Fuaraím etc.
—Briathar
1.
a.
fuaireadas nó fuacht a theacht i rud, nó an teas imeacht as.
+–
Fuaraigh an tae sin ar an sásar = é a chur amach ar an sásar
Ní mór an bainne seo a fhuarú roinnt. Tá sé te bruite. Sílimse gur bhain tú an darna feochadh as th'éis an fhainic a chuir mé ort. Tabh'r'om braon bainne fuar len a fhuarú anois
TUILLEADH (9) ▼
Ag fuarú braiche a bhí sé
Coinnigh an láthair mhuirtéil sin fuaraithe go maith = uisce a scárdadh uirri
Seo ól an caifí seo sul a bhfuaraí sé. In a theas is fhearr é
Ith suas te bruite iad agus ná fuaraídís ort. Deir siad nach fataí tura fataí teó. Nach diabhlaí nach mbeadh annlann ar bith le fáil san mbaile sin thoir. Níor facthas aon-ghreim éisc ann leis an fhad seo
D'fhuaraigh an lá go mór le uair an chloig = tháinig fuacht ann
Mara bhfuaraí an lá ag teacht don tránóna, ba cheart go bhfuaródh. Ní sheasfaidh an teas seo ar feadh na hoíche
Fuaraíonn an aimsir i gcomhnaí taca lá Fhéile Michil. Sé a nádúr é
Bhí an ghail bhruite as an gcoca féir an lá ar chuir mé isteach é. Dúirt chuile dhuine go dtéafadh sé. Ach d'fhuaraigh sé aríst. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé meath-dhreóite mar sin fhéin
Fuaraíodh sí ar an gcaoi chéanna ar théigh sí (cruach choirce). Tá rud ar ar n-aire thara's í sin a leigean amach aríst
+–
Má tá sé ro-the agad, fág ar fuarú annsin go fóill é = le go bfuaróidh sé; le go n-imí an teas as
Leag na fataí sin amach ar fuarú ar an tsráid. Ná bain as an bpota chor ar bith iad
TUILLEADH (4) ▼
Níor fhága tú sách fada ar fuarú é. Tabhair ionú dhó a dhuine. Tá tú ro-mhí-fhoighdeach
Ní fuláir don iarann sin a bheith ar fuarú seal shul a gcuire tú leó é
Ól é sin ar a theas. Ná leig dhó fuarú. Beidh an mhaith imithe as má leigeann
Tá an pórtar seo muláilte agam duit. B'fhéidir go mbainfeadh sé an slaghdán díot. Ná tabhair cead dó fuarú. I dteas bhainne na bó is fhearr a ól
+–
Ní fuláir fuarú a bhaint as na turnapaí sin shul a dtuga tú don laogh iad
Tabhair fuarú beag ar an luaidh sin shul a gcuire tú ann í
TUILLEADH (7) ▼
Tabhair fuarú don "worm" (fuaraigh an worm; cuir fuarú ar an worm etc) = uisce a chur uirri
Is furasta aithinte nach bhfuair an worm fuarú ar bith uaidh. Dheamhan fuarú a rinne an ceann céanna uirri aon-lá ariamh. Sin é an fáth a mbíonn an braon scálta ag greamú dhó i gcomhnaí = bíonn a chuid poitín scalta i gcomhnaí cheal gan an worm a fhuarú
Níl aon-fhuarú orm ach mé ag cur allais agus do mo bhruith i gcomhnaí
Fanadh sé annsiúd ag an doras dúinte anois más breá leis. Gheobhaidh sé cead fuarú ann, agus fuarú go maith freisin. D'iarr mé air a thiacht ag an tine faoi dhó nó trí huaire cheana, agus níor thug sé dhom ach cluais bhodhar
Tá an-fhuarú ag gunna den tsórt sin. Nach ndéanann sí spól dearg le neart an teasa = is fada go mbíonn sí fuaraithe; it takes great cooling
Bhí sé ag scárdadh uisce uirre agus bhí sí in a caor dhearg in a dheidh sin. Is diabhaltaí an fuarú atá ag engine mótair deirimse leat!
