Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuarlach
Ainmfhocal; Fireann
fuadach croí, nó an croí a bheith ag bualadh: tugtar "falrach" freisin air, nó "farlach", agus thiocfadh dhó gurb shin é an focal ceart (fc. "falrach").
+
Bhí fuarlach (fual(d)rach scaití freisin) faoi mo chroí aréir. Ní thaithníonn sé chor ar bith liom
Má tá an fuarlach (falrach) croí sin dhá cothú, tiúrfaidh sé giorrachan saoil di. Sé atá deas air. Ní fhaca mé ar aonduine ariamh é, nach n-imeódh sé tobann
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn fuarlach faoin a chroí. Ní fhanann focal den chaint aige scaití leis an mbualadh a bhíos ag án a chroí. Chuile bhall muise ach an croí a bheith fabhtach. Má eiríonn aon-cheo dhó sin, tá duine réidh

Féach freisin