigh aníos as dóláimh. Ní fhaca tú aon-bhualadh ariamh mar a bhí orra, scaithín th'éis am dinnéir, ach ó a thosuigh sé ag tuileadh, níor fhan freagairt ar bith ann. Bhí sé cho maith dhuit a bheith caithte amach ar thulán le 'bheith ann