fág le
—
+–
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb ea — sea go cinnte
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agat
TUILLEADH (9) ▼
Fágaim le m'uacht go bhfuil gliondar orm go bhfuil tú sa mbaile
Fágaim le m'uacht gur maith liom sin muis. 'Chonách maitheasa ort!
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reicthe beo beathach aici!
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb in é
Deir tú nach ea. Fágaim le m'ais gurb ea muis — sea go dearfa
Fágaim le m'ais gurb é. Deile cé a dhéanfadh é?
Fágaim le m'ais nach mbeidh plé beag ná mór agam leis
Fágaim le m'ais muis gur suarach í do cheird
fág le in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
D'fhága sé ansin é le faitíos a ithe
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
→
focal
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
→
frasaíl
'Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch i chuile theach ósta sa tír
→
froigisí
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
+
→
fág ag
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bheas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an trá — ag obair sa gcladach a bheas mé Dé Luain
TUILLEADH (6) ▼
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
Níor fhága sleánnaí na raithní sin aon ionga ag gabháil liom anuraidh
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
Fágaim ag Dia nach bhfuil pínn ag gabháil liom!
Fágaim ag mo Shlánaíodóir nár dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nár rugadh
D'fhágfainn dhá chloich dhéag ag do mhuicse. Ní mórán le deich gclocha an mhuic eile seo
+
→
fág ar
D'fhága an sneachta ar chnáimh mo dhroma mise le seachtain
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága sin ar bheagán le rá é
D'fhága an t-ól an chaoi sin air. Ba suarach an t-ionadh. Bhí sé leis i gcónaí
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hé brí cé eile a bheas siar leis
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
+
→
fág i
Oibríodh sé leis! Deargchnuastóir é. Ach fágfaidh sé ina dhiaidh chomh maith linne é nach bhfágfaidh cianóg
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága mé pínn rua ina shiopa le bliain. Go deimhin ní theastódh uaim ach sin
Dúirt sé an méid sin. Lasc leis ansin, agus d'fhága sé mise anseo i bpiolóid
Céard a d'fhága sa gcruth sin thú ach do chuid míchomhairle fhéin. Ní éistfeá leis an té a bheadh ar mhaithe leat. Tá a shliocht ort anois
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith i chuile pholl. Níl thairis iontu. Tá an oiread fataí agamsa leis ina dhiaidh sin, mar tá poill théagarthacha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
+
→
fág
Ní maith leat a bheith anseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
TUILLEADH (22) ▼
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
Fág seo leat — le capall, asal, bó srl. agus thú dhá seoladh nó dhá gcinnireacht
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Seo ní fhágfaidh tú nó go n-insí tú dhomsa cé adúirt leat é
Murach gur éirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin — níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. Deirtear go mbaineann sneachta an ghoimh as an aimsir
'Níor fhága an marbh láthair,' adeir sé. 'Tá mo phíopa ag duine eicínt sa teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfaighidh mé aige é, ní leis a rachas' (fc. marbh)
An té is cúng (nó ar cúng) leis fágadh — an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mura dtaitníonn leis
Brú suas ansin, agus tabhair binn domsa. An té is cúng leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthanas adeir siad
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
Teannaidh anuas. Déanaigí áit díbh fhéin ansin chomh maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cúng níl muid doicheallach. Ar ndóigh an té is cúng leis fágadh
Fág é nó go bhfeice tú leat — ná tóg anois é; ná déan an obair sin anois srl.
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
Ní fhágfadh an madadh mion-mullóg dhíot le chéile marach gur eirigh Dia liom go dtáinig mé ann
Nach breá nach bhfágfadh sibh le m'anó féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus fág mar sin é. Cén mhaith dhuit a bheith dhá sheadú, le tuilleadh cantail a chur orm?
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a frítheadh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. Ar ndóigh dheamhan leath an chirt aige leo, níl sin
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis — rinne mé an-sciolladóireacht air