1.
a.
fuaireadas nó fuacht a theacht i rud, nó an teas imeacht as.
+–
Fuaraigh an tae sin ar an sásar — é a chur amach ar an sásar
Ní mór an bainne seo a fhuarú roinnt. Tá sé te bruite. Sílimse gur bhain tú an darna fiuchadh as théis an fhainic a chuir mé ort. Tabhair dhom braon bainne fuar lena fhuarú anois
TUILLEADH (9) ▼
Ag fuarú braiche a bhí sé
Coinnigh an láthair mhoirtéil sin fuaraithe go maith — uisce a scairdeadh uirthi
Seo ól an caifí seo sula bhfuaraí sé. Ina theas is fhearr é
Ith suas te bruite iad agus ná fuaraídís ort. Deir siad nach fataí tura fataí teo. Nach diabhlaí nach mbeadh anlann ar bith le fáil sa mbaile sin thoir. Níor facthas aon ghreim éisc ann leis an fhad seo
D'fhuaraigh an lá go mór le uair an chloig — tháinig fuacht ann
Mura bhfuaraí an lá ag teacht don tráthnóna, ba cheart go bhfuaródh. Ní sheasfaidh an teas seo ar feadh na hoíche
Fuaraíonn an aimsir i gcónaí taca Lá Fhéile Michíl. 'Sé a nádúr é
Bhí an ghail bhruite as an gcoca féir an lá ar chuir mé isteach é. Dúirt chuile dhuine go dtéifeadh sé. Ach d'fhuaraigh sé aríst. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé meathdhreoite mar sin fhéin
Fuaraíodh sí ar an gcaoi chéanna ar théigh sí (cruach choirce). Tá rud ar ar n-aire thar is í sin a ligean amach aríst
+–
Má tá sé róthe agat, fág ar fuarú ansin go fóill é — le go bfuaróidh sé; le go n-imí an teas as
Leag na fataí sin amach ar fuarú ar an tsráid. Ná bain as an bpota chor ar bith iad
TUILLEADH (4) ▼
Níor fhága tú sách fada ar fuarú é. Tabhair ionú dhó a dhuine. Tá tú ró-mhífhoighdeach
Ní foláir don iarann sin a bheith ar fuarú seal shula gcuire tú leo é
Ól é sin ar a theas. Ná lig dhó fuarú. Beidh an mhaith imithe as má ligeann
Tá an pórtar seo mulláilte agam duit. B'fhéidir go mbainfeadh sé an slaghdán díot. Ná tabhair cead dó fuarú. I dteas bhainne na bó is fhearr a ól
+–
Ní foláir fuarú a bhaint as na tornapaí sin shula dtuga tú don lao iad
Tabhair fuarú beag ar an luaidhe sin shula gcuire tú ann í
TUILLEADH (7) ▼
Tabhair fuarú don worm (fuaraigh an worm; cuir fuarú ar an worm srl.) — uisce a chur uirthi
Is furasta a aithinte nach bhfuair an worm fuarú ar bith uaidh. Dheamhan fuarú a rinne an ceann céanna uirthi aon lá ariamh. Sin é an fáth a mbíonn an braon scallta ag greamú dhó i gcónaí — bíonn a chuid poitín scallta i gcónaí cheal gan an worm a fhuarú
Níl aon fhuarú orm ach mé ag cur allais agus do mo bhruith i gcónaí
Fanadh sé ansiúd ag an doras dúnta anois más breá leis. Gheobhaidh sé cead fuarú ann, agus fuarú go maith freisin. D'iarr mé air a theacht ag an tine faoi dhó nó trí huaire cheana, agus níor thug sé dhom ach cluais bhodhar
Tá an-fhuarú ag gunna den tsórt sin. Nach ndéanann sí spól dearg le neart an teasa — is fada go mbíonn sí fuaraithe; it takes great cooling
Bhí sé ag scairdeadh uisce uirthi agus bhí sí ina caor dhearg ina dhiaidh sin. Is diabhaltaí an fuarú atá ag engine mótair deirimse leat!
