Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
falrach, falra
ainmfhocal, fireann
falra adeirtear go minic
reacht nó meacan goil, gáire, anbhá, casacht srl.; fuile faile; srannán.
+
Bhuail falrach goil, gáire, casacht, plúchadh, cainte srl. é — nuair a bheadh falrach ar dhuine, ní go maith a thiocfadh a chuid cainte leis le teann goil srl.
Tá falrach caoineacháin ann.
TUILLEADH (1) ▼
Teagann falrach cársáin ann corruair agus is beag le go dtugann sé a anáil leis chor ar bith
+
An dteagann an falrach sin ort go minic. Is olc í an iomarca den chasacht muis
Chuile uair dhá mbíonn falrach den phlúchadh sin air, bíonn sé chomh cantalach le dris. B'fhéidir go mbeadh sé chomh cineálta lena bhfaca tú ariamh aríst lá arna mhárach. Diabhal neart a bhíos aige air. Lá ag plúchadh agus lá go buacach, adeir siad
TUILLEADH (4) ▼
Bhí falrach ann a mhic ó ag teacht aníos an bóithrín. Dheamhan focal den chaint a thuigfeá uaidh. Bhí sé balbh ar fad. Shílfeá gurb í an taoille a bheadh ag teacht air
Bhí falrach i mná an bhaile seo síos inné. An bodachín rua (an sionnach). Thóg sé seilbh ar tigh T. Sh. ar fad. Thug sé chúig cinn uaithi, agus trí cinn ó Nóra
Teagann corrfhalrach den chasacht orm ar feadh na hoíche agus shílfeá go bpléascfadh sí ó chéile mé
Ní raibh falra ariamh air go dtí an oíche sin — anbhá; excitement

Féach freisin

falrach in iontrálacha eile (5)

 
buail
Má bhuaileann falrach gháire é beidh chaon scairt aige aríst go ham suipéir.
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dhiaidh sin nár thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinig falrach gáirí air
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air os cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
 
Nuair a chonaic sí an rud a thug an ceannaí le n-ithe don dochtúr eile, tháinig falrach gáire uirthi agus chuir sí aníos an dúradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. 'Sin é do mhaith anois,' adeir an ceannaí. 'Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair' — bean a raibh ualach leannduibh uirthi agus leigheas ceannaí mála í