Má bhí na clocha sin deargha chor ar bith tá an-fhuarú aca aríst. Is deacair leo téamh ach is deacair leó fuarú ach oiread
+–
An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid = an té a bhíos imithe cailleann sé gach olla mhaitheasa dhá mbíonn ann; déantar dearmad air
Fataí fuara a chaifeas tú a ithe anois. Breá nach raibh tú isteach in am. An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé aisti anois, tá faitíos orm. Sílim go bhfuil buachaill eile aici: mac J. Mh. as seo thiar. Tá an ceann eile caite i gcártaí aici ó d'imigh sé as an áit. Is amhlaidh é: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
Dhá dteagthá abhaile nuair a chuir sé fios ort b'agad a d'fhágfadh sé an áit. Bhí sé ag súil leat i gcomhnaí. Rinne sé neamh-shuim díot san deireadh nuair nach raibh aon-chosúlacht teacht ort. Sin é é i gcomhnaí: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
b.
fionnuartas, beochan, smeámh.
+–
Tá sé dhá fhuarú fhéin thíos ar aghaidh na farraige = ag tabhairt fionnuartais dó fhéin
Fág seo amach nó go bhfuaraí muid muid fhéin taobh amuigh. Tá an áit seo an-phlúchta
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag damhsa agus chuaigh mé amach le mé fhéin a fhuarú, agus lean sé amach mé
Chuaigh na beithigh in órán dhá bhfuarú fhéin
+–
Teirigh amach ar fuarú go fóilleach = ar an bhfionnuartas; le bruth allais, bruth saothair nó a leithide a bhaint díot féin
Má tá "slack" (meirfean) do do bhualadh amach leat ar an bhfuarú = ar an bhfionnuartas; faoin aer; in áit a mbeadh anáil
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú a bheith amuigh ar an bhfuarú. Tá mé ag dórtadh allais istigh annsin le uair an chloig.
+–
Siúil amach ag spaisteóireacht. Is fuarú dhuit é. Tá tú sacha istigh ag an tine sin ó mhaidin
Ar snámh a bhí againn a dhul. Ba mhór an fuarú é agus an meirbheadas atá san lá
TUILLEADH (2) ▼
Tá fuarú breá annseo chois na habhann. Nach íontach in a dheidh sin go mbíonn fionnórtas i gcomhnaí in aice an uisce
Ní mór dom fuarú a fháil. Oscail an fhuinneóig sin. Tá bruth pórtair orm
+–
Tá fuarú beag gaoithe anois ann = beóchan; smeámh gaoithe lá bróthallach
Theastaigh an fuarú (gaoithe) sin. Bhí an lá an-mharfánta. Ní fhágfadh sé hump ná hamp i nduine
TUILLEADH (3) ▼
Eireóidh fuarú leis an gcomhtráth ar ball, agus gabhfamuid ag siúl annsin
Deir tú go raibh sé an-mheirbh inniu. Bhí fuarú breá gaoithe ar an bhfarraige. Sin é an áit nach mbainfeadh na cleabhair leat ar chaoi ar bith.
Ní hea ach aghaidh gaoithe agus cúl gréine a theastódh ó dhuine inniu. Dhá mbeadh áit ar bith a mbeadh fuarú gaoithe, is air a thriallfainnse. Tá mé leáite
2.
seacadh, strompadh, cruadhú, triomú, slabhcadh, seargadh.
a.
+–
Bhí scaoileadh orm an tseachtain seo caite ach tá mé fuaraithe aríst = tá seacadh bronn nó triomach orm, níl mé ag oibriú as mo cholainn
Sin é an chaoi a bhfuil mise: bogha agus fuaraithe gacha le seachtain. Is cuma céard a chaifeas mé, sé an cás céanna é
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail ráig bhuinní mé in a diaidh, agus annsin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feóil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Sean-réithe bradach eicínt a bhí in a leathar le aois
Tá mé cróilithe uilig ag an bhfuarú atá ar mo cholainn le seachtain mhór fhada
b.
+–
Ní raibh sé fuaraithe nuair a bhí siad ag troid faoin a chuid = ní raibh a cholainn strompha tharéis bháis; ní raibh sé fuar
Ní fhaca mé aon-chorp ariamh a d'fhuaraigh cho héascaidh leis. Bhí sé fuar beithioch ar an bpuinnte
TUILLEADH (6) ▼
"Cén chaoi a bhfuair buachaill Mhic Mhruchú bás?" "Nuair a d'fhuaraigh a ghuaillí, a chosa, a dhruim agus a cheann; Sin é an uair a fuair buachaill Mhic Mhruchú bás" (rann)
Ní maith a bhíos siad (coirp) fuaraithe anois nuair a bhíos siad sciobha amach as an teach
Tá sé básaithe. Tá a ghuaillí, a chosa, agus a cheann fuaraithe faoi seo (is dóigh gur as an rann réamhráite a tháinig an leagan seo)
Ní mór daoibh crú a chur in a thosach agus é a leagan amach nó beidh an corp seacha. Tá sé fuaraithe le fada
Ní raibh an chéad-fhear fuaraithe as cionn cláir nuair a bhí an darna fear i bhfocal aice!
