Fáilí
—Aidiacht
—
lághach, súáilceach, nádúrdha, macánta, meanmnach, gleóite, croidhiúil, carthannach.
+–
Is duine fáilí é le castáil ort
Dheamhan bean is fáilí ná í sin a chasfaí leat in do shiúl lae. Nach carthannas ar fad í
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil an chlann baol ar chomh fáilí leis an athair. Deir siad go bhfuil an ceann is óige bruasánta go leór
Go deimhin b'fháilí an baile é sin scathamh, le dhul ann ag strainséara. Níl a fhios agam céard is cor dóibh anois
An bhfaca tú aon-aimsir ariamh an tráth seo 'bhliain cho fáilí léithe = macánta, aoibhinn
Fáilí in iontrálacha eile (4)
→
fiacail
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó a chonnaic mé cho fáilí é, dúirt mé liom fhéin, nach mbeinn danra
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfuighinnse aon-tsásamh uirri in a dhiaidh sin. Chíotar dhom go bhfuil sí ro-fhuarchosach. Chaithfeá a bheith san áirdeall ort fhéin igcomhnaí léithi. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
→
de
Mara bhfuil sé fáilí dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh