Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuaireacht
Ainmfhocal; Buineann.
Fuaraíocht: Fuartas: Fuaireadas: Fuaireacht: Ainmneacha Teibí. Tá "fuaraíocht" agus "fuaireacht" buineann. Baintear leas asta thrín a chéile ach go háirid "fuaraíocht".
a bheith fuar.
·
'Ar ndó níl fuaireacht ar bith san lá inniu
Níor mhór dhuit an-chaoi a choinneál ar áit den tsórt sin mar tá an fhuaireacht san talamh ann, agus bíonn sé an-ghéar
·
Tá mé caillte ag na bróga seo leis an bhfuaireacht atá ionta. Dheamhan a fhios agam nach bhfuil siad ag leigean isteach dhá laghad an t-achar agam iad
Tá an iomarca fuaireacht san uisce len a ól leithide na hoíche anocht. Scáird sean-fuisce narbh fhuláir do dhuine

Féach freisin