Shíl siad go raibh sé fuaraithe nuair a bhíog sé aniar chuca aríst sna céid-éaga. Labhair sé faoi dhó
3.
biseach, fóirínt; réidh an achair.
+–
D'fhuaraigh an rud a thug an dochtúr dó an doigh
Ní fhuaróidh tada an phian sin nó go dtuga sí a seal
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí (an bhruitíneach) amach maol dearg thríd le cupla lá, ach tá sí fuaraithe inniu = gan í a bheith cho dearg; é a bheith dhá sú; í ag dul ar gcúl
Bhí íth orm ach tá sí fuaraithe anois
An teánn ab ea atá air? Ara is gearr go bhfuaraí sí sin le cúnamh Dé
An bhfuil an lot atá ar do chois fuaraithe fós? … Ceadh nach bhfuil? = gabhtha ar gcúl; an t-óthras a bheith imithe as, agus é a bheith i mbéal bisigh nó cneasaithe
An bhfuil na hoighreachaí fuaraithe ort inniu? Is gearr go mbeidh tú amuigh faoin bhfuacht aríst mar sin
+–
Meastú a bhféadfadh sé fuarú ar bith a fháil ar an bpian atá air = réidh an achair; fóirínt (fc. fóirínt); bodhrú
Níor mhiste liom céard a dhéanfainn ach fuarú a fháil ar na doigheachaí (fiacal)
TUILLEADH (6) ▼
Tá fuarú breá aige (ón tinneas, pian etc.) ó thránóna
Níl aon-fhuarú agad inniu, nó an bhfuil an phian ag cothú san ngiodán céanna? … Sin é do mhaith muise má tá sí ag smearadh amach
Bhí mé ag strócadh le pian ar feadh na hoíche ach tháinig fuarú beag dom teacht isteach an lae
Tá bun-fhuarú maith ar an bhfiabhras inniu air, a chuala mé. Chuaigh sé thrí aoithiú inné agus arú inné. Comhairim go bhfuil an báire leis le cúnamh Dé
An bhfuil aon-chosúlacht ar an mbruitíneach fuarú air sin? Tá sé in am sin aici feasta
Is deacair leis an ngrís sin fuarú. Is olc an éadáil atá ort muis. Beidh sí sin (an ghrís) in a lionnán agad go bhfeice tú tamall
4.
téaltú; claochmú, leigean as.
+–
Cuireadh an rud sin ar siúl annseo ach fuaraíodh as aríst = heiríodh as; níor coinníodh ar siúl, nó níor seadaíodh é
Bhí sé bog te ag dul ag pósadh anuiridh ach d'fhuaraigh sé as aríst shílfeá = chaith sé as a cheann é
TUILLEADH (10) ▼
Bhí an-chaint aige athrú na chéad-laethanta, ach tá sé fuaraithe as anois. B'fhéidir go bhfuil sé ar a sháimhín sógha san áit a bhfuil sé
Fuaróidh sé as an gceird sin muise ach a bhfeice sé nach bhfuil aon-tsamhaoine inti. Ní bheadh an sionnach fhéin suas leis sin ná le aonduine dhá dhream
Tá fearg air anois. Leig dó fuarú (as). Annsin teirigh chun cainte leis
Bhuail an-olc é, ach d'fhuaraigh sé (as) aríst ar an toirt. Duine taghdach mar sin é
Tá na sean-amhráin ag fuarú as agus amhráin nua ag teacht in a n-áit = ag imeacht; táthar ag eirí asta
Tá na sean-ghnásanna sin ag fuarú as anois. Meastú ar cuireadh aon-chrasóg Bhríde suas againne ó d'aistrigh muid go dtí an teach nua? Dheamhan é muis. Tá na daoine atá ann anois ro-fhaillíoch faoi bhealaigh den tsórt sin
Ní bheadh breith bonn báis aige gan a dhul chuig an damhsa nó gur chuala sé go raibh sé seo thíos le dhul ann. D'fhuaraigh sé as annsin
Bhí an-tóir ar an ól aige ach d'fhuaraigh sé as go mór le goirid
Shílfeá gur mhó dhá fhonn a bhí air a dhul ag smísteáil na ndaoine, ach gur fhuaraigh sé as aríst
Tá sé fuaraithe go mór san mbeannaíocht ó thug sé faoi deara a dhul ag cúirtéaracht = leighe aisti, lagha inti
+–
Fuaraíonn sé san bpoll a dtéann sé = níl ann ach an taghd, nó an buille, nó an geábh sin, agus tuiteann an dreoll ar an dreall air annsin nó fuaraíonn sé as, nó leigeann sé faoi, nó ní fhanann maith ná maoin leis
Níl aon-fhear oibre faoi na broit a chinnfeadh air in imeacht uair an chloig, ach uaidh sin amach ná bac leis. Dhéanfadh páiste an oiread foghail leis. Níl ann ach an speidhear sin. Fuaraíonn sé san bpoll a dtéann sé
TUILLEADH (5) ▼
Ba sclábhaí maith a bhí in a athair. Ach é fhéin, níl ann ach an rith searraigh. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé ann
Tá an-taghd ann ar an gcaoi sin. Ní fhaca tú aonduine ariamh is túisce a thiúrfadh "thug tú th'éitheach" dhuit ná é. Ach ná cuirtear araoid ar bith air, agus beidh sé chun míneadais aríst ar an toirt. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé ann. Dheamhan cuimhne a bheadh aige aríst air le ionntú an tsoip. Sin í a intinn. Níl neart aige air
Seán Ch. a raibh tú ag caint leis. Gheall sé an saol duit 'ar ndó?? … Gheallfadh sé. Ní raibh aon-cheo dhá chur ar siúl annseo ariamh nach air a bheadh chuile chúram faoi chun tosaigh, ach ní fheicfeá ón gcéad-oíche nó ón darna hoíche amach é. Bíonn an-spleódar mar sin ann ach fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Tá sean-aithne agamsa air sin a stór. Rachaidh mé faoi dhuit nach bhfeicfidh tú níos mó é
Ní fhaca mé fear ar bith ariamh is gasta uaidh leoraí amháin móna a bhaint ná é. Ach tá sé in a phuca uaidh sin amach. Fuaraíonn sé aríst san bpoll céanna a dtéann sé
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad-iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith agus de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad agus ní den abhras an chéad-shnáth
+–
San gcraiceann céanna ar théigh sé ann fuaraíodh sé aríst = le tabhairt le tuigsint nach bhfuil aon-bheann agad ar dhuine a bhfuil fearg air leat, nó atá le buile leat
Droch-rath air, marab air atá an sceaimhínteacht! Céard atá anois air? Mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag fáil a dhóthain óil. Fuair sé an oiread le chuile fhear eile dhá bhfuil annseo anocht, bíodh aige. San gcraiceann ar théigh sé, fuaraíodh sé ann aríst. Fuaraíodh más breá leis, nó leigeadh sé dhó, ach diabhal sásamh a gheobhfas sé uaimse, ná cuid de shásamh
TUILLEADH (5) ▼
Cén t-olc atá ort liomsa? Céard a rinne mise ort? An agamsa atá neart ort? Fuaraigh anois san gcraiceann céanna ar théigh tú ann cheana.
Ara nach furasta leis eirí suas in a choileachín ag na daoine! Ná tugtaí áird ar bith air. Cead aige fuarú san gcraiceann céanna ar théigh sé. Sin é an gléas air
Bhí an gaiscíoch mór seo thoir ann agus é féin spréachta. Ach níor cuireadh chuige ná uaidh. Bhí a chead aige fuarú san gcraiceann ar théigh sé
Shíl sí go gcuirfinnse suas coc léithi agus go mbeadh an-tsásamh aice a dhul ag sciolladh orm, mar sin biadh agus beatha di sin. Ach níor dhúirt mise drúcht ná báisteach léithi, ach a dhul ceann ar aghaidh in mo ghnatha, agus d'fhága mé ise ag fuarú san gcraiceann céanna ar théigh sí. Dhá bhfádh sí sin an té a choinneódh ropaireacht léithi, sé a mbeadh uaithi é
Breá ar bhac tú leis duth ná dath, agus d'fhuaródh sé san gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air, agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht len a chuid dodaireacht sin, agus ní leigfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró