Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág le
+
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb ea = seadh go cinnte
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agad
TUILLEADH (9) ▼
Fágaim le m'uacht go bhfuil glionndar orm go bhfuil tú san mbaile
Fágaim le m'uacht gur maith liom sin muis. 'Chonách maitheasa ort!
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reiche beó beithioch aice!
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb shin é
Deir tú nach hea. Fágaim le m'ais gurb ea muis = sea go dearfa
Fágaim le m'ais gurb é. 'Deile cé a dhéanfadh é?
Fágaim le m'ais nach mbeidh plé beag ná mór agam leis
Fágaim le m'ais muis gur suarach í do cheird

fág le in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
D'fhága sé annsin é le faitíos a ithe
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
 
Fág an cheirt sin d'earasbár ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfóinfeadh sí amach annseo
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
 
focal
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
 
Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch is chuile theach ósta san tír
+
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
TUILLEADH (6) ▼
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo, agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
Níor fhága sleaghannaí na raithní sin aon-ionga ag gabhail liom anuiridh
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
Fágaim ag Dia nach bhfuil pínn ag gabhail liom!
Fágaim ag mo Shlanaíodóir nachar dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nar rugadh
D'fhágfainn dhá chloich dhéag ag do mhuic-sa. Ní mórán le deich gclocha an mhuic eile seo
+
D'fhága an sneachta ar chnáimh mo dhroma mise le seachtain
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága sin ar bheagán le rá é
D'fhága an t-ól an chaoi sin air. Ba suarach an t-íonadh. Bhí sé leis i gcomhnaí
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
 
An drabhlás a d'fhága gan greim le cur in a bhéal é
+
fág i
Oibríodh sé leis! Dearg-chnuastóir é. Ach fágfaidh sé in a dhiaidh cho maith linne é nach bhfágfaidh cianóg
TUILLEADH (4) ▼
Níor fhága mé pínn ruadh in a shiopa le bliain. Go deimhin ní theastódh uaim ach sin
Dúirt sé an méid sin. Lasc leis annsin, agus d'fhága sé mise annseo i bpiolóid
Céard a d'fhága san gcruth sin thú ach do chuid mí-chomhairle fhéin. Ní éistfeá leis an té a bheadh ar mhaithe leat. Tá a shliocht ort anois
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith is chuile pholl. Níl thairis ionta. Tá an oiread fataí agamsa leis in a dheidh sin, mar tá poill théagaracha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
+
fág
Ní maith leat a bheith annseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
TUILLEADH (23) ▼
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
Fág seo leat = le capall, asal, bó etc. agus thú dhá seóladh nó dhá gcinnireacht
Fág seo amach annseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beó!
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Seo ní fhágfaidh tú nó go n-innsí tú dhamsa cé adúirt leat é
Marach gur eirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Sin ní fhágfainn le mo ló marach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta aithinte dhom é
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin = níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. (Deirtear go mbaineann sneachta an ghaimh as an aimsir)
"Níor fhága an marbh láthair" adeir sé. "Tá mo phíopa ag duine eicínt san teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfuighidh mé aige é, ní leis a rachas (fc. marbh)
An té is cumhang (nó "ar cumhang") leis fágadh = an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mar a dtaithníonn leis
Brú suas annsin, agus tabhair binn domsa. An té is cumhang leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthannas, adeir siad
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh aca. An té is cumhang leis fágadh.
Teannaighí anuas. Déanaigí áit díb fhéin annsin cho maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cumhang níl muid doicheallach. 'Ar ndó' an té is cumhang leis fágadh
Fág é nó go bhfeice tú leat = ná tóig anois é; ná déan an obair sin anois etc
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
Ní fhágfadh an madadh mion mullóg dhíot le chéile murach gur éirigh Dia liom go dtáinig mé ann
Nach breá nach bhfágfadh sib le m'anshógh féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus fág mar sin é. Cén mhaith dhuit a bheith dhá sheadú, le tuilleadh cantail a chur orm?
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis = rinne mé an-sciolladóireacht air
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"