Má bhí na clocha sin deargtha chor ar bith tá an-fhuarú acu aríst. Is deacair leo téamh ach is deacair leo fuarú ach oiread
+–
An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid — an té a bhíos imithe cailleann sé gach ollmhaitheasa dhá mbíonn ann; déantar dearmad air
Fataí fuara a chaithfeas tú a ithe anois. Breá nach raibh tú isteach in am. An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé aisti anois, tá faitíos orm. Sílim go bhfuil buachaill eile aici: mac J. Mh. as seo thiar. Tá an ceann eile caite i gcártaí aici ó d'imigh sé as an áit. Is amhlaidh é: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
Dhá dteagtá abhaile nuair a chuir sé fios ort b'agat a d'fhágfadh sé an áit. Bhí sé ag súil leat i gcónaí. Rinne sé neamhshuim díot sa deireadh nuair nach raibh aon chosúlacht teacht ort. Sin é é i gcónaí: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
b.
fionnuartas, beochan, smeámh.
+–
Tá sé dhá fhuarú fhéin thíos ar aghaidh na farraige — ag tabhairt fionnuartais dó fhéin
Fág seo amach nó go bhfuaraí muid muid fhéin taobh amuigh. Tá an áit seo an-phlúchta
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag damhsa agus chuaigh mé amach le mé fhéin a fhuarú, agus lean sé amach mé
Chuaigh na beithígh in órán dhá bhfuarú fhéin
+–
Téirigh amach ar fuarú go fóilleach — ar an bhfionnuartas; le bruth allais, bruth saothair nó a leithide a bhaint díot féin
Má tá slack (meirfean) do do bhualadh amach leat ar an bhfuarú — ar an bhfionnuartas; faoin aer; in áit a mbeadh anáil
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú a bheith amuigh ar an bhfuarú. Tá mé ag dórtadh allais istigh ansin le uair an chloig.
+–
Siúil amach ag spaisteoireacht. Is fuarú dhuit é. Tá tú sactha istigh ag an tine sin ó mhaidin
Ar snámh a bhí againn a dhul. Ba mhór an fuarú é agus an meirbheadas atá sa lá
TUILLEADH (2) ▼
Tá fuarú breá anseo chois na habhann. Nach iontach ina dhiaidh sin go mbíonn fionnórtas i gcónaí in aice an uisce
Ní mór dom fuarú a fháil. Oscail an fhuinneoig sin. Tá bruth pórtair orm
+–
Tá fuarú beag gaoithe anois ann — beochan; smeámh gaoithe lá brothallach
Theastaigh an fuarú (gaoithe) sin. Bhí an lá an-mharfánta. Ní fhágfadh sé hump ná hamp i nduine
TUILLEADH (3) ▼
Éireoidh fuarú leis an gcomhtráth ar ball, agus gabhfaidh muid ag siúl ansin
Deir tú go raibh sé an-mheirbh inniu. Bhí fuarú breá gaoithe ar an bhfarraige. Sin é an áit nach mbainfeadh na cleabhair leat ar chaoi ar bith.
Ní hea ach aghaidh gaoithe agus cúl gréine a theastódh ó dhuine inniu. Dhá mbeadh áit ar bith a mbeadh fuarú gaoithe, is air a thriallfainnse. Tá mé leáite
2.
seacadh, strompadh, cruaú, triomú, sleabhcadh, seargadh.
a.
+–
Bhí scaoileadh orm an tseachtain seo caite ach tá mé fuaraithe aríst — tá seacadh bronn nó triomach orm, níl mé ag oibriú as mo cholainn
Sin é an chaoi a bhfuil mise: bogtha agus fuaraithe gacha le seachtain. Is cuma céard a chaithfeas mé, sé an cás céanna é
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail ráig bhuinní mé ina diaidh, agus ansin d'fhuaraigh mé go ceann coicíse. Ní feoil cheart a bhí inti dhá mbeadh an saol ag caint. Seanreithe bradach eicínt a bhí ina leathar le aois
Tá mé cróilithe uilig ag an bhfuarú atá ar mo cholainn le seachtain mhór fhada
b.
