Fáisc Fásc
—Briathar
—Deirtear "fáiscim", "fáscaim", "fáisceadh", "fáscadh" etc. ach is coitianta caol ná leathan é. "Fáische" amháin adeirtear. San leagan "fuinneamh ná fáscadh" bíonn sé i gcomhnaí leathan.
1.
a.
teann, brúgh, sac, sáith, doirt, righ.
+–
Níl an chnoth sin sáthach fáische = daingnithe
Ní mór an doras sin a fháisceadh isteach go maith
TUILLEADH (12) ▼
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháisceadh
Tá sé cho fáische agus dhá bhfáisctí (dhá bhfáiscthí) le bís é
Is tú a chuir daingean ann é. Tá sé cho fáische agad agus dhá bhfaiscthí le bís é
Tá an chois cho fáische san bpíopa agus nach dtiocfaidh sí as go deó dearg na díle
Níl an lata sin sách fáische ar an mbuicéad
Nach hé an claibín atá fáische air! Ní bhainfidh tú é gan pionsúr
Ní fhéadaim an táirne a thabhairt liom. Tá sé an-fháische ann
Tá na clocha sin fáische idtalamh = docht san talamh
Tá an leac siúd cho fáische agus nach mbainfeadh gró ar bith í
Ní mór an chois sin a fháisceadh san gcathaoir, nó is gearr uaithe
Fáisceadh idir an mótar agus an claidhe mé
Choinnigh sí a béal fáische ar a chéile
+–
D'fháisc sé mo dhruim, nó gur shíl mé go ndéanfadh sé dhá leith dhi. Is cráite an greim atá aige
Ná fáisc mo láimh mar sin
TUILLEADH (6) ▼
Má bhaineann tú móin idtús bliana agus a caitheamh suas in a carra, beidh an t-uisce fáische aisti, nuair a bhéas tú réidh chuice
D'fháiscfeá chuile shnáth dhá raibh thuas ar mo chorp = bhí mé fliuch báite
Tá an mhóin siúd mar d'fháiscfí í (le fáisceadh) = fliuch báite
Fáisc na héadaigh sin, agus sruthlaigh iad amuigh ar an gclaidhe = éadaigh thar éis níocháin
Fáisc an seile as do mhéir
Fáisc isteach an seol uirre = bád ag dul ar chúrsaí; ag laghdú an tseóil
·
Bain fáisceadh aisti; tabhair fáisceadh di = breith ar chailín
An té a thiúrfadh fáisceadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
b.
+–
Sé atá cruadh fáische = fear miotallach; fear a mbeadh gabhail na gaoithe ann; fear cruadh fuinte a mbeadh sracadh maith oibre ann, agus scráibneart
Fear cruadh fáische é Seán. M'anam nach tada eile
TUILLEADH (3) ▼
Feairín cruadh fáische a bhí ann. B'ait é ag obair.
Nach cruadh fáische atá sé fós, th'éis an aois atá aige tharmsa
Marach cho cruadh a's cho fáische agus atá sé, is fadó an lá a bhí an chupóig thrín a chluais. Ní sheasfadh "Black" ar an obair sin
·
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air etc. (fc. fuinneamh)
c.
síolraigh.
+–
Nar chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí, agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile = bhí a mhuinntir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tóigeadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta aithinte é ar na hamhógaí atá aice
TUILLEADH (2) ▼
As an gcladach a fáisceadh mé. Ba é an chéad-bhiadh san sliogán agam é
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí in a mhuinntir?
2.
teigh, agus rl.
+–
D'fháisc mé síos ann, agus cé gheobhainn rómham ar bhall na háite ach C. = chuaigh mé
Fáisc suas dhá iarraidh
TUILLEADH (9) ▼
Ar a theacht dósan, d'fháisc mise liom = d'imigh liom
Nach maith luath atá sé fáische leis an taobh aice. Níor tháinig tada don tír ariamh nar mhian leis an dream céanna a bhun agus a bharr a bheith aca
Má theagann strainséara ar bith 'un tí ann, ní dhéanann sé ach fáisceadh amach san scioból nó go n-imighe sé
Tá sé in am againn a bheith ag fáisceadh linn = ag imeacht
D'fháisc sé síos Gaillimh ar maidin, agus níor facthas ó shoin é
Tá sé cho maith dhom fáisceadh (dul) in éindigh leis
Fáisc in éindigh léithe = gabh
Seo! Fáisc abhaile!
Dheamhan a fhios agam ó neamh na néal cén áit ar fháisc sé
3.
·
Fáisc síos ann é = cuir, brúgh
Fáisc ann é = cuir ann é (níl fáscadh i gceist)
Fáisc in iontrálacha eile (50+)
→
cosacán
Beir ar na malluigheadóirí (dhá chaora) a's fáisc cosacáin nó cuíngir orra(b). Tá'n cheapaichín phlanndaí a bhí annsin thiar agham millte aca(b).
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.
→
coraice
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
→
crinn
Dhá mbeadh indán's go bhfáisceadh sibse, tuille seoil ar a' mbád se'agaibh fhéin, a's an dá bhád a' crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
→
cromnasc
Má imthigheann sé aríst as, déanfa mise cleas leis — maistín de chromnasc 'fháisceadh air. Feicfe tú fhéin air, go mbainidh sin an t-uabhar dhe.
→
bornóg
Tá sé in aon-bhornóig amháin gan fuinne(amh) gan fáscadh. Má mhaireann dó (i.e. a' cur fheola suas), is gearr a bheidheas tapa a' bith ann.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin, a's ná bíodh cosamhlacht chomh briollach sin ort.
