fuarlach
—ainmfhocal, fireann
—
fuadach croí, nó an croí a bheith ag bualadh. Tugtar falrach freisin air, nó farlach, agus thiocfadh dhó gurb in é an focal ceart (fc. falrach).
+–
Bhí fuarlach (fual(d)rach scaití freisin) faoi mo chroí aréir. Ní thaitníonn sé chor ar bith liom
Má tá an fuarlach (falrach) croí sin dhá cothú, tabharfaidh sé giorrachan saoil di. 'Sé atá deas air. Ní fhaca mé ar aon duine ariamh é nach n-imeodh sé tobann
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn fuarlach faoina chroí. Ní fhanann focal den chaint aige scaití leis an mbualadh a bhíos ag a chroí. Chuile bhall muise ach an croí a bheith fabhtach. Má éiríonn aon cheo dhó sin, tá duine réidh
fuarlach in iontrálacha eile (4)
→
cab
Bhí tuile na habhann an geimhreadh seo caite cab ar chab le barr an chnocáinín sin. Ba in é an fuarlach agat a mhic ó!
→
crúbáin
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
→
téigh
Is dícéillí an fear thú a dhul an abhainn (trasna na habhann, a dhul an chora) a leithide d'oíche. Beidh fuarlach (forloch) inti anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí chun bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!