+–
Ní raibh sé fuaraithe nuair a bhí siad ag troid faoina chuid — ní raibh a cholainn stromptha thar éis bháis; ní raibh sé fuar
Ní fhaca mé aon chorp ariamh a d'fhuaraigh chomh héasca leis. Bhí sé fuar beathach ar an bpointe
TUILLEADH (6) ▼
"Cén chaoi a bhfuair buachaill Mhic Mhruchú bás? Nuair a d'fhuaraigh a ghuaillí, a chosa, a dhroim agus a cheann; Sin é an uair a fuair buachaill Mhic Mhruchú bás" (rann)
Ní maith a bhíos siad (coirp) fuaraithe anois nuair a bhíos siad sciobtha amach as an teach
Tá sé básaithe. Tá a ghuaillí, a chosa, agus a cheann fuaraithe faoi seo (is dóigh gur as an rann réamhráite a tháinig an leagan seo)
Ní mór daoibh crú a chur ina thosach agus é a leagan amach nó beidh an corp seactha. Tá sé fuaraithe le fada
Ní raibh an chéad fhear fuaraithe os cionn cláir nuair a bhí an darna fear i bhfocal aici!
Shíl siad go raibh sé fuaraithe nuair a bhíog sé aniar chucu aríst sna céadéaga. Labhair sé faoi dhó
3.
biseach, fóirithint; réidh an achair.
+–
D'fhuaraigh an rud a thug an dochtúr dó an daigh
Ní fhuaróidh tada an phian sin nó go dtuga sí a seal
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí (an bhruitíneach) amach maoldearg thríd le cupla lá, ach tá sí fuaraithe inniu — gan í a bheith chomh dearg; é a bheith dhá sú; í ag dul ar gcúl
Bhí íth orm ach tá sí fuaraithe anois
An teann ab ea atá air? Ara is gearr go bhfuaraí sí sin le cúnamh Dé
An bhfuil an lot atá ar do chois fuaraithe fós? … Ceadh nach bhfuil? — gafa ar gcúl; an t-othras a bheith imithe as, agus é a bheith i mbéal bisigh nó cneasaithe
An bhfuil na hoighreachaí fuaraithe ort inniu? Is gearr go mbeidh tú amuigh faoin bhfuacht aríst mar sin
+–
Meas tú a bhféadfadh sé fuarú ar bith a fháil ar an bpian atá air — réidh an achair; fóirithint (fc. fóirithint); bodhrú
Níor mhiste liom céard a dhéanfainn ach fuarú a fháil ar na daitheachaí (fiacal)
TUILLEADH (6) ▼
Tá fuarú breá aige (ón tinneas, pian srl.) ó thráthnóna
Níl aon fhuarú agat inniu, nó an bhfuil an phian ag cothú sa ngiodán céanna? … Sin é do mhaith muise má tá sí ag smearadh amach
Bhí mé ag stróiceadh le pian ar feadh na hoíche ach tháinig fuarú beag dom teacht isteach an lae
Tá bunfhuarú maith ar an bhfiabhras inniu air, a chuala mé. Chuaigh sé thrí aothú inné agus arú inné. Comhairim go bhfuil an báire leis le cúnamh Dé
An bhfuil aon chosúlacht ar an mbruitíneach fuarú air sin? Tá sé in am sin aici feasta
Is deacair leis an ngrís sin fuarú. Is olc an éadáil atá ort muis. Beidh sí sin (an ghrís) ina leannán agat go bhfeice tú tamall
4.
téaltú; claochmú, ligean as.
