Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuaireacht
ainmfhocal, baineann.
fuaraíocht, fuartas, fuaireadas, fuaireacht: ainmneacha teibí. Tá fuaraíocht agus fuaireacht baineann. Baintear leas astu thrína chéile ach go háirid fuaraíocht.
a bheith fuar.
·
Ar ndóigh níl fuaireacht ar bith sa lá inniu
Níor mhór dhuit an-chaoi a choinneáil ar áit den tsórt sin mar tá an fhuaireacht sa talamh ann, agus bíonn sé an-ghéar
·
Tá mé caillte ag na bróga seo leis an bhfuaireacht atá iontu. Dheamhan a fhios agam nach bhfuil siad ag ligean isteach dhá laghad an t-achar agam iad
Tá an iomarca fuaireacht san uisce lena ól leithide na hoíche anocht. Scaird seanfuisce nárbh fholáir do dhuine

Féach freisin