fáilí
—aidiacht
—
lách, suáilceach, nádúrtha, macánta, meanmnach, gleoite, croíúil, carthanach.
+–
Is duine fáilí é le castáil ort
Dheamhan bean is fáilí ná í sin a chasfaí leat in do shiúl lae. Nach carthanas ar fad í
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil an chlann baol ar chomh fáilí leis an athair. Deir siad go bhfuil an ceann is óige bruasánta go leor
Go deimhin b'fháilí an baile é sin scaitheamh le dhul ann ag strainséara. Níl a fhios agam céard is cor dóibh anois
An bhfaca tú aon aimsir ariamh an tráth seo bhliain chomh fáilí léithe — macánta, aoibhinn
fáilí in iontrálacha eile (15)
→
fiacail
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó chonaic mé chomh fáilí é, dúirt mé liom fhéin nach mbeinn danra
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfaighinnse aon tsásamh uirthi ina dhiaidh sin. Chítear dhom go bhfuil sí rófhuarchosach. Chaithfeá a bheith san airdeall ort fhéin i gcónaí léithe. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
→
dearc
Ní thaitníonn a dhearcadh chor ar bith liom. Sílim go bhfuil muid braite aige. Ar éigean a bheannaigh sé féin, té (cé) go mbíonn sé an-fháilí go hiondúil. S. B. go siúráilte nár choinnigh a raibh a fhios aige ina bholg!
→
de
Mura bhfuil sé fáilí, dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh
→
diaidh
An bhfuil a fhios agat an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaonfhéachaint ann agus a bhíos i gcónaí ag breathnú i ndiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon neart aige air sin, gurb í an chlaonfhéachaint is ciontaí leis. Súile corr caimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar a bheadh maide corr caimín ann. Diabhal mé gur duine fáilí é sin, agus nach gcreidfeá ach chomh gnaíúil agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon bheann aige air
+
→
diúltach
Bundún bradach! Ghabhfadh sé thart ar an mbóthar agus ceannaghaidh chomh diúltach air agus go mbeadh faitíos ort beannú dhó. Is minic a chasas sé liomsa agus téann muid thar a chéile, ionann is dá mbeadh gan aithne ar bith a bheith againn ar a chéile. Dar príosta, ní bhfaighinn ó mo chlaonta beannú dhó scaití chor ar bith. Is breá an rud duine a bheas cúnsclaí fáilí nuair a chasas sé leat
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn an seachadadh amach ann, beidh sé fáilí agus an-ghairm aige romhat. Ach más ag iarraidh cairde a bheas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air
→
dodaire
Dodaire í an mháistreás óg sin ann sílim. Is furasta a aithinte uirthi é. Tá an chuid eile acu fáilí go leor, ach ní bheannódh sí sin duit scaití. Tá sí ag leagan ar na malraigh beaga go binn freisin. Diabhal mé nár mhiste le duine faoi ghreasáil, ach maraíonn sise iad ó mhaidin go faoithin
→
dorcha
Dúirt mise léithe, go ndéana Dia grásta uirthi, go raibh M. an-dorcha, agus is beag a thaitnigh sé léithe. 'Feicimse chomh fáilí le chuile dhuine é,' adeir sí
→
doscúch
An té a bheas doscúch mar sin lena dhuine féin agus fáilí le daoine eile, ná bac leis. 'Sé do dhuine féin é do dhuine féin. Má bhíonn cruóg ná anó ort, cé a thógfas láimh leat ach do dhuine féin. Ní i gcleithiúnas strainséara a bheifeá ag dul
→
déanta
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
Is olc an bhean díolacháin í. Tá sí róchuntasach. Dá mbeifeá ag síneadh leathchéad punt amach aici, agus dhá mbeadh an bille leithphínn le cois, d'fhanfadh sí go bhfaigheadh sí an leithphínn. Sin é an sórt duine í. Ní mhaithfeadh sí tada dhuit. Níl a díol cuntanóis inti ach oiread leis an té a thiocfas isteach chuici. Ní mór do bhean díolacháin a bheith fáilí i gcónaí …
→
dóigh 2
B'fhéidir di a bheith an-fháilí. Níor dhóichíde sin ná cibhear a thabhairt isteach ar na fiacla dhuit. Tá sí sách anglánta má thograíonn sí é