+–
Cuireadh an rud sin ar siúl anseo ach fuaraíodh as aríst — héiríodh as; níor coinníodh ar siúl nó níor seadaíodh é
Bhí sé bog te ag dul ag pósadh anuraidh ach d'fhuaraigh sé as aríst shílfeá — chaith sé as a cheann é
TUILLEADH (10) ▼
Bhí an-chaint aige athrú na chéad laethanta ach tá sé fuaraithe as anois. B'fhéidir go bhfuil sé ar a sháimhín só san áit a bhfuil sé
Fuaróidh sé as an gceird sin muise ach a bhfeice sé nach bhfuil aon tsomhaoine inti. Ní bheadh an sionnach fhéin suas leis sin ná le aon duine dhá dhream
Tá fearg air anois. Lig dó fuarú (as). Ansin téirigh chun cainte leis
Bhuail an-olc é, ach d'fhuaraigh sé (as) aríst ar an toirt. Duine taghdach mar sin é
Tá na seanamhráin ag fuarú as agus amhráin nua ag teacht ina n-áit — ag imeacht; táthar ag éirí astu
Tá na seanghnásanna sin ag fuarú as anois. Meas tú ar cuireadh aon chrosóg Bhríde suas againne ó d'aistrigh muid go dtí an teach nua? Dheamhan é muis. Tá na daoine atá ann anois rófhaillíoch faoi bhealaigh den tsórt sin
Ní bheadh breith bonn báis aige gan a dhul chuig an damhsa nó gur chuala sé go raibh sé seo thíos le dhul ann. D'fhuaraigh sé as ansin
Bhí an-tóir ar an ól aige ach d'fhuaraigh sé as go mór le gairid
Shílfeá gur mhó dhá fhonn a bhí air a dhul ag smísteáil na ndaoine ach gur fhuaraigh sé as aríst
Tá sé fuaraithe go mór sa mbeannaíocht ó thug sé faoi deara a dhul ag cúirtéireacht — ligthe aisti, lagtha inti
+–
Fuaraíonn sé sa bpoll a dtéann sé — níl ann ach an taghd, nó an buille, nó an geábh sin, agus titeann an drioll ar an dreall air ansin nó fuaraíonn sé as, nó ligeann sé faoi, nó ní fhanann maith ná maoin leis
Níl aon fhear oibre faoi na brait a chinnfeadh air in imeacht uair an chloig ach uaidh sin amach ná bac leis. Dhéanfadh páiste an oiread foghail leis. Níl ann ach an spadhar sin. Fuaraíonn sé sa bpoll a dtéann sé
TUILLEADH (5) ▼
Ba sclábhaí maith a bhí ina athair. Ach é fhéin, níl ann ach an rith searraigh. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé ann
Tá an-taghd ann ar an gcaoi sin. Ní fhaca tú aon duine ariamh is túisce a thabharfadh "thug tú th'éitheach" dhuit ná é. Ach ná cuirtear araoid ar bith air, agus beidh sé chun míneadais aríst ar an toirt. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé ann. Dheamhan cuimhne a bheadh aige aríst air le iontú an tsoip. Sin í a intinn. Níl neart aige air
Seán Ch. a raibh tú ag caint leis. Gheall sé an saol duit ar ndóigh?? … Gheallfadh sé. Ní raibh aon cheo dhá chur ar siúl anseo ariamh nach air a bheadh chuile chúram faoi chun tosaigh, ach ní fheicfeá ón gcéad oíche nó ón darna hoíche amach é. Bíonn an-spleodar mar sin ann ach fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Tá seanaithne agamsa air sin a stór. Rachaidh mé faoi dhuit nach bhfeicfidh tú níos mó é
Ní fhaca mé fear ar bith ariamh is gasta uaidh leoraí amháin móna a bhaint ná é. Ach tá sé ina phuca uaidh sin amach. Fuaraíonn sé aríst sa bpoll céanna a dtéann sé
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
+–
Sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann, fuaraíodh sé aríst — le tabhairt le tuiscint nach bhfuil aon bheann agat ar dhuine a bhfuil fearg air leat, nó atá le buile leat
Drochrath air, murab air atá an sceaimhínteacht! Céard atá anois air? Mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag fáil a dhóthain óil. Fuair sé an oiread le chuile fhear eile dhá bhfuil anseo anocht, bíodh aige. Sa gcraiceann ar théigh sé, fuaraíodh sé ann aríst. Fuaraíodh más breá leis nó ligeadh sé dhó, ach diabhal sásamh a gheobhas sé uaimse, ná cuid de shásamh
TUILLEADH (5) ▼
Cén t-olc atá ort liomsa? Céard a rinne mise ort? An agamsa atá neart ort? Fuaraigh anois sa gcraiceann céanna ar théigh tú ann cheana.
Ara nach furasta leis éirí suas ina choileachín ag na daoine! Ná tugtaí aird ar bith air. Cead aige fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh sé. Sin é an gléas air
Bhí an gaiscíoch mór seo thoir ann agus é féin spréachta. Ach níor cuireadh chuige ná uaidh. Bhí a chead aige fuarú sa gcraiceann ar théigh sé
Shíl sí go gcuirfinnse suas coc léithe agus go mbeadh an-tsásamh aici a dhul ag sciolladh orm, mar sin bia agus beatha di sin. Ach níor dhúirt mise drúcht ná báisteach léithe ach a dhul ceann ar aghaidh in mo ghnaithe agus d'fhága mé ise ag fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh sí. Dhá bhfaigheadh sí sin an té a choinneodh ropaireacht léithe, sé a mbeadh uaithi é
Breá ar bhac tú leis dubh ná dath agus d'fhuaródh sé sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht lena chuid dodaireacht sin agus ní ligfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
fuaraigh in iontrálacha eile (29)
+
→
fóir
Níl fuarú ná fóirithint aige inniu ach an oiread le aon lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta Dé. Is mór m’fhaitíos gur cancer atá air
TUILLEADH (1) ▼
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
→
colg
Má tá colg air, dheamhan neart againne air. An craiceann céanna ar théigh sé, fuaraíodh sé aríst ann más breá leis é.
→
baorsa
Má tá sé le buile is le baorsa fhéin, dheamhan an miste linn. Sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann, fuaraíodh sé aríst.
→
aiféala
Ní fhuaróidh mo phian le do chuidse aiféala — in Iar Chonnacht agus in iarthar Chonamara déarfaí mo chuidse talún srl. ach i gCois Fharraige mo chuid talúnsa.
→
buadán
Cén mhaith dhuit buadáin a chur orthub más oighreachaí atá ort? Ní thabharfaidh an buadán aon fhuarú dhuit.
→
farra
Níl aon dochar in Johnny M. Dheamhan ann ach an farra sin. Gan aird ar bith a thabhairt air, ach cead aige fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
→
frapa
Bhí an scéal fuaraithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
→
fill
Bhain sé as gan filleadh gan feacadh go ndeachaigh sé go beairic agus go dtug sé anoir na póilíos. Murach sin ar ndóigh, d'fhuaródh an scéal ar an toirt. Ach ní raibh an ceann céanna ariamh gan a dhá dhíol luadair a bheith faoi
+
→
fuarú
Bruth allais a bhí orm ar ball, ach fuarú allais atá orm anois — allas téachtaithe, allas lagair. Allas "te" é an cineál eile
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail fuarú allais mé, agus níor fhan lúd ná láthar ionam. Diabhal mé gur shíl mé go raibh mé cniogtha go sábhála Dia sinn!
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le teann donacht a theagas an fuarú allais sin orm! Deile? Murab ea, ní le maith é. Tá sé do mo chothú ar fad anois. Dheamhan agam ach siúl soir chomh fada leis an doras nuair a bheas an sruth liom
Chaith fuarú allais orm ar feadh saol is aimsir thar éis an fhliú. Agus ní raibh spreacadh an éinín gé fhéin ionam
→
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
+
→
daol
Ina daolannaí a bhíos pian an chancer sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faigheann duine fuarú uaithi ar an gcóir chéanna. Bíonn sí an-ghártha den tsaol. Chonaic mé B. Ph. léithe — go ndéana Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúinchomhrá thiar ar an teallach mar atá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta gharta, tháinig an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim is dhá uair an chloig as, agus chlaochmaigh sí ansin aríst. Ach ó théas an rud sin (cancer) in ainseal ar dhuine, is gearr an mhoill a fhaigheas sé ón bpian. Tagann na daolanna air chuile phointe
TUILLEADH (1) ▼
Theangmhaigh daol eicínt le M. anocht agus chomh pusach agus atá sí. Níl ann ach gur bheannaigh sí dhom sa mbóthar. Ach oibríodh sí léithe agus fuaraíodh sí sa gcraiceann céanna ar théigh sí cheana ann
→
daor 2
"Ansiúd a chífeá an diabhal ina sheasamh; scála thrína láimh agus é ag fuarú braiche leis; ag cur tart ar m'anam agus dhá dhaoradh; agus dhá chur go hifreann ag fulaingt na bpianta". As Aithrí Sheáin de Barra
→
dearg 1
Shíl mé go mbeadh sé ina achrann dearg ach d'fhuaraigh an cúpla acu as ina dhiaidh sin, nuair a chonaic siad nach raibh aon fhonn ar aon duine a dhul ag déanamh eadarascáin
→
diaidh
Bhreathnaigh sé orm i ndiaidh a leicinn, agus shílfeá gur brath mhór a bhí aige beannú dhom, ach níor bheannaigh ina dhiaidh sin. Is minic ar an deis sin le gairid é. Is fada leis go mbeannaí mé dhó, ach dheamhan beannú muis, ná cuid de bheannú, dhá gcailleadh sé síol a chlainne ag súil leis. Fuaraíodh sé anois sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
→
dochtúr
Dochtúirí na cruinne ní thabharfadh aon fhuarú dom, nó gur tarraingíodh amach í as cosa i dtaca. Is fada a chaith sé ag cragairt (cnagairt) agus ag criongán léithe shula fuair an teanchair aon ghreim uirthi (bun d'fhiacail), ach nuair a fuair, fuair sí crúscadh
Bhí an domhnaíocht anseo sa Local (L.S.F.) nuair a thosaigh siad i dtosach. Cuid acu splanctha go dtéidís ann faitíos a gcaillfidís an dole. Ach shílfeá nach mó ná sin a thaitnigh leo théis tamaill. D'fhuaraigh siad as aríst. Bhí sé ann ariamh sa saol — fear an dá chroí
→
drandal
Ní sna fiacla atá na daitheachaí chor ar bith orm, ach isteach sa drandal. Ina driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadrom i dtosach ach tagann an t-ardú ansin mar a bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon ní faoin saol in ann fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneáil in mo bhéal chomh fada in Éirinn agus atá mé in ann fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhraíonn sé roinnt í mar sin féin
Tháinig faoileán droimeannach ansin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nár ardaigh leis sceallóg d'fhata: fataí a (ár) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosaigh sé ag scréachaíl chomh hacmhainneach agus a bhí sé in ann, agus lig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!
→
dual 2
Dhá mbeadh dual bharraigh agat le cur le do bholg, b'fhéidir go dtabharfadh sí fuarú dhuit ar an bpian bhoilg sin. Tá leigheas sa mbarrach
→
díol 2
Is gearr go mbeidh a dhíol faighte aige den obair anois. Shílfeá go bhfuil sé ag fuarú aisti cheana féin. Ní raibh ann ach an rith searraigh ariamh, hé brí céard a ghabhfadh sé a dhéanamh
+
→
dóigh 1
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le theacht ann. Níl aon bhean inphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistrí scoile, nó cléireachaí baince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís i ngeallta dhá samhlaíteá. Nár thuga Dia dhóibh níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróidís agus iad fágtha ar a dtóin scaitheamh eile mar atá siad, go mb'fhurasta a dhul chun cainte leo ansin
TUILLEADH (1) ▼
D'inseoinn dó é, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí brat acu timpeall air, agus ní chloisfeá méir i gcluais lena raibh de chlabaireacht agus de shioscadh acu. Shílfeá freisin go raibh sé de bheith orthu fanacht ansin nó go n-imíodh seisean. Bhí mé le buile agus le báine, ach d'fhéad mé fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh mé ann, ar scáth a raibh d'aird acu siúd orm
→
dúisigh
Ní raibh aon mhaith aige ann nó go ndúisíodh sé an scéal aríst; théis go raibh sé fuaraithe roimhe sin
→
téigh ar
Chuaigh an craiceann daor go leor air: trí bliana i bpríosún. Fuaróidh sé tamall dhá uireasa anois muis