→
breoigh
Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
→
bruach
Sin é an stócach cruadh fáiscthe. Chonnaic mé thíos annsin é, an lá faoi dheire in éindigh len' athair a' leagan bruachannaí, a's inDomhnach, leag sé bruach ar a' mbruach leis.
→
buadán
Breagh nach bhfáisceann tú buadán uirre, má tá sí tinn agad. Ní ghortóchadh na clocha í, dhá mbeadh sean-stráca a' bith uirre.
Is caol liom é as a chaol-druim, le 'bheith in a charuidhe mhaith. Cuirfe mise geall leat go mbuailfe tú fút gan stróbh é, ach an druím a fháisceadh aige.
+
→
buinne 1
Fáisc buinne tónach air, a's beidh sé ceart.
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir go bhfáiscfeadh an buinne sin aríst dhá gcuirtheá an tubán in uisce. D'atfadh a' t-uisce é.
Níl a dhath maitheasa dhuit tairngí a chuir innte. Eireocha sí aríst. Níor mór stuádháil nó buinne a chuir isteach faoi'n tosach, le na choinneál fáiscthe síos.
→
anó
As an anshógh a fáisceadh a leath sin = ní bhfuaireadar ariamh ná a muínntear rompa(b) ach ocras agus ángar.
→
feidheal
Tháinig feidheall meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uatha ceart
→
frapa
Bhí an Loideánach leighe faoi, ach diabhal asna don aisiléirín seo thíos nach bhfáisceann frapa eile faoi, agus nach saghdann é aríst = nuair a bhí an Loideánach claonta as an achrann, shaghd an fear eile é aríst
→
istigh
Thug mé dhá láimh istigh dhó, agus shíl mé go ndéanfadh sé léitheachaí de mo thaobhanna, d'fháisc sé chomh mór sin iad.
+
Tá an droch-fháisc ann (éisc, an droch-éisc freisin); tá an droch-fháisc istigh [aige] = mí-rún nó feall, nó droch-bhraon a bheith induine, cé go mb'fhéidir nach leigfeadh sé amach é nó go dteanntaí leis
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé síodúil go leor mar sin ach tá an droch-fháisc istigh in a dheidh sin
Níor leig sé amach an droch-fháisc go deó, go dtáinig sé abhaile aríst agus gur casadh lucht na sean-síomálachaí air (deirtear droch-éisc freisin)
Sin é úll na haithne a mhic ó. Tán droch-fháisc istigh aige. Ó gach leanbh mar a hoiltear, agus gach aige mar a hábhar, adeir siad
Níl leigean amach an droch-fháisc aice, bíodh sé innte nó ná bíodh. Is mór an t-íonadh nach mbeadh muis: inín Ch. Mh., níor cheart di dual ná slis di a fhágáil amuigh
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir annseo, agus ag cur amach an droch-fháisc: rud atá ann go fairsing
Mara bhfeice muid dhá droch-fháisc muis choichín, ach an sceamhínteacht bheag sin a bhí air an oíche cheana, ní cás duinn é. Déarfaidís gur anglóir ceart é, ar a mheisce. M'anam go raibh sé bogha go maith an oíche sin, ach dheamhan thairis sin de dhochar a bhí ann, ach cead cainte a thabhairt dó. 'Ar ndú' ní móide gur beag dhuinn a thúisce!
Tá sé ag leigean amach an droch-fháisc anois = an droch-mhúineadh nó an t-olc nó an faltanas, nó an droch-oiliúint a gheobhadh duine go mbeadh sé dhá theasbánadh
→
feo
Rinne sé campa ar an muirbhigh annsin thíos, agus bhí na gasúir aige ann. Bhí go maith nó go dtáinig droch-oíche. Thug an feó uaidh an campa, agus bhí sé ag dúiseacht tithe agus é in a dhamhadh réag. Dheamhan snáth a bhí air nach bhfáiscfeá = gála; gaoth láidir (thug an t-Árannach céanna "feóchan" uirre cupla nóiméad in a dhiaidh sin)
→
fia
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luighe fia a chur air in éindigh. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dicheall duinn a choinneál cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir san gcró é, agus fáisc air nó go dtuite sé as a sheasamh leis an ocras
→
fill
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
+
→
fuin
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é (deirtear fuinneadh amanntaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) = ba í an ghadaíocht an chéad bhiadh san sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gaduithe uilig a bhí timpeall air in a óige
TUILLEADH (3) ▼
Brugh agus ding uirre: ag rádh nachar ith sí aon-bháirneach ariamh, agus gurb as báirnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aice. Is íontas nach bhfuil siad ag fás uirre féin
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon-rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabhail fhuinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní leigfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní leigfeadh sin
+
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh = duine místuama, liopastach neamh-acluithe, nach mbeadh aon- déantús maitheasa ann, ná aon-teacht aniar
TUILLEADH (9) ▼
Spriosán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
Tá sé as a chuma ar fad. Nach shin é in aon-striochlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnatha a bheadh agad dó sin in a fhear páighe! 'Ar ndú dheamhan fuinneamh ná fáscadh annsiúd len a thabhairt leat ar an bportach. Dearg-leadaí é.
Thóig sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí ro-thruaigheach. B'fhearr léithe i gcomhnaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leó
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé indon eirí faoi bheairtín féir annsin thíos inné
Bíonn a chuid éadaigh igcomhnaí gan fuinneamh ná fáscadh air = glug-glag; glugrach; iad air gan aon-chuma ná puinnteáilteacht
'Bhfuil a fhios agad céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. "Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirre" adeireadh sé. Bhídís uirre gan fuinneamh gan fáscadh
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon-pheacadh faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh ionta air thar aonduine dhá bhfaca tú